Imshuí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is imshuí ann ná iarracht chun bia, soláthairtí, ábhair chogaidh nó cumarsáidí ó limistéar áirithe a ghearradh, cibé acu i bpáirt nó go hiomlán. Níor chóir imshuí a mheascadh le lánchosc nó smachtbhannaí, mar gur bacainní dlíthiúla ar thrádáil iad, agus tá sé éagsúil ó léigear sa mhéid is go mbíonn imshuí dírithe de ghnáth ar thír nó réigiún iomlán, seachas ar dhaingean nó chathair.