Daingniú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cuntas ón Cyclopaedia (1728) ar na daingnithe.

Is éard is daingniú ann ná áit a threisiú lena cosaint ar ionsaí míleata.

Bunphrionsabail[athraigh | edit source]

Daingean de chuid Phoblacht Genoa in Sudak san Úcráin.

Tá dhá chuspóir ag gabháil leis an daingniú:

  • Constaicí a chur roimh an namhaid chun go gcuirfí moill orthu;
  • Foscadh a thabhairt do na cosantóirí trí dhídean thathagach a sholáthar nó tríd an namhaid a chur amú.

Stair[athraigh | edit source]

Is dócha gur baineadh úsáid as na daingnithe sa chéad dul síos chun sráidbhailte a chosaint. I lár na hEorpa thógadh na Ceiltigh “oppida” – bailte daingnithe ar fhág múrtha na Meánmhara a rian orthu, más fíor.

Léaráid de dhaingean Buhen san Éigipt timpeall na bliana 1800BC.

Chuir na brící pluda ar chumas daoine múrtha arda a thógáil agus daingniú de shaghas nua a chleachtadh. Tharla seo ar dtús i gceantair mhéithe an mheánoirthir, áit ar lig an córas sóisialta mórán oibrithe a choinneáil i mbun tógála ar feadh i bhfad agus ar tháinig ríochtaí cumhachtacha i dtreis dá bharr. Sna bólaí sin a tógadh na chéad chathracha móra múrtha.

Bhain na hAsaírigh feidhm as na sluaite sclábhaithe chun páláis, teampaill agus múrtha a thógáil. [1] Tá Uruk, áit i Sumar na Measpatáime, ar na cathracha múrtha is ársa. Roimhe sin bhí múr timpeall chathair (nó phrótachathair) Ireachó chomh luath le hocht míle bliain RCh. Thóg na sean-Éigiptigh daingin ar theorainneacha Ghleann na Níle.

Bhí bailte daingnithe le fáil i nGleann na hIndia. Faoin mbliain 3500 RCh bhí na céadta bailte beaga ar an tuilemhá, agus a lán acu daingnithe.[2] Tháinig seandálaithe ar mhúrtha agus ar urdhúnta brící in Mundigak (c. 2500 BC) in oirdheisceart na hAfganastáine.[3]


An Seanreacht[athraigh | edit source]

Leagan atógtha de thúr faire Rómhánach (speculavigilarium) san Ísiltír. Bheadh múr agus díog timpeall a leithéide fadó.

I nGréig na réamhstaire bhí múrtha móra á dtógáil – féach na múrtha Mícéineacha agus na clocha ollmhóra atá iontu. Níos déanaí thóg an Ataen na Múrtha Fada – múrtha comhthreomhara a chuaigh chomh fada le calafort Phiréas.

Chum na sean-Ghréagaigh agus na Rómhánaigh modhanna nua léigir, agus cumadh airm nua ar nós an chatafailt, an bhailiste agus an túr léigir. Chun imshuí den saghas sin a chur i gcrích b’éigean ullmhú fada a dhéanamh, agus thógfaí port (port dúbailte go minic) leis an áit a bhí faoi léigear a thimpeallú agus teacht roimh mhionruathar nó roimh arm tarrthála.

Is mór a d'fheabhsaigh na Rómhánaigh an daingniú campa. B’fhéidir leo campa daingnithe a thógáil i gceann cúpla uair an chloig le cré, le hadhmad agus le díog, agus ba dheacair é a ghabháil.

Bhí na Rómhánaigh go maith chun múrtha buana agus túir a thógáil, daingnithe a chuaigh i bhfeidhm ar innealtóirí míleata na méanaoiseanna. B’an-tiubh iad na múrtha úd agus bhíodh moirtéal iontu. Is iad na cinn is mó iomrá múrtha Áiréileacha na Róimhe agus múrtha Teodósacha Chathair Chonstaintín, in éineacht le roinnt iarsmaí in áiteanna eile. Tógadh Múr Haidriain feadh thuaisceart na Breataine le linn an Impire sin (é faoi réim AD 117—138).

Nuair a threascair na Gearmánaigh an Impireacht in Iarthar Eorpa tháinig an daingean chun tosaigh arís mar áit dídine an tiarna áitiúil, agus ní raibh an chathair mhór mhúrtha le feiceáil arís go ceann tamaill eile.

Múr Mór na Síne.

Thosaigh an daingniú sa tSín luath go leor. Sa Ríora Shang (timpeall 1600 – 1050 BC) agus ó shin amach bhí múrtha cré á dtógáil. Bhí a leithéidí ag an bpríomhchathair in Ao. Bhíothas ag tógáil múrtha cloiche i ré na Stát Eascairdiúil (481-221 BC), ach níor baineadh feidhm mhór as an gcloch go dtí Ríora Tang (618-907 AD).

