An Spáinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Reino de España
Ríocht na Spáinne
Bratach na Spáinne Armas na Spáinne
Bratach Armas
Mana: Plus Ultra
(Laidin: Tuilleadh Thall)
Amhrán náisiúnta: Marcha Real
Suíomh na Spáinne
Príomhchathair Maidrid
40°26′ Thuaidh 3°42′ Thiar
An chathair is mó Maidrid
Teangacha oifigiúla Spáinnis1
Rialtas Monarcacht Parlaiminte
Felipe VI
Mariano Rajoy Brey
Comhaontú
1492
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
504,782 km² (50ú)
1.04%
Daonra
 • Meas. ó 2005
 • Daonáireamh 2001
 • Dlús
 
43,209,511 (27ú)
40,847,371
85/km² (84ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$1,026,340 milliún (14ú)
$24,803 (29ú)
Airgeadra Euro (€)2 (EUR)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
CET3 (UTC+1)
CEST (UTC+2)
Fearann Idirlín .es
Glaochód +34
1 Labhraítear Gailísis, Catalóinis, agus Bascais mar dhara theanga oifigiúil sa cuig réigiún.
2 Roimh 1999: Peseta na Spáinne
3 Seachas na hOileáin Chanáracha - GMT an crios ama ansin.

Is tír í an Spáinn (Spáinnis: España), nó Ríocht na Spáinne go hoifigiúil (Spáinnis: Reino de España), atá suite in iardheisceart na hEorpa ar leithinis na hIbéire. Tá críocha aici freisin sa Mheánmhuir - na hOileáin Bhailéaracha - agus san Aigéan Atlantach - na hOileáin Chanáracha - chomh maith leis na bailte Ceuta agus Melilla i dtuaisceart na hAfraice. Is ball den Aontas Eorpach í. D'aontaigh an tír sa 15ú haois i ndiaidh pósadh na Monarcaí Caitliceacha agus deireadh an Reconquista sa bhliain 1492. D'fhás cumhacht na tíre. Bhí (agus tá) tionchar aici ar fud an domhain—sa lá atá inniú ann tá 500 miliún daoine ag labhairt na Spáinnise. Inniú is monarcacht bhunreachtúil í.

Tíreolas[athraigh | edit source]

Le 194,884 mi² (504,782 km²), is í an Spáinn an 51ú tír is mó ar domhan. San iarthar tá teorainn aici leis an bPortaingéil, ó dheas tá Giobráltar (réigiún de chuid na Ríochta Aontaithe) agus Maracó, (de bharr na cathracha i dtuaisceart na hAfraice; Ceuta agus Melilla). San oirthuaisceart, in aice le sliabhraon na bPiréiní, tá teorainn aici leis an bhFrainc agus Andorra. Tá na hOileáin Bhailéaracha sa Mheánmhuir, agus Na hOileáin Chanáracha san Aigéain Atlantach chomh maith. Sa Chatalóin tá baile beag timpeallaithe ag an bhFrainc, Llívia.

Tá lár na Spáinne lán le sliabhraonta agus talamh ard, mar shampla Sierra Nevada. Sna hairde seo éiríonn na haibhneacha móra; an Tagus, an Ebro, an Duero, an Guadiana agus an Guadalquivir. Tá machairí glárach ar fud an chósta, is í an Guadalquivir in Andalucía an ceann is mó sa tír.

Réigiúin na Spáinne[athraigh | edit source]

Is í Maidrid príomhchathair na tíre. Tá sí lonnaithe i gceartlár na leithinse. Is í Barcelona an dara chathair is mó sa tír agus príomhchathair na Catalóine. Tá an tír roinnte i 17 réigiúin de réir bunreacht 1978.

Is cathracha féinrialaithe iad Ceuta agus Melilla, chomh maith.

Stair na Spáinne[athraigh | edit source]


Bratach an AE An tAontas Eorpach (AE) Bratach an AE
an Bheilgan Bhulgáiran Chipiran Chróitan Danmhairgan EastóinÉirean Fhionlainnan Fhraincan Ghearmáinan Ghréigan Iodáilan Ísiltíran Laitviaan LiotuáinLucsamburgMáltaan Ostairan Pholainnan Phortaingéilan Ríocht Aontaithean Rómáinan tSeican tSlóvaican tSlóivéinan Spáinnan tSualainnan Ungáir
Tíortha iarrthacha
an ÍoslainnPoblacht na MacadóineMontainéagróan tSeirbiaan Tuirc