Caisleán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Caisleán Bhaile Átha Troim, i gContae na Mí: An caisleán is mó in Éirinn
Caisleán Szczecin, an Pholainn

Is féidir an caisleán a shainmhíniú mar "áit chónaithe dhaingnithe an tiarna agus a lucht leanúna": sin é le rá, baineann idir chúrsaí sóisialta agus chúrsaí ailteoireachta leis. Is féidir leis an gcaisleán an fód a sheasamh i gcoinne ionsaí díreach nó imshuí, agus ní hionann é agus an "teach daingnithe". Seasann an caisleán don tiarnas áitiúil, agus ligeann sé don tiarna smacht a chur ar bhunadh na háite.

Nuair a tógadh na chéad chaisleáin san Eoraip timpeall na bliana 1000 bhí baint acu le sochaí de shaghas áirithe: an córas feodach. Chuaigh an stát Cairilínseach i léig agus rinneadh rud réigiúnach den chumhacht (an feodú), rud ba chúis le coimhlint idir tiarnaí móra agus beaga agus le saol achrannach dá bharr. Tháinig a lán údarás réigiúnach agus áitiúil ar an bhfód agus gá acu le díormaí armtha; ón deichiú haois amach bhí an Eoraip breac le caisleáin dá bharr. Dá láidre iad na prionsaí is ea is lú a tógadh na caisleáin, ach nuair a bhí an chumhacht úd lag chuaigh na háiteanna daingnithe i líonmhaireacht. Sna críocha Gearmánacha, mar sin, áit ar fhan an tImpire tréan anuas go dtí an 13ú haois, bhí moill ar leathadh na gcaisleán go dtí an 12ú haois; ach i lár agus in iarthar na Fraince, áit nach raibh údarás ag an Rí agus a raibh lámh na nDiúc agus na gcuntaí lag go leor, tháinig borradh faoi na caisleáin measartha luath (uaireanta ó dheireadh an 9ú haois). Ón 13ú haois amach cuireadh srian leo de bharr neartú na cumhachta ríoga.

Ní bheadh an t-údarás céanna ag gach tiarna ná caisleáin den saghas céanna acu. Na prionsaí agus na cuntaí, daoine a mbeadh leathantas mór talún faoina smacht acu, thógaidís caisleáin mhóra dá réir le haghaidh a gcuid ridirí, saighdiúirí agus feidhmeannach. Chaithfeadh an tiarna beag a bheith sásta le túr, le teach daingnithe nó le múr féin. Ach dhéanfadh na prionsaí féin a gcuid tailte a threisiú le hionaid bheaga dhaingnithe, agus scata beag fear iontu lena gcosaint. Ar an taobh eile, d'fhéadfadh miontiarnaí éigin caisleán breá a thógáil le brabach creiche nó cíosa. Uaireanta bheadh clúid dídine ann do mhuintire na háite. Níorbh í cosaint na ndaoine ba chuspóir do na tiarnaí agus dá gcuid caisleán, áfach, ach cothú na cumhachta.

Ó thús an 13ú haois amach is mó ná riamh an lámh a bhíonn ag na "hinnealtóirí" i dtógáil na gcaisleán. Go dtí sin ba ghnách áit oiriúnach a fháil mar arbh fhéidir dul i muinín neart na múr. Is éard a bhí mar thoradh ar shaothrú na hailteoireachta míleata (rud a raibh baint aige le teacht chun cinn na n-inneall imshuí) gurbh fhéidir caisleán a thógáil ar láithreán ar bith, beag beann ar dhreach na tíre, agus os a chionn sin gurbh fhéidir caisleáin níos galánta a thógáil.

Bhí na tithe daingnithe ann fós, iad tógtha ag na miontiarnaí agus éagsúlacht ag baint leo de réir an réigiún, na haimsire agus dul chun cinn i gcúrsaí míleata.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na Chéad Chaisleáin Mheánaoiseacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an clós múrtha nó daingnithe an chéad saghas “caisleáin” agus bhí sé le fáil ar fud na hEorpa. Is éard a bhí ann clós ar ros, port cré ina thimpeall, sonnach tógtha ar bharr an phoirt agus an chré féin bainte aníos as díog. Bheadh an bealach isteach cosanta ag túr. Bhain tiarnaí na Normainne an-fheidhm as an gclós múrtha anuas go dtí an 11ú haois.