Na Meánaoiseanna[athraigh | edit source]

Múrtha Ávila sa Spáinn.

Tógadh bailte móra timpeall roinnt caisleán sna meánaoiseanna luatha. Bhíodh múr agus díog ina dtimpeall de ghnáth. Ón 12ú haois amach bunaíodh na céadta bailte ar feadh na hEorpa, agus ba bheag an mhoill orthu ceart daingnithe a fháil.

Valenca sa Phortaingéil, agus radharc uirthi trasna abhainn Minho, atá ag síneadh leis an Spáinn ó thuaidh.
Daingean Ostra-Ungárach 31 (Benedykt) i nDaingean Kraków.

Bunaíodh mórán bailte móra, go háirithe in Oirthear Eorpa, mar chuid d’fhairsingiú críche i ré an choilínithe oirthearaigh (Ostsiedlung). Is furasta a leithéidí a aithint de bharr a leagain amach rialta agus a gcuid margaí móra. Bailte daingnithe ba ea iad, agus ní raibh stad acu ach ag treisiú na múrtha. Chuidigh tógáil na gcaisleán sna críocha úd le deireadh a chur le trádáil sclábhaithe (trádáil a bhí coitianta chomh déanach leis an 12ú haois): b’fhéidir leis na tiarnaí muintir na tuaithe a chosaint ar chreachadóirí.[4]

Múrtha Château-Thierry, Aisne, an Fhrainc.

Cumadh na chéad ghunnaí móra sna meánaoiseanna déanacha. Ar dtús níorbh fhearr iad ná na sean-innill léigir, ach mhéadaigh ar a n-éifeacht de réir mar a d’fheabhsaigh an déantús. D’éirigh siad níos láidre agus níos soláimhsithe, agus tháinig feabhas ar na hurchair – liathróidí cré-umha agus iarainn. Chomh maith leis sin, bhí lámhach na ngunnaí ag éirí níos tapa agus b’fhéidir na gunnaí a dhíriú ar áit áirithe chun bearna a dhéanamh i múr ar bith. Níorbh fholáir don daingniú athrú dá réir.

Chuimhnítí ar an imshuí mar chomhrac idir na gunnaí a bhí ag ionsaí an daingin agus iad siúd a bhí á chosaint. Ba é aidhm an lucht daingnithe, mar sin, buntáiste a thabhairt do ghunnaí an daingin. De réir a chéile d’éirigh na múrtha agus na túir níos ísle; tháinig feinistrí gunna in áit na gcíortha lámhaigh; agus tosaíodh ag tógáil daingnithe ar dícheangal timpeall an phríomhdhaingin chun go gcuirfí moill ar an namhaid agus gan dídean a thabhairt dóibh.

An Nua-Aois[athraigh | edit source]

Tar éis chogadh neamhspleáchais na hÍsiltíre sa 16ú haois tháinig scoil Ghearmánach daingnithe i réim. Mhol sí an claonfort mar limistéar gan dídean timpeall an daingin, agus slí chumhdaithe ann chun an claonfort a chosaint. Tháinig tábhacht nua leis an díog agus a dhá taobh treisithe le leaca, agus tháinig an t-urdhún chun tosaigh in éineacht le daingnithe eile.

Thug Jean Errard, Francach, cuntas foirmiúil ar na modhanna nua daingnithe sa bhliain 1600. Thomhais sé an t-achar ba cheart a bheith idir na daingnithe i bhfianaise raon na mionarm, agus mhol sé an lámhach trasnála. Chuir Antoine Deville agus Blaise de Pagan leis an gcomhairle seo, agus iad ag tabhairt aird ar leith ar úsáid na ndúnchlaí chun dídean agus misneach a thabhairt do na cosantóirí. Is amhlaidh gur beartaíodh prionsabal na fadchosanta, prionsabal a shaothraigh máistrí eile ar nós Vauban.

Daingean réalta Bourtange mar a bhí sé sa bhliain 1750 i gCúige Groningen, an Ísiltír.

Úsáid na nDaingnithe[athraigh | edit source]

Ní mór idirdhealú a dhéanamh idir daingnithe sealadacha (uchtbhallaí machaire agus mar sin de) agus daingnithe buana. B'éigean na cinn úd a thógáil sa chruth go gcosnófaí gach taobh díbh gach taobh eile, go dtiocfadh na daingnithe idir na cosantóirí agus urchair na naimhde, agus go scuabfadh lámhach an daingin clár iomlán an mhachaire os comhair na ndaingnithe amach.

