An tAontas Sóivéadach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Stát cumannach ab ea é Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha, nó An tAontas Sóivéadach (Rúisis: Союз Советских Социалистических Республик/Soyuz Sovetskikh Sotsialisticheskikh Respublik) agus é suite san Eoráise, a mhair ón mbliain 1922 go dtí an bhliain 1991. Ón mbliain 1945 go lá a scoir, bhí an tAontas Sóivéadach ina mhórchumhacht dhomhanda nach raibh ach na Stáit Aontaithe inchomórtais léi, agus bhí an dá thír seo ag déanamh téisclim chogaidh in aghaidh a chéile an chuid ba mhó den am i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.

Bratach an Aontais Shóivéadaigh le corrán agus casúr an Chumannachais

Achoimre[athraigh | edit source]

Coat of arms of the Soviet Union.svg

Is iomaí duine a shíleann gur tháinig an tAontas Sóivéadach ar an bhfód a thúisce is a shealbhaigh Vlaidímír Léinín agus na Boilséivigh an chumhacht sa Rúis, ach ní mar sin a bhí. Mhair Cogadh Cathartha na Rúise ar feadh trí bliana, ar a laghad, i ndiaidh na réabhlóide, agus níor gaireadh "Aontas Sóivéadach" den Rúis sula raibh an cogadh thart le tamall maith anuas, ar an tríochaidiú lá de Mhí na Nollag sa bhliain 1922. D'athraigh críocha geografacha na tíre ó am go ham, ach nuair a nascghabhadh Oirthear na Polainne, Oirthear na Rómáine (an Bheasaráib), an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin, chomh maith le críocha áirithe eile, i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, bhí an tAontas Sóivéadach tar éis an chuid ba mhó de na tailte a fhorghabháil a raibh baint acu le hImpireacht na Rúise go gairid roimh an Réabhlóid. B'iad an Fhionlainn agus an Pholainn (a raibh fágtha di) an t-aon dá thír amháin nár nascghabhadh, cé gur cuid den Rúis a bhí iontu roimh an mbliain 1918.

I mblianta an Chogaidh Fhuair, b'é an tAontas Sóivéadach prótaitíopa na stát Cumannach go léir. Ní raibh ach aon pháirtí polaitiúil amháin ceadaithe sa tír, is é sin, Páirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh.

Ní raibh ach ceithre Phoblacht Shóivéadach ann nuair a bunaíodh an tAontas, ach sa bhliain 1953, bhí cúig cheann déag acu, is é sin, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hAirméine, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hAsarbaiseáine, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hEastóine, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Seoirsia, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Casacstáine, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Cirgeastáine, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Laitvia, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Liotuáine, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Moldáive, Poblacht Shóivéadach Fheidearálach Shóisialach na Rúise, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Táidsíceastáine, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Tuircméanastáine, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hÚcráine, agus Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hÚisbéiceastáine. Cé go raibh rialtas dúchais ag na poblachtaí éagsúla go hoifigiúil, bhí an chumhacht go léir i Moscó, agus na poblachtaí ag comhlíonadh gach ordú ó Bhiúró Polaitiúil an Pháirtí Chumannaigh, arbh é fíor-rialtas an stáit Shóivéadaigh ar fad é, go humhal is go hurramach. Mar shampla, cé go raibh stádas oifigiúil ag an teanga réigiúnda i ngach poblacht, is é an chuma a tháinig ar na cúrsaí i rith na mblianta ná go bhfuair an Rúisis an lámh in uachtar ar an gcuid ba mhó de theangacha na bpoblachtaí. Sa Bhealarúis, mar shampla, níor tháinig mórán bisigh ar an teanga náisiúnta i ndiaidh na mblianta Sóivéadacha féin.

Sa bhliain 1991, bhain na tíortha seo amach an neamhspleáchas, ach idir an dá linn, is iomaí cor éagsúil a cuireadh ina gcinniúint. Tá an Eastóin, an Laitvia, agus an Liotuáin ina mballstáit den Aontas Eorpach inniu. Na poblachtaí eile, is baill iad de Chomhlathas na Stát Neamhspleách, eagraíocht idirnáisiúnta a bunaíodh le comhoibriú a chothú idir na stáit iar-Shóivéadacha. Níl an Tuircméanastáin ach ina ballstát seachtrach faoi láthair, ach bhí ballraíocht iomlán aici go dtí an 26ú lá de Mhí Lúnasa sa bhliain 2005.

Stair[athraigh | edit source]

Léinín ag gríosú na sluaite

Is gnách a cheapadh gurbh é an tAontas Sóivéadach a tháinig i gcomharbas ar Impireacht na Rúise, mar stát. Mhair an Sár deireanach, Nioclás a Dó, ag rialú na tíre sin go dtí Márta 1917, agus sa chéad bhliain eile, dhúnmharaigh na Boilséivigh é agus a theaghlach. I Mí na Nollag 1922, fógraíodh an tAontas Sóivéadach, mar aontas a raibh an Rúis, an Úcráin, an Bhealarúis agus an Phoblacht Thras-Chugasach ina mbaill de. Bhí na poblachtaí seo ar fad á rialú ag páirtithe Boilséiveacha.

An Réabhlóideachas Rúiseach[athraigh | edit source]

Thosaigh réabhlóideachas nua-aimseartha sa Rúis sa bhliain 1823, nuair a d'éirigh Lucht Mhí na Nollag (Dekabristy) amach in aghaidh na hImpireachta. Oifigigh óga airm ab ea iad na Dekabristy agus iad faoi thionchar an smaointeachais Liobrálaigh a bhí ag dul timpeall na Rúise san am sin. B'é an bunreacht scríofa an rud ba mhó a theastaigh uathu a chur i bhfeidhm sa Rúis, nó is amhlaidh gur uathlathas mínáireach ab ea í Impireacht na Rúise gan srianta ar bith le cumhacht an tSáir.

Rinne na hImpirí iarrachtaí áirithe le maolú ar an réabhlóideachas trí leasuithe polaitiúla. Mar shampla, cuireadh an seirfeachas ar ceal sa bhliain 1861. Bhí na leasuithe ag teacht i bhfad rómhall, dar leis na réabhlóidithe, agus nuair a chaill na Rúisigh an cogadh in aghaidh na Seapánach, sa bhliain 1905, chuaigh muintir na Rúise chun cearmansaíochta ar an Impire an chéad uair. Bhain siad amach an Dúma, an chéad pharlaimint Rúiseach, ach ní raibh an tImpire sásta mórán fíorchumhachtaí a bhronnadh ar an bparlaimint seo. Chaith na Feisirí an chuid ba mhó den am ag óráidíocht, agus ós rud é nach raibh a gcuid focal in ann a dhath a athrú, bhí sé chomh maith acu bolscaireacht réabhlóideach a dhéanamh ina gcuid aitheasc. Go dtí sin, choinnigh an chinsireacht an cineál sin bolscaireachta taobh amuigh den tsaol phoiblí, ach anois, b'éigean do na nuachtáin gach focal a chur i gcló. Faoi bhrú na bolscaireachta seo, chuaigh muintir na Rúise go sciobtha chun radacachais, agus níor tháinig mórán maolú ar na trioblóidí.

Réabhlóid na Feabhra[athraigh | edit source]

Sa Chéad Chogadh Domhanda, ní raibh ag éirí go rómhaith leis na Rúisigh, agus thairis sin, rith an bia gann sna cathracha. Maidir le Nioclás, ní raibh sé ina Impire róchumasach riamh. Bhí sé go mór mór faoi thionchar a mhná céile, Alexandra, a raibh dearcadh thar a bheith frithghníomhach aici, agus, thairis sin, bhí slusaithe éagsúla ina thimpeall ag déanamh plámáis leis, agus iad ag moladh dó gan oiread is orlach a thabhairt isteach don daoscarshlua a bhí ag éileamh cearta agus saoirse. B'é Grigoriy Rasputin a bhí i gceannas ar na slusaithe seo ar fad. Bráthair siúil ón tSibéir a bhí ann nach raibh léann ar bith aige, ach bhí sé á urramú go mór mór ag bean chéile an Impire, a chreid gurbh eisean guth na fíor-chosmhuintire Rúisí sa chúirt. Sa bhliain 1916, áfach, dhúnmharaigh an Prionsa Felix Yusupov é - fear frithghníomhach, antoisceach ón eite dheas, a bhí den tuairim gur diabhal i riocht an duine ab ea é Rasputin. Nuair a bhí an eite dheas féin in ann a leithéid a dhéanamh, ba léir nach raibh mórán duine fanta sa Rúis a bheadh muiníneach as an Impire, agus, ní nárbh ionadh, chuir Réabhlóid na Feabhra an Sár ó chumhacht sa bhliain 1917.

Réabhlóid Dheireadh Fómhair[athraigh | edit source]

Tháinig Rialtas Sealadach i gceannas ar an Rúis, ach níor mhair sé i bhfad. Ní raibh lucht an Rialtais Shealadaigh sásta scor den chogadh - an Chéad Chogadh Domhanda - ina raibh an tír sáite, nó bhí siad meáite ar an gcogadh a thabhairt chun críche agus an phoblacht liobrálach a chur ar bun ina dhiaidh sin. Níor shásaigh an dearcadh seo an chosmhuintir, áfach, nó bhí na Rúisigh dubh dóite den chogadh cheana. Thosaigh na saighdiúirí, na scológa agus an lucht oibre ag bunú comhthionóil iomaíochta dá gcuid féin - sóivéidí (is é is ciall leis an bhfocal Rúisise úd Совет/Sovet ná "comhairle"). Bhain na Boilséivigh a leas féin as na sóivéidí, agus d'éiligh Léinín "an chumhacht iomlán a bhaint amach do na sóivéidí". I Réabhlóid Dheireadh Fómhair, shealbhaigh na Boilséivigh an chumhacht agus chaith siad an Rialtas Sealadach i dtóin phríosúin. San am sin, bhí eite chlé an Pháirtí Shóisialaigh Réabhlóidigh ag tacú leo go fóill, ach sa deireadh thiar thall, bhí siad sin féin lena stádas a chailleadh mar pháirtí dlíthiúil.