Tar éis an chlóis úd tháinig móta agus bábhún: mullóg agus túr ar a bharr, sonnach ina thimpeall agus díog nó “móta” amuigh. Tógadh na chéad chinn sa ré Chairilíneach idir an Réin agus an Loire. Ansin tosaíodh á dtógáil i dtuaisceart na hEorpa, sa Danmhairg sa 12ú haois agus lastoir den Eilbe sa 13ú haois.[1] I sean-Fhraincis déanann an focal “motte” tagairt don mhóta agus don mhullóg araon, agus b’fhearr, mar sin, an abairt “mullóg agus bábhún” a úsáid.

Bhí na daingin seo ó 50 méadar go 200 méadar trasna agus ó 10 go 60 méadar ar airde.[2] Is minic a rinneadh an mhullóg d’aonghnó, cé gurbh fhéidir feidhm a bhaint as mullóg nádúrtha, agus uaireanta chuirfí sruth ar mhalairt slí chun an díog a líonadh. Bheadh droichead crochta ó fhrithbhalla na díge anonn thar thúr adhmaid geata chun barr na mullóige.[3] B’fhéidir nach mbeadh ann ach an mhullóg lom, ach ba mhinic daingean ar a bharr.[4] Uaireanta thógfaí an mullóg ar sheanchaisleán nó ar sheanhalla, agus dhéanfaí áiteanna stórais nó carcair de na seanseomraí thíos faoi dhaingean nua.[5]

Bheadh an tiarna ina chónaí sa daingean ar bharr na mullóige nó thíos sa chlós. Ba ghnách a leithéid de dhaingean a dhéanamh d’adhmad ar dtús agus cúpla urlár ann, b’fhéidir, le haghaidh seomra cónaithe agus áit stórais. Sa chlós bheadh tithe, botháin agus stáblaí le fáil. De réir a chéile agus de réir mar ab fhéidir, thógfaí daingean cloiche.

Daingean cruinn de chuid na Fraince (Château-de-Gisors) agus múr ard ina thimpeall ar mhullóg shaorga.

Caisleáin Chloiche[cuir in eagar | athraigh foinse]

Anuas go dtí an 12ú haois gheofá caisleáin chloiche in éineacht le caisleáin chré agus adhmaid,[6] ach ina dhiaidh sin is iad na caisleáin chloiche a tháinig chun tosaigh. Mar sin féin, ní raibh an saghas eile gan feidhm; baineadh úsáid as caisleáin éigin adhmaid ar feadh i bhfad, agus sa 15ú haois bhí caoi á coinneáil fós ar chaisleán adhmaid de chuid Owain Glyndŵr ag Sycharth sa Bhreatain Bheag, caisleán a tógadh sa 11ú haois.[7][8]

Sa chuid dheireanach den 12ú haois tháinig athrú ar dhealramh na gcaisleán. Roimhe sin bheadh súil agat le beagán túr, bealach isteach ann gan gheata crochta, agus daingean mór istigh nach mbeadh scoilteanna saghead ann. Bheadh an caisleán curtha in oiriúint do luí na talún, rud a d’fhéadfadh cruth neamhchothrom a fhágáil air.[9] Faoi thús an 13ú haois bheadh súil agat le caisleán polagánach, agus túir suite ag na cúinní le haghaidh lámhach leatrasna. Sheasfadh na túir amach ó na múrtha agus scoilte saighead le fáil iontu ag gach leibhéal. Ní bheadh daingean mór ann i gcónaí, de bharr an chostais, b’fhéidir, ach bheadh slí chónaithe sna túir mhóra. Dá mbeadh daingean ann bheadh sé cruinn nó polagánach. B’fhusa an bealach isteach a chosaint, agus dhá thúr leathchruinne ar gach taobh de a mbeadh pasáiste eatarthu thuas. Bheadh geata crochta nó dhó ann freisin.[10]