Ag seo comharthaí sóirt na ngnáthdhaingnithe ón 16ú haois i leith:

Thógfaí carn cré nó rampar timpeall na háite a bhí le cosaint. Chuirtí na gunnaí móra agus na saighdiúirí ar an gcuid uachtarach den rampar (an terre-pleine), áit a mbíodh uchtbhalla mar chosaint, é timpeall ocht dtroigh ar airde agus finistir ghunna ann uaireanta. Taobh amuigh den uchtbhalla bhíodh díog le fáil agus í timpeall dhá throigh déag ar doimhne. Bhíodh an port rite le fáil ar an taobh istigh den díog agus é treisithe le leaca, le cliatha, le fóda nó eile; os a chomhair amach bhíodh frithbhalla ann. Lasmuigh de sin bhíodh “slí chumhdaithe” ann agus uchtbhalla idir í agus an namhaid; chuirfeadh seo ar chumas na saighdiúirí iad féin a cheilt chun mionruathar a thabhairt. Lastall de sin bhíodh claonfort ann agus é déanta i gcaoi is go bhféadfadh gunnaí an daingin an namhaid a phleancadh. Ba mhinic urdhúnta ann agus iad in ann an t-imbhalla a bhíodh eatarthu a chosaint.

Ba é Vauban, innealtóir Francach le linn Louis XIV, ba mhó a chuir tús leis an daingniú eolaíoch, agus tairbhe á bhaint aige as na hurdhúnta.

Radharc aerga ar urdhúnta ag Caisleán Siklós san Ungáir.

Sa 19ú haois tháinig daingnithe polagánacha i réim, ó síleadh gurbh iad ab fhearr a bheadh in ann ionsaí na ngunnaí móra nua a sheasamh. Bhaintí feidhm as lúba láidre sconsa seachas as urdhúnta. Cuma pholagánach a bhí ar na daingnithe, agus rampair ar thaobhanna an pholagáin. Leagan amach casta a bhí ar an gcóras cosanta seo – an “enceinte” nó limistéar daingnithe. Faoi dheireadh an 19ú haois bhí raon chomh fada sin ag na gunnaí móra gur síleadh gur den chríonnacht roinnt dúnta ar dícheangal a thógáil tamall amach ón limistéar úd.

Bhí éagsúlacht ag baint le daingnithe machaire. Orthu sin bhí an radán agus an dúnchla cosanta, ach b’éigean iad a úsáid le chéile chun lámhach cliathánach a dhéanamh. Dhéanfaí campa daingnithe le líne dúnchlaí cearnacha agus radáin sna bearnaí. Dá mbeadh práinn le dídean d’fhéadfaí trinsí éadroma a bhaint agus an chré carntha ar a mbéal.

Is féidir tairbhe a bhaint as cosntaicí difriúla chun moill a chur ar an namhaid: leagarnach, tranglam sreinge, chevaux-de-frise agus eile.

Téarmaí[athraigh | edit source]

Urdhún

Urdhún
Plean na Ginéive agus an limistéir máguaird sa bhliain 1841. Daingnithe ollmhóra ann agus mórán urdhúnta ag baint leo.

Is éard atá in urdhún daingean beag a sheasann amach ó phríomhchlós an daingin mhóir, agus é suite i gcúinne balla dhírigh (an t-imbhalla). Ligeann sé don lucht cosanta gunnaí a dhíriú ar urdhúnta eile agus ar an imbhalla féin chun lucht ionsaithe a ruaigeadh.

Ní raibh mórán maitheasa sna seandaingnithe sa mhéid gur dheacair scaoileadh leis an namhaid agus iad siúd cóngarach do na múrtha. Anois b’fhéidir an t-imbhallaí féin a chosaint le gunna mór agus gunnaí eile a dhíriú ar thargaidí eile níos faide amach.

Is fada cineálacha difriúla urdhúnta ann:

  • Leath-Urdhún: Níl ach éadán amhain agus cliathán amháin aige. Chun uillinn róghéar a dhaingniú, ghearrtar an rinn agus tógtar dhá leath-urdhún chun uillinn aisfhillte a dhéanamh.
  • Urdhún lánlíonta: Gan aon spás folamh ina lár. An talamh agus an rampar cothrom le chéile.
  • Urdhún folamh: Rampar nó uchtbhalla timpeall na gcliathán agus an éadain amháin, agus áit fholamh sa lár dá bharr. Dá ngabhfaí an rampar bheadh an talamh chomh híseal sin nárbh fhéidir leis an namhaid trinsí a bhaint sa lár gan urchair na gcosantóirí a tharraingt orthu.
  • Urdhún cothrom: É tógtha i lár imbhalla nuair atá an clós chomh mór sin nach féidir é a chosaint leis na hurdhúnta atá ag na cúinní.
  • Urdhún scoite: Uillinn aisfillte aige ag an bpointe. D’úsáidtí é nuair a bheadh an uillinn róghéar gan é. Thugtaí “urdhún scoite” freisin ar urdhún a mbíodh díog idir é agus an príomhdhaingean.
  • Urdhún athchóirithe: Dhá thaobh den pholagán inmheánach a bheith an-neamhionann, rud a fhágann scrogall an urdhúin chomh neamhionann céanna.
  • Urdhún rialta: Urdhún a bhfuil an méid ceart cliathán, éadan agus scóigeanna ag gabháil leis.
  • Urdhún neamhrialta: Urdhún a bhfuil ceann dá chuid leathscóigeanna ar iarraidh, toisc taobh amháin den pholagán inmheánach a bheith róghearr.
  • Urdhún dúbailte: Urdhún ardaithe a bheith tógtha siar ó uchtbhalla an phríomhurdhúin.
  • Urdhún déshleasach: Daingniú crochta nó ceann le fána a mbeadh foscadh ann ar bhuamaí nó ar ghunnaí móra.

