Caisleáin na hÉireann, 1350 - 1650
Nuair a scrúdaítear caisleáin na hÉireann (1350-1650) feictear go dtéann na caisleáin bheaga i líonmhaireacht anuas go dtí 1600, agus gan iontu ach daingean agus bábhún. Baintear feidhm astu mar áiteanna cónaithe agus cumhachta go dtí lár an 17ú haois, ach ligtear dá bhformhór dul chun raice ina dhiaidh sin.
Clár ábhair |
[athraigh] An 14ú hAois
Cuireadh trí thiarnacht nua ar bun sa 14ú haois laisteas de líne idir Baile Átha Cliath agus Luimneach: na Buitléaraigh ag leathadh ó dheas agus soir ón Aonach i dTiobraid Árann, Iarla Chill Dara thoir, agus Iarla Dheasmhumhan laistiar de Chontae Luimnigh.
Tá tréithe cultúrtha éagsúla le haithint ar mhaisiú agus ar dhéanamh chaisleáin Éireannacha na linne. Feictear tionchar na stíle Sasanaí ar fhíochán fuinneog, ar mhúnlú cíomaí, agus i múnlaí éadroma tonnacha. Tá rian na stíle Gaelaí ar an tsaoirseacht: is minic aolchloch chrua á húsáid in áit gaineamhchloiche mar chloch chóirithe, agus í maisithe go héadrom le pritil (maisiúchán duilleog atá uirthi uaireanta). Déantar stuanna doirse de chúpla cloch fhada seachas de stuachloch. Tar éis na bliana 1350 baintear feidhm as cliathobair i gcomhair stuachreatlach na mboghtaí. Tá rian na Fraince agus thuaisceart na Breataine ar na meirilí céimnithe, ar phoill choirbéalta lámhaigh agus ar na túiríní. Is féidir a rá gur ó stíl mhaisithe Shasanach an 14ú haois a d'eascair stíl dhéanach Ghotach na hÉireann, rud a d'fhág a lorg ar thógáil na gcaisleán.[1]
[athraigh] Caisleán Eas Géitine
Tugann seanchaisleán de chuid Iarla Dheasmhumhan, Caisleán Eas Géitine, léargas ar nósanna tógála na ré úd.
Tá daingean ard agus dhá halla ann taobh istigh d'imbhalla. D'fhéadfadh ceann de na hallaí a bheith ina shéipéal tráth: tá eangach shnoite fós ar na fuinneoga. Tá an daingean roinnte ina dhá chuid. Tá roinn dhá urlár ann, agus teallach ollmhór thíos a bhfuil dhá fhuinneog lena ais - ceann ard dhá ghloine agus ceann níos lú os a chionn. Thuas an staighre tá seomra eile agus a theallach féin aige. Foirgeamh cúig urlár is ea an roinn eile, agus roinnt seomraí móra agus príobháideacha ann, gan trácht ar na leithris. Tá na fuinneoga agus na doirse snoite go greanta.[2]
[athraigh] An 15ú haois agus an 16ú haois
Faoin 15ú haois bhí éileamh ag teacht ar an gcaisleán beag (daingean agus babhún). Bhí an chuid ba mhó de na caisleáin úd le fáil theas agus thiar, agus gan an oiread sin acu le feiceáil thoir ná i bhfad siar ó dheas. Bhí siad níos líonmhaire sna ceantair ba shuaite agus tiarnaí nua á bhfódú féin ann.[3]
Tharla athrú sóisialta idir na blianta 1308 agus 1508 ar thailte na mBuitléarach i ndeisceart Thiobraid Arann a d’fhéadfadh léargas a thabhairt ar an scéal. Feicimid saorshealbhóirí á ndéanamh de shaorthionóntaí, iad ag aistriú go háiteanna nua (ar ardáin go minic) agus ag tógáil caisleán mar chomhartha ar a stádas nua. Bhí a lán tiarnaí beaga i dtiarnacht na mBúrcach in oirthear Chontae na Gaillmhe agus iad ag tógáil caisleán ar an dóigh chéanna.[4]
Níorbh iad na tiarnaí móra a thógadh na caisleáin úd ach a dtionóntaithe nó tionóntaithe an Rí, in éineacht le dhá dhream eile: muintir shaibhir na mbailte móra (ceannaithe agus eile) agus sagairt. Is iomaí caisleán atá le feiceáil ar léarscáileanna bailte móra ón 16ú haois agus ón 17ú haois, i gCarraig Fhearghais, mar shampla. Sa Pháil tógadh a lán caisleán in aice le teampaill pharóiste.[5] Faoin bliain 1600 bhí caisleáin le feiceáil go coitianta.[6] [7] Is léir ó chuntais an 17ú haois nach mbíodh flúirse troscáin iontu, cé nach mbídís gan só eile - tine agus deoch.[8]
[athraigh] Tógáil na gCaisleán
