Cogadh Cathartha na Spáinne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cogadh Cathartha na Spáinne
Cogadh Cathartha na Spáinne

"Bás Saighdiúir Dílseora," pictiúr cáiliúil de Federico Borrell García tógtha ag Robert Capa

Dáta: 17 Iúil, 19361 Aibreán 1939
Áit: An Spáinn
Toradh: Bua leis na Náisiúnaithe. Lánscor Dara Phoblacht na Spáinne. Ceannasaíocht Francisco Franco go dtí 1979
Céilí comhraic
Flag of the Second Spanish Republic.svg Dara Phoblacht na Spáinne

Flag of Russian SFSR (1918-1937).svg An tAontas Sóivéadach
Flag of the International Brigades.svg Na Briogáidí Idirnáisiúnta
Flag of Mexico (1934-1968).pngMeicsiceo

Flag of Spain (1938 - 1945).svg An Spáinn Náisiúnach

Flag of Italy.svg An Iodáil
Flag of German Reich (1935–1945).svg An Ghearmáin
Flag of Portugal.svg An Phortaingéil
Flag of the Irish Blueshirts.svg Na Léinte Gorma

Ceannasaithe
Manuel Azaña
Julián Besteiro
Francisco Largo Caballero
Juan Negrín
Indalecio Prieto
Francisco Franco
Gonzalo Queipo de Llano
Emilio Mola
José Sanjurjo
Juan Yagüe
Slua
450,000 (1938) (350 aerárthach, 200 batairí) * 600,000 (1938) (600 aerárthach, 290 batairí) *
Taismigh
~500,000[1]
* Ó The Spanish Civil War (Thomas) l.628[2]

Bhí Cogadh Cathartha na Spáinne ar na cogaí cathartha ab fhíochmhaire a troideadh le linn an fichiú haois. D'éirigh Eite Dheis na Spáinne amach i gcoinne rialtas an Frente Popular, meascán de shóisialaithe, chumannaithe agus ainrialaithe a fuair an lámh in uachtar in olltoghchán 1934. Ba shaghas ullmhúcháin do choimhlint ní ba mheasa fós é an cogadh mar bhuail na hidé-eolaíochta naimhdeacha, an Faisisteachas agus an Cumannachas, le chéile le linn na troda.

Foinse an chogaidh[athraigh | edit source]

Ba bhlianta casta iad cúig bliana an Dara Poblacht. Tháinig an Phoblacht ar an saol mar chomharba ar riailréim Primo de Rivera, ginearál airm, a bhí i gcumhacht ó 1923 go 1930. Tar éis na dtoghchán áitiúil in Aibreán 1931, ghlac an eite chlé seilbh ar an rialtas. Níor chuir tacaithe an Rí Alfonso XIII i gcoinne na bpoblachtánaithe agus bunaíodh an Dara Poblacht. Theith an rí ón Spáinn. Ag an am bhí páirtí láir láidir ann a bhí in ann an chumhacht a chothromú idir an dá thaobh. Ach, de réir a chéile chaill an páirtí láir a chumhacht agus tharla polarú polaitiúil sa tír. Le bunú na Poblachta, thosaigh an eite chlé, a raibh an lámh in uachtar acu tar éis olltoghchán 1931, ar athruithe móra sóisialta a chur i bhfeidhm. Ba é an páirtí sóisialach, an PSOE, an páirtí ba mhó sa pharlaimint. Tugtar an Bienio Progresista nó an dá bhliain forásacha ar na blianta tosaigh seo. Ach ní raibh sé éasca na hathruithe go léir a chur i gcrích go tapaidh agus d'éirigh an pobal mí-shuaimhneach. D'éirigh scataí ainrialacha amach i gcoinne an rialtais i 1934 agus cuireadh faoi chois iad go neamhbháúil. Thit an rialtas as a chéile agus bhí olltoghchán eile ann a chuir an eite dheis i gcumhacht.

Tosach an chogaidh[athraigh | edit source]

Ar an 12 Iúil 1936 thóg grúpa míleataithe cléacha ceannaire an fhreasúra, Calvo Sotelo, amach as a theach agus lámhaigh siad é, mar dhíoltas ar dhúnmharú leifteanant cléach, José Castillo. Rinne siad iarracht ceannaire eile na heite deise, José María Gil-Robles, a mharú ach níor éirigh leo é a ghlacadh. Ar an 17 Iúil d'éirigh an t-arm amach i gcoinne an rialtais. Is le linn na laethanta casta seo an a tharla marú Federico García Lorca, an file clúiteach, i nGranada. Bhí an tír scartha idir an rialtas agus na réabhlóidithe agus tharla slad ar an dá thaobh.

Bhí rialtas na poblachta tar éis an ginearál Francisco Franco a ruaigeadh as an mór-thír mar bhí imní orthu roimhe - bhí sé tar éis stailc mhianadóirí i dtuaisceart na tíre a chur faoi chois go fuilteach i 1934. Bhí sé i gceannas ar arm na hAfraice agus bhí a cheannfort aige i gcathair Melilla, ceantar Spáinneach, i dtuaisceart na hAfraice. D'éirigh le Franco a chuid trúpaí a chur trasna na farraige ar eitleáin le cabhair ó Luftwaffe na Gearmáine, a sheol Hitler i ndiaidh an éirí amach. Ghlac sé seilbh ar dheisceart na tíre agus thosaigh sé ag druidim i dtreo Mhaidrid. Bhí léigear ar an gceannfort nó Alcázar ar siúl i gcathair Toledo, áit a raibh grúpa beag náisiúnaithe ag seasamh an fhóid i gcaisleán i gcoinne fhórsaí an rialtais. Ba shaghas siombail den éirí amach é do na náisiúnaithe an Alcázar agus bheartaigh Franco dul i gcabhair orthu agus glacadh Mhaidrid a chur ar athló. Thóg na réabhlóidithe mianadóirí ó Asturias i dtuaisceart na tíre isteach chun buamaí a chur isteach faoin gcaisleán, an iarracht dheireanach chun na cosantóirí a chloí. Cé gur phléasc na buamaí is gur thit cuid den chaisleán, ní raibh na hionsaitheoirí in ann na fothracha a thógáil. Chuir Franco deireadh leis an léigear ag deireadh Mheán Fómhair. Rinneadh ceannaire aonair de is rinne sé an chuid is mó den bhua seo chun na fórsaí náisiúnacha a spreagadh.

