Comhphobal Valencia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Comhphobal Valencia / Comhphobal Vaileinseach
Comhphobal fhéinrialaitheach na Spáinne
Comunidad Valenciana
Comunitat Valenciana
Bratach Valencia Armas Valencia
Bratach Armas
Suíomh Valencia
Tír An Spáinn
Príomhchathair Valencia
Teangacha oifigiúla Spáinnis, Vaileinsis
Aintiún Himno de la Comunidad Valenciana
Rialtas
 • Uachtarán

Francisco Camps (PP)
Achar
 • San iomlán
 
23,255 (8ú) km²
Daonra
 • San iomlán
 • Dlús
 • Céatadán
 
5,029,601 (4ú)
216.3/km²
10.6% den tír
Parlaimint
 • Suíocháin Comhdhála
 • Suíocháin Seanaid
 
33 (as 350)
17 (as 264)
Láithreán Suíomh gréasáin

Is Comhphobal féinrialaitheach í an Comhphobal ValenciaComhphobal Vaileinseach (Catalóinis: Comunitat ValencianaPaís Valencià, Spáinnis: Comunidad Valenciana) in oirthear na Spáinne. Ta sé suite idir dhá abhainn; an Sénia agus Segura, tá cósta 518 cileméadar aici ar an Méanmhuir, le achar 23,255 cm² agus 4.5 miliúin daoine ina chóanaí ann (ca. 2004). Déanann Valencia riaracháin ar na hoileáin Columbretes agus Nova Tabarca freisin. Tá na teorain seo beagnach mar an gcéanna le teorain an Ríocht Stáiriúl Valencia.

Stair[athraigh | edit source]

Tháinig Ríocht Valencia i bhfeidhm sa 13ú aois. Bhí Séamas "Concar" I i gceannas ar airm Catalónach agus Aragóineach, le cóilíniú a dhéanamh ar na taifa muslamach, Valevia agus Dénia. Ó shin ar aigheadh bhí Ríocht Valencia mar tír neamhsplachas i Cónaidhm coróin na hAragóine, go dtí 1707, nuair a tháinig an céad Rí Bourbónach de Castilla agus na hArahóine. Fuair sé réidh leis an mbunracht agus le hinstitiúidí na ríochtanna beaga, a chuid dlíthe agus teangacha. Chuir se gach rud faoi chois an Stáit lárnach Ríocht na Spáinne. Rinneadh iarracht le neamhsplachas a baint amach don tír, i rith Dara Poblacht na Spáinne sa bhliain 1936 ach bhris an Chogadh Cathrach amach. Le déanaí tá aitheantas oifigiúl aici mar náisiún, i ndiadh leasaithe ar Reacht Féinriailiú Valencia.

Forograíonn Reacht Féinriailiú Valencia gur Spáinnis agus valencià na teangacha oifigiúil. Cé go ndeireann Bunracht na Spáinne go bhfuil labhairt an Spáinnis riachtanach ar fud na Spáinne tugann an reacht stádas cosaint speisialta don teanga toisc go mbaineann an teanga le Talún na Valencia. (llengua pròpia).

Is mar an gcéanna iad Bratach Tír Valencia agus an Chathair Valencia. Go stáiriúl tagann sé ón senyera, comhartha do Rí na hAragóine, a úsáidtear sa Chatalóin sa lá ata inniú.

Cúigí agus Cathair tábhachtach[athraigh | edit source]

Bárr Túr Serran, le Bratach Valencia ag séideadh sa ghaoth.

Go traidisiúnta roinneadh an talamh ina "comarques", agus sa bhliain 1883, cósúil leis an tír ar fad, roinneadh é ina cúigí. Tá 32 comarques, agus 3 chúige: Castelló, València, agus Alacant.

  • València (Spáinnis: Valencia), daonra 796,549, príomhchathair an chúige leis an ainm céanna suite ar an abhainn Turia. Tá féile cháiliúil an Fallas ar Martá 19.
  • Ta Alacant (Spáinis Alicante), daonra 319,380, príomhchathair leis an ainm céanna, suite ar chósta na Meánmhara. Tá sé cáiliúl toisc na chnónna crua nó turrón duro (valenciano: torró dur) agus Postiguet, Albufereta agus tráthanna San Joan. Ta an féilre cáiliúil leis na tinte chnámh de San Joan i mí Meitheamh. Tá a halla cathrach agus caisléain Santa Barbara mar séadchomharthaí stáiriúl.
  • Tá Elx (Spannis Elche), daonra 215,137, cáiliúl don adhmaid óna crainn pailme (darbh ainm Palmeral), agus don Misteri d'Elx, féile thar dhá lá le canadh agus dramaíocht mar shampla, dramaí mar gheall ar Deastógáil na Maighdine Muire.
  • Castelló de la Plana (Spáinnis Castellón de la Plana), daonra 167,455, príomhchathair an chúige Castelló.
  • Torrevella (Spáinnis Torrevieja), daonra 84,348, sa deisceart, áit thábhachtach ó thaobh na tuarasóireachta lena lán ostán agus arasán, tá trá La Mata Beach ann freisin.
  • Gandia, daonra 77,943, áit eile thábhachtach ó thaobh na tuarasóireachta suite ar Costa del Azahar.
  • Oriola (Spáinnis Orihuela), daonra 75,009, ar abhainn an Segura, cathair stáiriúil le pálás, eaglais agus ardeaglais ar an Baix Segura (Spáinnis Vega Baja), áit a solathraíonn a lán torthaí feirme mar shampla oráistí, líomóid agus a thuille.
  • Benidorm, daonra 67,492, ionad saoire, ainmnithe Beniyork toisc an méid tithe spéire, ina measc an cheann is airde sa Spáinn, Gran Hotel Bali (52 urlair ar airde)
  • Elda, daonra 55,571, tábhachtach toisc go solathraíonn sé brógaí agis fíonsa cheantar Vinalopo.
  • Xixona (Spanish Jijona), daonra 7,494, in aice Alicante, cáiliúil do na chnónna bog nó torró de Xixona (Spáinnis turrón de Jijona).
  • Villena, daonra 34.000, freisin ait a solathraíonn brógaí agus fíon le alán séadcomharthaí stáiriúl le féiceal. Freisin féilrí de "Moros y Cristianos", an-tábhachtach don phobail Valencia.
  • Vila-real (Spánnis Villarreal), daonra 46,696, tábhachtach ó thaobh solathair ceirmeacht agus brící.
  • Bunyol (Spáinnis Buñol), daonra 9,404, cáiliúil don tomatina, troid illbailteach le a town-wide trátaí ar céadaoin dheireanach na Lúnasa.
  • Ibi, daonra 23,059, solathraíonn sé bréagann.

Aibhneacha tábhachtacha:

  • Túria (Spáinnis Turia)
  • Xúquer (Spáínnis Júcar)
  • Abhainn Segura



Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne
Flag of Spain.svg

Andalucía | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bailéaracha | An Tír Bhascach Theas | Cantabria | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Na hOileáin Chanáracha | An Chatalóin | Extremadura | An Ghailís | La Rioja | Comhphobal Mhaidrid | Murcia | Navarra | Comhphobal Valencia

Cathracha fhéinrialaitheacha na Spáinne

Ceuta · Melilla