Bhí éagsúlacht ag baint le caisleáin na hÉireann, ach tá léargas ar a leagan amach coitianta le fáil ón socrú a rinneadh nuair a bhí caisleán nua le tógáil do Risteard de Búrca sa bhliain 1547: trí urlár le bheith ann agus boghta ar chothrom na talún, na ballaí le bheith sé throigh ar tiús faoi bhun an bhoghta agus ceithre throigh os a chionn, sclátaí ar an díon agus dhá shimléar. Bheadh barbacán ann, bheadh gráta iarainn (‘yett’) ar an doras. Bhí gá, ar ndóigh, le siúinéir agus le saor.[9] Bheadh orthu feidhm a bhaint as pé cloch a bhí i gcóngar na háite. Nuair a tógadh caisleán san Aird i gContae na Gaillimhe úsáideadh píosaí eibhir a bhí snoite go garbh, iad táthaithe le moirtéar aoil a raibh neart gainimh agus sliogán ann.[10]
Bhí tréithe réigiúnacha le haithint ar na caisleáin. I gContae Luimnigh is minic a d’fheicfeá daingean cearnach agus dhá roinn neamhchothroma istigh ann, seomraí móra sa roinn mhór, seomraí níos lú agus staighre sa roinn bheag. Sa roinn úd a bheadh an bealach isteach, agus is ann a bheadh forsheomra freisin, seomra beag ar thaobh amháin de agus staighre bíse ar an taobh eile. Sa Pháil ba bhreá leo túiríní, agus bheadh súil agat le boghta ar an dara hurlár i gContae Luimnigh agus i gContae Thiobraid Árann. Bhí poill lámhaigh coitianta sa deisceart.[11] Ní bhíodh na siúinéirí díomhaoin. Bhí urláir le déanamh, na giarsaí ar bhaill iompair a raibh a gcinn sáite isteach i gcró, nó cinn na ngiarsaí ar mhaidí balla a bhí leagtha ar choirbéil.[12]
Bhí baint ag tógáil an dín le leagan amach an lochta, an uchtbhalla agus an chosáin bhalla, agus slite difriúla ag lucht tógála le socrú a dhéanamh. I gContae an Dúin thagadh na beanna aníos ar an taobh istigh den bhalla, i dtreo go dtéadh an cosán balla timpeall gan bhac agus gurbh fhurasta dul isteach sna túiríní. I gContae Thiobraid Árann thagadh na beanna aníos ar an taobh amuigh den bhalla, agus ba dheacair an dá thaobh fhada a bhaint amach dá bharr. B’fhéidir dul ó thaobh go taobh trí phasáiste sa bhinn féin ach ba chiotach an tseift í. Uaireanta bheadh ort droim an dín a chur díot, seift ba mheasa fós.[13]
[athraigh] Caisleán Bhéal Átha na Carraige
Tá léargas le fáil ar chaisleáin na linne ó Chaisleán Bhéal Átha na Carraige i gContae Chorcaigh: é suite os cionn locha agus teacht aige ar uisce srutha.[14] Caisleán ceithre urlár é agus é 14.621m ar 11.885m. Níor tógadh é níos déanaí ná 1585. Bhí ceithre thúr chruinne timpeall an daingin mhóir, agus geata crochta thoir. Bhí seomra agus forsheomra thíos agus staighre bíseach i gcúinne amháin a thabharfadh suas go dtí na sé leibhéal chónaithe thú. Bhí cúpla teallach ann, agus bhí boghta ar an tríú hurlár. Is díol spéise í an tsnoíodóireacht a rinneadh ar na ballaí - maisiúcháin gheoiméadracha, naoimh, bean le rósanna agus Síle na Gig.[15]
[athraigh] Suíomh agus Cosaint
Is cosúil nár chúrsaí cosanta an chloch ba mhó ar phaidrín na dtiarnaí i gcónaí agus na caisleáin á dtógáil. Bhí tábhacht le caothúlacht agus le slí dá mbeadh d’acmhainn agat daingean a thógáil dá réir. Is annamh a tógadh caisleáin in áit ab fhurasta a chosaint, cé go raibh cuid acu le fáil ar rinn talún i loch nó arbh éigean dul chucu thar chabhsa.[16] I ndáiríre, níor tógadh iad chun léigear fada a fhulaingt ach chun an fód a sheasamh i gcoinne ruathar gearr.[17]
Is iomaí cuntas atá sna croinicí ar chaisleáin a ghabháil, a mhilleadh nó a mhalartú. Is minic nach mbeadh d'foireann sa chaisleán ach roinnt bardaí agus iad i bhfeighil na háite fad is a bhí an tiarna féin as láthair. Sa bhliain 1442, mar shampla, d'éirigh le hEinrí mac Eoghain Uí Néill seilbh a fháil ar Chaisleán na Finne, agus d'fhág barda ann seachas dul chun cónaithe ann é féin.[18]