An staid i Lúnasa/Meán Fomhair 1936

Cath Mhaidrid[athraigh | edit source]

Le linn an chatha, chuir rialtas na poblachta a chuid óir ón phríomhchathair chuig Valencia. Tháinig Stailín isteach le cabhair ollmhór don rialtas agus íocadh as le hór bhanc ceannais na Spáinne. Tugtar ór Mhoscú ar an eachtra seo. Ba bhuntáiste mór é seo do na faisistí, mar ní raibh an bhrú céanna orthu íoc as an tacaíocht a fuair siadsan ón Iodáil agus ón Ghearmáin.

1937[athraigh | edit source]

  • Thit cathair Málaga i mí Eanáir do na náisiúnaithe.
  • Titeadh an dTuaiscirt, slad Guernica i mí Aibreán.
  • Bealtaine - cogadh cathartha na dílseoirí i mBarcelona idir na hainrialaithe agus an POUM ar taobh amháin is na cumannaithe agus fórsaí an rialtais ar an taobh eile.
An staid i Samhain 1938

1938[athraigh | edit source]

  • Márta - ionsaí náisiúnach ar an bhfronta Aragón

1939[athraigh | edit source]

  • cath an Ebro, titim na Catalóine, Negrín, ceannaire cumannach
  • an chéad Aibreán 1939 bua na náisiúnaithe fógraithe ag Franco.

Príomhphearsanra an chogaidh[athraigh | edit source]

I measc phríomhphearsanra an chogaidh, bhí Buenaventura Durruti, an ceannaire ainrialach a fuair bás i gcath Mhaidrid. Bhí aithne ar Dolores Ibárrurila Pasionaria, ceannaire cumannach, ar fud an domhain, mar gheall ar a hóráidí ar son an rialtais.

Eachtrannaigh sa chogadh[athraigh | edit source]

Óglaigh Pholannacha sna BI

Sheol na deachtóirí faisisteacha, Mussolini agus Hitler, forsaí chuig an Spáinn ón Iodáil is ón Ghearmáin. Tar éis ór bhanc ceannais na Spáinne a fháil ar an 16 Meán Fómhair, chuir Stailín tús le idirghabháil an-mhór de fhorsaí Sóivéadacha. D'fhógair rialtais daonlathacha na hEorpa polasaí frith-idirghabhála sa chogadh. Bhí rialtas sóisialach i geannas sa bhFrainc faoi Léon Blum ach bhí faitíos orthu cúnamh a thabhairt don rialtas Spáinneach ar eagla go leathnódh an choimhlint go dtí a dtír féin, mar gheall ar an teorainn leis an Spáinn. Cuireadh muintir an eite clé ar fud an domhain na Briogáidí Idirnáisiúnta le chéile mar gheall ar an easpa cabhrach ón Bhreatain is ón bhFrainc. Maidir le hÉirinn, thaistil fir óga ón oileán ar fad chuig an Spáinn le troid sna Briogáidí Idirnáisiúnta, daoine ar nós iar-óglach an IRA, Frank Ryan. Ar an dtaobh eile, chuaigh grúpa ó na Léinte Gorma faoi cheannas an ghinearáil Eoin O'Duffy go dtí an Spáinn chun cabhrú le fórsaí Fhranco.

Tá rian an chogaidh ar shochaí na Spáinne le mothú fós.

Litríocht an chogaidh[athraigh | edit source]

Bhí tionchar nach mór ar litríocht na linne ag an gcogadh. Ghlac scríbhneoirí ar nós George Orwell agus Ernest Hemingway páirt sa troid, an bheirt acu ar thaobh na poblachta. Scríobh Orwell ceann dá leabhair is cailiúla, Homage to Catalonia, faoina thaithí féin agus é ag troid ar fhronta Aragón le grúpa marcsach, an POUM. I réimse an cheoil, tá aithne ar amhráin ilghnéitheacha ar nós Viva la Quinta Brigada, a scríobh Christy Moore agus If you Tolerate This ó na Manic Street Preachers

Scannánaíocht[athraigh | edit source]

  • Scannán bunaithe ar leabhar Hemingway For whom the Bell Tolls (1940)
  • Land and Freedom (1995) ón stiúrthóir Briotanach Ken Loach

Staireagrafaíocht[athraigh | edit source]

  • Hugh Thomas, The Spanish Civil War (1961).
  • Ian Gibson, La represión nacionalista de Granada en 1936 y la muerte de Federico García Lorca (1971).
  • Paul Preston, La Guerra Civil (2000).

Nótaí[athraigh | edit source]

  1. Tá easaontas faoi thionchar an chogaidh; go ginearálta meastar go maraíodh idir 500,000 agus 1 milliún. Thar na blianta íslíodh na figiúirí agus is léir ó taighde comhaimseartha go bhfuil 500,000 an figiúr is fearr. Hugh Thomas, The Spanish Civil War (2001), pp. xviii & 899–901.
  2. Hugh Thomas, The Spanish Civil War (1961) ISBN 0-671-75876-4 leathanach 628