An Ghinéiv
| An Ghinéiv Genève / Genf |
|
| Rialtas | |
| Tír: | |
| Cantún: | Genève |
| Méara: | Patrice Mugny |
| Déimeagrafaic | |
| Achar: | 15.86 km² |
| Daonra: | 185,726 (2007) |
| Dlús daonra: | 11,710/km² |
| Airde: | 375 m |
| ville-ge.ch | |
Cathair mhór san Eilvéis í an Ghinéiv (Fraincís: Genève, Gearmáinis: Genf, Iodáilis: Ginevra, Rómainis: Genevra, Franc-Phroibhinsis: Geneva), an dara cathair is mó sa tír de réir daonra tar éis Zürich agus an chathair is mó sa réigiún Romandie, an chuid den tíre ina labhraítear Fraincis mar phríomhtheanga. Suite san áit ina sníonn Abhainn na Róine amach as Loch na Ginéive, is príomhchathair í ar Chantún na Ginéive.
Feictear ar an Ghinéiv inniu mar chathair dhomhanda, ós rud é go bhfuil roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta bunaithe sa chathair. Mar shampla, tá ceanncheathrú de chuid na Náisiúin Aontaithe agus an Chrois Dhearg san áit seo, agus is ann a síníodh Coinbhinsíuin na Ginéive.
Sa bhliain 2007, léirigh suirbhé a bhí déanta ag Mercer Consulting go raibh an dara caighdeán maireachtála is airde ar domhain ag an Ghinéiv, tar éis Zürich arís.
Ceaptar gur de bhunús Ceilteach é ainm na cathrach. "Genava" a thugtar uirthi i dtéacsanna ó ré na hImpireachta Rómhánaí.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.