Téarmaí Eile[athraigh | edit source]

Urdhún de chuid Chaisleán Copertino san Iodáil.
  • Beirm: Sna meánaoiseanna ba í an bheirm an léibheann talaimh a bhí idir uchtballa agus díog. Inniu is uchtbhalla cosanta cré í.
  • Dúnan: Daingean beag scoite gan ann ach foirgneamh amháin, agus ar féidir é a chosaint ar namhaid atá gan ghunnaí móra nó a leithéid.
  • Dúnchla cosanta: Áit chosanta nó rampar lasmuigh d’urdhún. É déanta de chré de ghnáth.
  • Feinistear gunna: Fuinneog a ligeann don chosantóir scaoileadh leis an namhaid.
  • Frithbhalla: An taobh amuigh de dhíog chosanta (féach “port rite”) – an taobh, mar sin, is gaire don mhachaire.
  • Imbhalla: Balla díreach a thimpeallaíonn clós atá le cosaint.
  • Leagarnach: Craobhacha a leagtar ina sraith agus aghaidh na mbarr bioraithe ar an namhaid. Bíonn na crainn fite ina chéile nó ceangailte dá chéile le sreang nó le téada. Úsáidtear leo féin iad nó in éineacht le constaicí eile. Is furasta luaith a dhéanamh de leagarnach, nó na téada a dhó agus na cearchaillí a scaradh ó chéile le graiplíní.
Is éard is cuspóir don leagarnach an namhaid a choinneáil faoi lámhach na ngunnaí chomh fada agus is féidir.
  • Port rite: An taobh istigh de dhíog chosanta faoi bhun uchtballa (féach “frithbhalla”).
  • Radán: Dhá uchtbhalla ina n-uillinn ar aghaidh na naimhde, agus díog ar a mbéal.
  • Scrogall: Áit i gcúl urdhúin a bhfuil bealach isteach ann.
  • Slaodbhalla: Daingniú triantánach nó sonnfort ar dícheangal os comhair urdhúin amach. Cúlbhalla íseal aige, agus gan aon chosaint le fail ann ag an namhaid má bhriseann said isteach.
  • Slí chumhdaithe: Limistéar idir an díog agus an claonfort. Ligeann sé do na cosantóirí fanacht as amharc lucht ionsaithe agus scaoileadh leo.


Naisc[athraigh | edit source]

Caisleán

Caisleáin na hÉireann, 1350 - 1650

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Fletcher, 1996, lch 20.
  2. Stearns agus Langer, 2001, lch 17.
  3. Fletcher, 1996, lch 100.
  4. Bartlett 1994, lch 304.

Leabhair[athraigh | edit source]

  • Bartlett, Robert, 1994. The Making of Europe: Conquest, Colonization and Cultural Change 950 - 1350. Penguin. ISBN 0-14-015409-4
  • Bayrou, Lucien, 2006. Entre Languedoc et Roussillon : 1258-1659 fortifier une frontière. Les Amis du Vieux Canet.
  • Salch, Charles-Laurent; Durupt, Anne-Marie, 2008. Nouvel Atlas Châteaux et fortifications des Bouches-du-Rhône. Strasbourg. ISBN 1253-6008
  • Schweitz, Daniel, 2006. Châteaux et forteresses du Moyen Âge en Val de Loire, Touraine, Anjou, Berry, Orléanais, Vendômois, marche bretonne. CLD, Tours.
  • Stearns, Peter; Langer, William Leonard, 2001. The Encyclopedia of World History: ancient, medieval, and modern, chronologically arranged. Houghton Mifflin Books. ISBN 0-395-65237-5
  • Fletcher, Sir Banister; Cruickshank, Dan, 1996. A History of Architecture. Architectural Press. ISBN 0-7506-2267-9

Naisc Eachtracha[athraigh | edit source]