Niall Ó Dónaill
Teangeolaí, aistritheoir agus scríbhneoir Gaeilge ba ea Niall Ó Dónaill (nó 'Niall Ó Domhnaill' sa litriú réamhchaighdeánach). Cainteoir dúchais ó Thír Chonaill a bhí ann. Saolaíodh i Loch an Iúir sa bhliain 1908 é.
Chuir sé in eagar an foclóir mór Gaeilge-Béarla a tháinig i gcló a chéad uair sa bhliain 1977. Thairis sin, d'fhoilsigh sé leabhar stairsheanchais faoi cheantar na Rosann sa bhliain 1952, Na Glúnta Rosannacha - ceann den bheagán leabhar Gaeilge a úsáideann litriú caighdeánach agus cló Gaelach.
D'aistrigh sé príomhscríbhinní na Fiannaíochta go Nua-Ghaeilge sa leabhar Seanchas na Féinne a foilsíodh sa bhliain 1942 - foilsíodh eagrán nua caighdeánaithe de sa bhliain 1998 - agus phléigh sé staid chomhaimseartha na Gaeilge sa leabhar clúiteach Forbairt na Gaeilge (1951).
Scríobh sé beathaisnéis Sheán Mhistéil chomh maith, agus rinne sé a lán aistriúchán.
Ba eisean a chuir in eagar Cora Cinniúna, Cith is Dealán, Nuair a Bhí Mé Óg agus Caisleáin Óir le Séamus Ó Grianna i litriú nua-aimseartha a bhí inléite acu siúd nach raibh taithí acu ach ar an gCaighdeán.
Fuair sé bás i mBaile Átha Cliath ar 10 Feabhra 1995.
Féach freisin[athraigh]
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |