Dún réaltchruthach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léarscáil chathair Palmanova san Iodáil a rinneadh sa 17ú haois. Sampla é de dhún réaltchruthach de chuid Phoblacht na Veinéise.
Dún Bourtange mar a bhí sé i 1750, in Groningen san Ísiltír
Plean Tvrđa (1861) in Osijek sa Chróit. An dún Hapsburgach ba mhó ar theorainn na hImpireachta Otamánaí.
Naarden san Ísiltír.

Daingean is ea an dún réaltchruthach (bastion fort, trace italienne) a tháinig chun cinn in aois an phúdair nuair a tháinig smacht ag gunnai móra ar an ármhá. Baineadh úsáid as den chéad uair i lár an 15ú haois san Iodáil.

B’fhurasta do ghunnaí mór díobháil a dhéanamh do dhaingin mheánaoiseacha agus iad dírithe ar mhúr ingearach. Chomh maith leis sin, bhíodh lucht ionsaithe in ann tochailt faoin múr, mar ba dheacair do na cosantóirí caitheamh leo ó mhúir eile. Os a choinne sin, bhí an dún réaltchrutheach íseal agus cothrom agus é déanta dá lán urdhúnta triantánacha a chosnódh a chéile agus a raibh díog ina dtimpeall. Bhí na múir déanta íseal agus tiubh chun caora ordanáis a chur díobh. Toisc gurbh fhusa na múir a dhreapadh dá bharr, leathnaíodh an díog i dtreo go bhféadfái lámhach anuas agus go leatrasnach leis na hionsaitheoirí. Ba ghnách claonfort a chur leis an taobh amuigh den díog chun caora a díríodh ar bhun an mhúir mhóir a chlaonadh. D’fhéadfaí urdhúnta déshleasacha, oibreacha cosanta tosaigh (tenailles agus eile) agus fiú dúnta scartha a thógáil chun an múr mór a chosaint nó breis ionad cosanta a aholáthar. Bhíodh a lán ábhair thógála dhifriúla iontu, go háirithe cré agus brící, mar nach ndéanann brící smidiríní mar a dhéanann cloch.[1]

Tháinig na dúnta réalchruthacha chun cinn i ndeireadh an 15ú haois agus i dtús an 16ú haois nuair a rinne na Francaigh ionradh ar an Iodáil. Bhí gunnaí móra nua agus bombaird ag arm na Fraince, airm a rinne scrios ar dhaingnithe meánaoiseacha. Bhain Michelangelo tairbhe as dúnta réaltchruthacha chun Flórans a chosaint agus rinne Baldassare Peruzzi and Vincenzo Scamozzi iad a fheabhsú. Fuarthas eolas ar na dúnta seo i dtíortha eile sna 1530í agus sna 1540í.

Baineadh feidhm astu go forleathan san Eoraip ar feadh trí chéad bliain, agus bhí an-tóir ar innealtóirí Iodálacha chun iad a thógáil. Síltear gur beirt ailtirí de chuid an 17ú haois, Menno van Coehoorn agus Vauban, innealtóir míleata Louis XIV na Fraince, go háirithe, a thug chun foirfeachta iad.

Bhí tionchar an dúin réaltchruthaigh le haithint ar dhearadh shárchathair na hAthbheochana: cathair réaltchruthach.[2] Sa 19ú haois tháinig athrú ar an daingniú de bharr úsáid an tsliogáin phléascaigh.

Dearadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Plean Coevorden agus é leagtha amach i patrún raidiúil taobh istigh de dhaingin pholagánacha agus de chréfoirt leathana, de réir mar a d’atóg Muiris Nassau, Prionsa Oráiste, é i dtús an 17ú haois.

Fánaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a tháinig gunnaí móra ionramháilte in úsáid sa 15ú haois, shocraigh na hinnealtóirí míleata ar na múir a neadú i ndíoga a raibh fánaí cré os a chomhar amach, rud a chosnódh ar lámhach díreach iad, agus ar bhainc chré a chur ar bharr na múr chun go maolófaí fuinneamh na gcaor anuas. Dá ísle na múr is ea ab fhusa iad a ionsaí.

Spás marbh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí “spás marbh” ag baint le múir chruinne na seantúiríní toisc nárbh fhéidir lámhach cosanta a dhíriú ina dtimpeall. Dá bhrí sin thógfaí oibreacha ar dhealramh diamaint chun nach mbeadh ionsaitheoirí in ann dul ar foscadh. Tharraingeodh na díoga agus na múir na hionsaitheoirí isteach i limistéir mharaithe mar arbh fhurasta iad a scrios le gunnaí móra. Bheadh na gunnaí céanna suite i dtreo go bhféadfaidís buntáiste a bhaint as seo.

Lámhach leatrasnach[cuir in eagar | athraigh foinse]

B’fhusa na múir íochtaracha a ionsaí de ruathar agus ní bheadh cosaint i mbanc cré dá n-éireodh leis na hionsaitheoirí an fána lasmuigh den díog a shealbhú agus gunna mór a chur suas ann. Dá bhrí sin lig cruth an dúin lámhach leatrasnach a imirt ar aon ionsaitheoirí a bhainfeadh bun múir amach. Bhí gunnaí móra curtha suas ag bun na huillinne istigh de gach rinn agus bheidís in ann ciumhaiseanna na reann ba ghaire a chosaint. Tá forbairt an deartha seo le feiceáil i ndaingin idirthréimhseacha leithéid Sarzana agus Sarzanello in iarthuaisceart na hIodáile.[3]

Athruithe eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sárchathair dhaingnithe: plean Neuhäusel 1663, An Ungáir Uachtarach (Nové Zámky sa tSlováic), tarraingthe c. 1680

Ar an dóigh seo tháinig cruthanna casta ar dhúnta, cruthanna a lig do bhatairí cosanta réimsí cónasctha lámhaigh a bheith acu. Bhí batairí tosaigh dírithe ar na fánaithe a chosain na múir istigh ar lámhach díreach. Bhí na gunnaí móra sin ann chun ruaig a chur ar shaighdiúirí ionsaithe agus chun gunnaí móra ionsaithe a choinneáil siar.

Ba í an chuid ba thábhachtaí de chosaint an dúin anois an t-imeall amuigh den díog a bhí timpeall an dúin agus a dtugtaí an “bealach folaigh” air. B’fhéidir le cosantóirí fanacht ar foscadh ann, a bheag nó a mhór, créfoirt a thógáil chun an claonfort a cheilt ar an namhaid i dtreo nach bhféadfaidís scaoileadh leis na múir, agus frithmhianaigh a bhaint chun an namhaid a bhacadh ar thochailt faoi na múir agus iad a shéideadh san aer.

Bhí fosláir ghunnaí móra an dúin cosanta go tréan ar lámhach ón taobh amuigh ach bhí siad ar oscailt thiar, ní hamháin chun iad a mhilleadh ar ionsaitheoirí dá ngabhfaí iad ach chun ligean don deatach scaipeadh freisin.

Ba mhaith an sás na daingin seo chun an fód a sheasamh i gcoinne caora tathagacha nó sliogán nach raibh istigh iontu ach púdar dubh. Ní raibh a leithéidí ar fónamh, áfach, nuair a tháinig an moirtéar agus pléascáin nua-aimseartha, cé gurbh fhada gur stadadh d’iad a thógáil.

Tábla Daingnithe ó Cyclopaedia, or an Universal Dictionary of Arts and Sciences 1728

Tógáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba mhór an costas a bhí ag gabháil le dúnta réaltchruthacha a thógáil. Chosain an 22 urdhúnta a bhí ag Amstardam aon mhilliún déag floran agus i 1544 d’éirigh Siena bancbhriste de dheasca chostas a chuid daingean. Minic go leor, thógfaí iad le hiarsmaí na seandaingean. Leagfaí múir chosanta mheánaoiseacha agus bhainfí díog os a gcomhair amach. An chré a fágadh i ndiaidh na tochailte charnfaí ar chúl na múr í. Is minic a bheadh éadan brící ar dhaingin a tógadh d’aonturas toisc gurbh fhurasta do bhrící tuargaint na gcaor a mhaolú, ach is minic freisin a cuireadh cré in áit brící i ndaingin a tógadh ar ala na huaire. Minic go leor b’éigean an díog a leathnú agus a dhoimhniú.

Plean urdhúin

Éifeacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh neart an dúin réaltchruthaigh in iúl den chéad uair nuair a cosnaíodh Pisa ar chomhfhórsaí Fhlórans agus na Fraince i 1500. Nuair a thosaigh na seanmhúir ag titim as a chéile faoi thuargaint na ngunnaí móra Francacha thóg muintir Pisa rampar cré. Fuair siad amach nár dheacair an rampar claonta a chosaint ar dhreapadh agus gur sheas sé go maith in aghaidh caora gunnaí móra.

Ba í an dara hócáid imshuí Padua, cathair Veinéiseach, i 1509. Cuireadh cúram na cosanta ar innealtóir de mhanach darbh ainm Fra Giocondo. Leag sé na seanmhúir agus chuir díog leathan timpeall na cathrach a d’fhéadfaí a chlúdach le lámhach leatrasnach ó phoill ghunnaí ísle in oibreacha a ghob amach sa díog. Theip ar gunnaí móra na bhFrancach na daingin a leagan, agus tar éis roinnt ionsaithe fuilteacha gan éifeacht chúlaigh na Francaigh agus a gcomhghuaillithe.

Chuidigh an dún réaltchruthach le bac a chur ar leathnú na hImpireachta Otamánaí sa Mheánmhuir. Rinneadh roinnt daingean den sórt nua a thógáil i Ródas tar éis imshuí i 1480, agus cé gur gabhadh é i 522 chuir neart na ndaingean fad leis an imshuí úd. Theip ar na fórsaí Otamánacha Corfú a ghabháil i 1537 agus baint ag na daingin nua leis an teip úd, agus theip ar ionsaithe eile freisin.[4][5]

Thóg na Spidiléirí dhá dhún réaltchruthacha ar oileán Mhálta i 1552, Dún Naomh Elmo agus Dún Naomh Mícheál. Sheas Dún Naomh Elmo in aghaidh tuargaint mhór ar feadh breis is mí. Gabhadh é faoi dheireadh ach chaill na fórsaí Otamánacha mórán fear agus thug an mhoill úd deis d’fhórsaí fóirithinte teacht ón tSicil chun an chuid eile den oileán a chosaint.[6]

Tar éis gur shealbhaigh Napoléon an Veinéis, ghabh arm poblachtach na Fraince Corfú i 1797. (Bhí fáilte éigin ag an bpobal rompu agus gealltanas tugtha ag na poblachtaigh go dtreascrófaí uaisle na Veinéise, go gcealófaí an seirfeachas agus go mbunófaí poblacht Gréagach.) Bhí fónamh éigin le baint as na seandaingnithe réaltchruthacha fós. B’éigean do chomhfhórsaí na Rúise, na nOtamánach agus na Breataine Corfú a imdhruidim ar feadh ceithre mhí sular ghéill an garastún.[7][8]

Tionchar ar chúrsaí straitéise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dún réaltchruthach ag Nicosia sa Chipris (1567).

Maíonn an staraí Geoffrey Parker san alt “The Military Revolution 1560–1660: A Myth?” gur tháinig athrú mór ar ghnóthaí straitéise de bharr an dúin réaltchruthaigh, go háirithe toisc gurbh éigean fórsaí míleata a threisiú chomh mór sin chun dúnta dá leithéid a chur faoi léigear. Chuir an dún réaltchruthach deireadh leis an gcath riartha, agus ní raibh i gcogaí feasta ach léigir fhada. Cuireann an argóint seo cuma nua ar fad ar theoiric an “Réabhlóide Míleata” a mhol an staraí Michael Roberts i 1955.

Tá lochtú géar déanta ag roinnt acadóirí, leithéid John A. Lynn agus M. S. Kingra, ar an treise a chuireann Parker ar bhuntábhacht an daingnithe, agus cuireann siad amhras ar leith sa bhaint a deir sé atá ann idir an daingniú nua agus méadú fhórsaí míleata na linne.[9]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Charles Townsend, The Oxford History of Modern War, Oxford University Press, 2000, lch 112, ISBN 9780192853738
  2. Siegfried Giedion, Space, Time and Architecture (1941) 1962, lch 43.
  3. Harris, J., "Sarzana and Sarzanello - Transitional Design and Renaissance Designers", Fort (Fortress Study Group), No. 37, 2009, lgh 50-78
  4. John Francis Guilmartin (2003), Gunpowder & galleys: changing technology & Mediterranean warfare at sea in the 16th century, Conway Maritime Press, lgh 73-74. ISBN 0-85177-951-4
  5. David Nicolle, Christopher Rothero (1989), The Venetian Empire 1200-1670, Osprey Publishing, lch 40. ISBN 978-0-85045-899-2
  6. Spiteri, Stephen C., “In search of Fort St Elmo 1565,” Military Architecture: http://www.militaryarchitecture.com/index.php/Building-Methods/in-search-of-fort-st-elmo-1565.html. Arna rochtain ar 9 Deireadh Fómhair 2014
  7. Paulos Lampros (1968), Coins and Medals of the Ionian Islands, John Benjamins Publishing Company, lgh 20-21. ISBN 978-90-6032-311-3
  8. Tony Jaques (2007), Dictionary of Battles and Sieges: A-E, Greenwood Publishing Group, lch 262. ISBN 978-0-313-33537-2
  9. Kingra, Mahinder S., “The Trace Italienne and the Military Revolution During the Eighty Years' War, 1567-1648,” The Journal of Military History 57, No. 3 (July, 1993): 431-446

Le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Olof af Hällström Sveaborg – The island fortress off Helsinki
  • Duffy, C. (1975) Fire & Stone, The Science of Fortress Warfare 1660-1860, ISBN 978-0-7858-2109-0

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Daingniú

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]