Éadbhard I Shasana

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Éadbhard I
Rí Shasana, Tiarna na hÉireann agus Diúc Aquitaine
Gal nations edward i.jpg
Réimeas 16 Mí na Samhna 1272 – 7 Iúil 1307
Dáta breithe 17 Meitheamh 1239
Áit bhreithe Pálás Westminister, Londain
Dáta báis 7 Iúil 1307
Áit bháis Burgh by Sands, Cumberland
Réamhtheachtaí Anraí III
Comharba Éadbhard II
Rítheaghlach Plantagenet
Céile Eleanor Castile (1254–1290)
Marguerite na Fraince (1299–1307)

Bhí Éadbhard I (17 Meitheamh 12397 Iúil 1307) ina rí ar Shasana ó 1272 go 1307. Tháinig sé i gcomharbacht ar a athair Anraí III. Longshanks (Cosa fada) an leasainm coitianta a bhí air, mar gur fear ard a bhí ann. Ba é an rí Sasanach a rinne gabháil ar an mBreatain Bheag faoi dheireadh agus a rinne iarracht Ríocht na hAlban a ghabháil chomh maith, cé gur theip air san iarracht sin. Tháinig a mhac Éadbhard II i gcomharbacht air.