Caisleáin Chrosáideacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis an Chéad Chrosáid bunaíodh a lán stát nua san Mheán-Oirthear: prionsacht Aintíoch, Ríocht Iarúsailéim, Contae Eideasa, Contae Tripilí. Na Crosáidithe a bhunaigh iad sin thóg siad caisleáin lena gcumhacht a dhaingniú, caisleáin ar dhear saoir Shíreacha iad. Bhí cuma chearnach orthu agus bhí túir chearnacha ag gach cúinne nár sheas amach mórán ón imbhalla.[11]

Caisleán mór comhlárnach de chuid na gCrosáidí: Krak des Chevaliers. Dhá imbhalla arda ina thimpeall, ceann acu laistigh den cheann eile.[12]

Sa chéad chuid den 13ú haois ba iad na oird mhíleata (ar nós na Ridirí de Spidéilirí, Mna dTeamplóirí agus na Ridirí Teotanacha) ba mhó a thóg caisleáin sna stáit nua. Iadsan a bhunaigh Krak des Chevaliers, Margat agus Belvoir. Níor chosúil na caisleáin úd le chéile ach amháin sa mhéid gur ghnách leo múrtha comhlárnacha a bheith acu.[13] Ní ar dhaingean lárnach a bheadh an lucht cosanta ag brath ach ar mhúrtha a bhí suite os cionn a chéile chun gurbh éigean don namhaid an bhearna bhaoil a chur díobh idir an chéad imbhalla agus an dara ceann.[14]

Rinneadh aithris ar na caisleáin úd san Eoraip: nuair a thóg Éadbhard I Shasana (iarChrosáidí) ocht gcaisleán sa Bhreatain Bheag sa chuid dheireanach den 13ú haois, mar shampla, bhí ceathrar acu ina gcaisleáin chomhlárnacha.

Tugadh rudaí nua eile isteach. San Oirthear ba mhinic scoilte saighead sna himbhallaí ag gach leibhéal, rud nár thaitin mórán le saoir an Iarthair toisc gur shíl siad go bhféadfadh a leithéid na múrtha a lagú; ach rinneadh athchomhairle le linn Éadbhard I.[15] Is dócha freisin go bhfuarthas na poill lámhaigh mar iasacht ón Oirthear, áit a raibh siad le fáil le fada an lá.[16]

Tógáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá mórán le foghlaim ó Thaipéis Bayeux faoi dhaingin na luathmheánaoiseanna - mullóga agus bábhúin - cé go bhfuil a lán eolais eile le fáil fós ó thaighde seandálaíoch. Is léir ar aon chuma nár dheacair iad a thógáil: thabharfaí meitheal le chéile, shocrófaí leagan amach na mullóige, agus chuirfí daoine ag tochailt agus ag carnadh cré. Ní raibh gá le saineolas, agus b'fhurasta sonnaigh agus foirgnimh a atógáil ach adhmad a bheith le fáil.

Meastar go dtógfadh sé timpeall 40 lá ar thimpeall 50 duine gnáthmhullóg a thógáil. Bhí cuid acu níos daoire ná a chéile: tógadh mullóg agus bábhún i gCluain Eois sa bhliain 1211 ar £20, costas mór, toisc gurbh éigean sclábhaithe a thabhairt isteach chuige.[17]

Ní nach ionadh, ba dhaoire go mór caisleán cloiche ná daingean cré agus adhmaid. Chosnódh caisleán beag féin, ar nós Chaisleán Peveril, timpeall £200; chosain Caisleán Orford, áit níos mó, £1,400 nuair a tógadh é sa dara cuid den 12ú haois; bhí costas an-mhór ag gabháil leis na caisleáin ba mhó, ar nós Chaisleán Dover, áit a chosain timpeall £7,000 idir na blianta 1112 agus 1191.[18] Bheadh sé d'acmhainn ag an gCoróin an t-uafás a chaitheamh, mar a tharla nuair a tógadh Château-Gaillard ar chostas idir £15,000 agus £20,000 nó mar sin idir na blianta 1196 agus 1198, ach rachadh sé rite le tiarna beag caisleán fónta a thógáil agus b'éigean an pinginí a choigilt chuige.