Is beag caisleán a bhí doghafa, ach níor éirigh le gach ionsaí ach oiread. Is annamh a bheadh gunnaí móra ag an ngnáth-thiarna, cé gur nós ag fórsaí na Corónach iad a úsáid. Is minic, mar sin, a d'ionsaítí caisleán ar an dóigh thraidisiúnta. Sampla de sin is ea an t-amas a thug Rúraí Mac Neachtain ar Chaisleán Inse sa bhliain 1454 (Annála Ríochta Éireann): "Ro loiscceadh comhla & dorus an chaislein la Rudhraighe cona slógh, & ro dhercclas an staighre" (Loisceadh comhla [i.e. geata] agus dorus an chaisleáin le Rúraí gona shlua, agus dhearglas an staighre].[19] Theip orthu an caisleán a ghabháil, mar sin féin. Sa bhliain 1478 (Annála Ríochta Éireann) rinne Ruairí Mac Diarmada Caisleán na Carraige a ionsaí le sásanna léigir den seansaghas agus iad déanta ag saoir a tugadh "a Fearaibh Manach" chuige. D'éirigh leis.[20] Bhí an Fear Ionaid Gearóid Mac Tomáis, Iarla Chill Dara, in ann tairbhe a bhaint as airtléire sa bhliain 1498 (Annála Ríochta Éireann) agus é ag cur Chaisleán Dhún Geanainn faoi léigear "co ro ghabhsat é fo dhéoidh le gonadhaibh móra" (nó gur ghabhadar é faoi dheoidh le gunnaíbh móra).[21]
D’fhéadfadh cúrsaí gnó agus geilleagair dul i bhfeidhm ar shuíomh caisleáin. As 16ú haois go háirithe bhí borradh ag teacht faoin iascaireacht agus faoin trádáil ar chósta na Gaillimhe, agus baint ag iascairí ó Shasana agus ón Spáinn leis an scéal. Bhí brabach le baint ag na tiarnaí áitiúla as seo, ós uathusan a fhaightí cead iascaireachta, áit feistithe agus áiseanna chun iasc a chóiriú. Chomh maith leis sin, dhíolaidís olann, seithí agus éadach i nGaillimh féin. Dá bhrí sin ba nós acu a gcuid caisleán a thógáil chomh cóngarach don fharraige agus ab fhéidir, os cionn na mbráití agus na leapacha ancaire: sampla de sin is ea Caisleán Achadh na nIúr.[22]
Uaireanta bheadh aghaidh chaisleáin na gceannaithe ar an gcé chun éascaíocht a dhéanamh i gcúrsaí gnó, agus más ar oileán a tógadh caisleán bheadh seomra thíos le haghaidh na mbád.[23]
[athraigh] Deireadh Ré
Faoi lár an 17ú haois ba léir go raibh deireadh tagtha le ré na gcaisleán beag. Bhí sé rófhurasta iad a threascairt le gunnaí móra agus níor thaitin said leis na huaisle nua ó Shasana agus ó Albain a tháinig in ionad na seantiarnaí. Compord a bhí ag teastáil, agus b’fhearr leis an dream nua tithe móra a thógáil. De réir a chéile thit na caisleáin chun raice; chaill siad a ndíonta agus is dócha gur baineadh a raibh d’adhmad iontu as a bhformhór.
[athraigh] Tagairtí
- ↑ MacNeill 1997, lgh 171-173.
- ↑ ibid lgh 175-182
- ↑ ibid lch 205.
- ↑ ibid lch 206.
- ↑ ibid lch 209.
- ↑ ibid lch 210.
- ↑ http://en.wikipedia.org/wiki/List_of_castles_in_Ireland
- ↑ Féach MacLysaght, 1979
- ↑ ibid lch 211.
- ↑ Naessens 2007, lch 272.
- ↑ MacNeill lgh 212-213.
- ↑ ibid lch 216.
- ↑ ibid lgh 218-219.
- ↑ http://en.wikipedia.org/wiki/Ballinacarriga_Castle
- ↑ http://irishantiquities.bravehost.com/cork/ballinacarriga.html Irish Antiquities - Photographs of Ballinacarriga Castle and carvings
- ↑ MacNeill, lch 218-219.
- ↑ ibid lch 225.
- ↑ http://www.ucc.ie/celt/published/G100005D/index.html
- ↑ http://www.ucc.ie/celt/published/G100005D/index.html
- ↑ http://www.ucc.ie/celt/published/G100005D/index.html
- ↑ http://www.ucc.ie/celt/published/G100005D/index.html
- ↑ Naessens 2007, lgh 221-232.
- ↑ McNeill lch 223.
[athraigh] Naisc
[athraigh] Liosta Leabhar
- MacLysaght, Edward, Irish Life in the Seventeenth Century, Irish Academic Press, 1979 (athchló). ISBN 0-7165-2343-4, 9780716523437
- MacNeill, Tom, Castles in Ireland: Feudal Power in a Gaelic World, Routledge 1997. ISBN 0-455-16537-7
- Naessens, Paul, ‘Gaelic lords of the sea: the coastal tower houses of south Connemara,’ in Lordships in Medieval Ireland: Image and Reality, eag. Linda Doran agus James Lyttleton, Four Courts Press, 2007. ISBN 978-1-84682-041-0
- Nicholls, K.W., Gaelic and Gaelicized Ireland in the Middle Ages, Lilliput Pty Ltd, 2004 (athchló). ISBN 1-84351-003-0