Túr cruinn agus scafaill air. Tá poill ann mar a raibh na scafaill roimhe sin.

Thógfadh sé beagnach deich mbliana caisleán cloiche a chríochnú, agus bheadh ar an tiarna an costas a sehasamh ar feadh an ama. Níor mhór an teacht isteach óna lán mainéar (idir £1,000 agus £10,000) a chaitheamh ar chaisleán mór sa 12ú haois, agus níor lú an costas sa 13ú haois. Chaith Éadbhard I £80,000 idir na blianta 1277 and 1304 ar chaisleáin sa Bhreatain Bheag, agus £95,000 idir na blianta 1277 and 1329.[19].

Bhí cúiseanna maithe le costas an chaisleáin cloiche: bhí ar an tógálaí siúinéirí, saoir chloiche, gaibhne agus oibrithe eile a fhostú, ábhar tógála a fháil agus a cheannach, costas iompair a íoc, agus ba dheacair oibrithe a choinneáil dá mbeidís gan íoc.[20] Ansin b'éigean caoi agus cóir a choinneáil ar an gcaisleán agus é críochnaithe; bheadh mórán adhmaid ann agus is minic a bhíodh sé glas, i dtreo is gurbh éigean an-aire a thabhairt dó. Sa chuid dheireanach den 12ú haois chosnódh sé idir £20 and £50 in aghaidh na bliana deis a chur ar chaisleán ar nós Chaisleán Exeter.[21]

Ba é an cúram ba mheasa le tógálaí cloch a fháil, agus ba mhór an buntáiste cairéal a bheith in aice láithreach.Uaireanta bheadh cloch le baint san áit féin, mar a tharla agus a lán caisleán Francach á dtógáil - Château de Chinon, Château de Coucy agus Château Gaillard.[22]

Níorbh fhéidir na caisleáin a thógáil gan fearas a úsáid chuige, ar nós an chrann rotha coise agus an bharra. Bhí scafaill in úsáid agus iad i bhfad níos fearr ná a leithéidí sa seanreacht.[23]

Caisleáin na hÉireann (15ú-16ú haois)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an saol suaite go maith in Éirinn ón 14ú haois amach, agus is iomaí caisleán a tógadh dá bharr ar fud na tíre. Níor chaisleáin an-mhóra iad; de ghnáth ní bheadh iontu ach daingean ceithre hurlár no mar sin agus bábhún ina thimpeall. Bhí éagsúlacht éigin ag baint leo d'ainneoin na cosúlachta a bhí eatarthu i ngeall ar a leagan amach, agus baint ag an scéal le toil an tiarna, le cuspóirí an tógálaí agus le luí na talún. Is minic a tógadh caisleán cois abhann, agus bhí roinnt acu le fáil cois farraige, go háirithe i gCúige Connacht. Is léir ó chuntais an 17ú haois nach mbíodh flúirse troscáin iontu, cé nach mbídís gan só eile - tine agus deoch.[24]

De réir a chéile a thógtar na caisleáin

—Seanfhocal

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Jean-Pierre Babelon (eag.), Le Château en France, lch 21
  2. Gauvard, lch 144
  3. Cathcart King, 1988, lgh 55-56
  4. Friar, 2003, lch 214
  5. Barthémely, 1988, lch 397
  6. Allen Brown,2004, lch 13
  7. Friar, 2003, lch 215
  8. Norris,2004, lgh 122–123.
  9. Cathcart King, 1988, lch 77
  10. Cathcart King, 1988, lgh 77-88
  11. Cathcart King, 1988, lch 80
  12. http://whc.unesco.org/en/list/1229
  13. Cathcart King, 1988, lch 83
  14. Friar, 2003, lch 77
  15. Cathcart King, 1988, lch 84
  16. Cathcart King, 1988, lgh 84-87
  17. McNeill, 1992, lgh 39-40
  18. McNeill, 1992, lgh 41-42
  19. McNeill, 1992, lgh 42–43
  20. McNeill, 1992, lch 42
  21. McNeill, 1992, lgh 41-42
  22. Erlande-Brandenburg, 1995, lch 104
  23. Erlande-Brandenburg, 1995, lgh 121-126
  24. Féach MacLysaght, 1979

Liosta Leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Barthélemy, Dominique, 'Civilizing the fortress: eleventh to fourteenth century,' A History of Private Life, Volume II: Revelations of the Medieval World, eag. Georges Duby, 1988, Belknap Press, Harvard University, lgh 397–423. ISBN 978-0-674-40001-6
  • Cathcart King, David James, Catellarium Anglicanum: An Index and Bibliography of the Castles in England, Wales and the Islands. Volume I: Anglessey–Montgomery. Kraus International Publications, 1983. ISBN 0-527-50110-7
  • Cathcart King, David James, The Castle in England and Wales: an Interpretative History, Croom Helm, London, 1988. ISBN 0-918400-08-2
  • Coulson, Charles, 'Structural Symbolism in Medieval Castle Architecture,' Journal of the British Archaeological Association , Volume 132, 1979, London, British Archaeological Association, lgh 73–90
  • Coulson, Charles, 2003, Castles in Medieval Society: Fortresses in England, France, and Ireland in the Central Middle Ages, Oxford University Press, Oxford. ISBN 0-19-927363-4
  • Dinkel, René, L'Encyclopédie du patrimoine (Monuments historiques, Patrimoine bâti et naturel - Protection, restauration, réglementation. Doctrines - Techniques - Pratiques), éditions Les Encyclopédies du patrimoine, 1997, Paris. ISBN 2-911200-00-4. Chapitre II Lumières sur les pierres, lgh 33-51, Notices Centre d'étude des châteaux forts, lch.471-473, agus Château fort, lgh 541-542
  • Duffy, Christopher, Siege Warfare: The Fortress in the Early Modern World 1494–1660 , London, Routledge & Kegan Paul. ISBN 0-7100-8871-X
  • Gies, Joseph & Gies, Frances, Life in a Medieval Castle, 1974, New York, Harper & Row. ISBN 0-06-090674-X
  • Higham, Robert & Barker, Philip, Timber Castles, London, B. T. Batsford, 1992. ISBN 0-7132-2189-4
  • Liddiard, Robert, 2005, Castles in Context: Power, Symbolism and Landscape, 1066 to 1500, Windgather Press Ltd, Macclesfield. ISBN 0-9545575-2-2
  • McNeill, Tom, 1992, English Heritage Book of Castles , London, English Heritage and B. T. Batsford. ISBN 0-7134-7025-9
  • MacLysaght, Edward, Irish Life in the Seventeenth Century, Irish Academic Press, 1979 (athchló). ISBN 0-7165-2343-4, 9780716523437
  • Mesqui, Jean, Châteaux et enceintes de la France médiévale, éditions Picard, volume 1, Les organes de la défense, Paris. ISBN 2-7084-0419-9
  • Mesqui, Jean, Châteaux et enceintes de la France médiévale, éditions Picard, volume 2, La résidence - les éléments architecturaux, Paris. ISBN 2-7084-0444-X
  • Nicholls, K.W., Gaelic and Gaelicized Ireland in the Middle Ages, Lilliput Pty Ltd, 2004 (athchló). ISBN 1-84351-003-0
  • Smail, R.C., The Crusaders in Syria and the Holy Land, 1973, Thames and Hudson, London. ISBN 0-500-02080-9
  • Thompson, Michael, The Decline of the Castle, Cambridge, 1987, Cambridge University Press. ISBN 0-521-32194-8
  • Salch, Charles-Laurent, Dictionnaire des châteaux et fortifications de la France au Moyen Âge, éditions Publitotal, 1978, athchló 1991, Strasbourg. ISBN 2-86535-070-3. Une vision d’ensemble de l’architecture castrale.
  • Schweitz, Daniel, Châteaux et forteresses du Moyen Âge en Val de Loire (Touraine, Anjou, Berry, Orléanais, Vendômois', marche bretonne), éditions CLD, La résidence - les éléments architecturaux, 2006, ISBN 978-2-85443-490-3