An Cogadh Cathartha[athraigh | edit source]

Vlaidimír Ilits Léinín, a chuir bun leis an stát Sóivéadach

Ní raibh gach duine sa Rúis sásta an chumhacht a fhágáil ag lucht leanúna Léinín, áfach, agus phléasc cogadh fuilteach cathartha amach i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair. D'éirigh leis na Boilséivigh an cogadh a bhuachan le lámh láidir, agus iad go mór i dtuilleamaí cineál colúin reatha - an Cheka (giorrúchán is ea é an t-ainm seo a sheasann do na focail Rúisise чрезвычайная комиссия/Chrezvychaynaya Komissiya, is é sin, an Coimisiún Neamhghnách - nó "Coimisiún Neamhghnách uile-Rúiseach na Troda in aghaidh na Frithréabhlóide agus na Sabaitéireachta", leis an ainm iomlán Rúisise a aistriú go Gaeilge).

Mar chuid den chogaíocht a thosaigh i ndiaidh do na Boilséivigh an chumhacht a fhorghabháil, d'éirigh ina chath idir an Rúis Bhoilséiveach agus an Pholainn, a bhí díreach ag baint amach a neamhspleáchais. D'éirigh leis na Polannaigh, fiú, Cív, príomhchathair na hÚcráine, a shealbhú agus a choinneáil ar feadh tamaill, ach sa deireadh, b'éigean dóibh an chathair a thréigean agus tarraingt ar ais go dtí an Pholainn. Bhí marcshlua an Airm Dheirg faoi cheannas an Mharascail Semyon Budyonnyi in ann Vársá féin a bhagairt, ach stop na fórsaí Polannacha iad go gairid roimhe sin, i Mí Lúnasa 1920, agus chuir ruaigeadh orthu. Nuair a síníodh an conradh síochána i Rīga, príomhchathair na Laitvia, i dtús na bliana 1921, fágadh iarthar na hÚcráine agus na Bealarúise ag na Polannaigh. Faoin gcogadh seo, dála an scéil, a scríobh an scríbhneoir clúiteach Sóivéadach Isaak Babel a phríomhshaothar, an díolaim gearrscéalta úd Конармия/Konarmiya ("An Marcshlua").

Aon Pháirtí Amháin[athraigh | edit source]

Rialtas aon pháirtí amháin ab ea é rialtas na mBoilséiveach san Aontas Sóivéadach ón chéad tús. Go gairid i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair, bhí siad ag comhoibriú le heite chlé an Pháirtí Shóisialaigh Réabhlóidigh, ach nuair a chonaic na Sóisialaigh Réabhlóideacha, páirtí a raibh tacaíocht na sluaite móra leis ar dtús, an dóigh chiniciúil a raibh na Boilséivigh ag cur na bpáirtithe eile faoi chois, rinne daoine den pháirtí iarracht Léinín a chur as cumhacht le lámh láidir i Samhradh na bliana 1918. Cloíodh an cheannairc go cruálach, agus nuair a scaoil Fanny Kaplan dhá urchar le Léinín ar an 30ú lá de Mhí Lúnasa 1918, coisceadh an páirtí scun scan, agus caitheadh na baill ar fad i dtóin phríosúin. Mar sin, nuair a fógraíodh an tAontas Sóivéadach go hoifigiúil, ní raibh baill d'aon pháirtí polaitiúil eile ach na Boilséivigh ar an rialtas le fada an lá.

Ó Chogadh go Síocháin[athraigh | edit source]

Le linn an Chogaidh Chathartha, bhí an rialtas Boilséiveach ag cloí go dian le polasaí Cumannach i gcúrsaí eacnamaíochta, agus is gnách "Cumannachas an Chogaidh" a thabhairt ar an gcur chuige a bhí ag an rialtas i gcúrsaí an gheilleagair sna blianta sin. Chothaigh Cumannachas an Chogaidh míshástacht fiú i measc na mairnéalach cogaidh, a bhí ar ceann de na dreamanna ba mhó a chabhraigh le Léinín an chumhacht a shealbhú. I ndiaidh cheannairc na mairnéalach seo i mbunáit chabhlaigh Kronstadt in aice le Cathair Pheadair, chinn Léinín ar éirí as Cumannachas an Chogaidh, agus i Márta 1921, tugadh isteach NEP - an Polasaí Nua Eacnamaíochta (Новая экономическая политика/Novaya Ekonomicheskaya Politika) - a lig scód áirithe leis an bhfiontraíocht phríobháideach arís.

Bás Léinín agus deachtóireacht Stailín[athraigh | edit source]

Iósaf Stailín, deachtóir an Aontais Shóivéadaigh

Sa bhliain 1924, cailleadh Léinín. Bhí a shláinte ag luí air le tamall, nó níor bhisigh sé riamh i gceart i ndiaidh an ionsaí a rinne Kaplan air. Sa bhliain 1922, fuair sé an chéad stróc, agus thosaigh sé ag éirí as gnáthaimh laethúla an rialtais agus á bhfágáil faoi dhaoine eile. I ndiaidh a bháis, thosaigh iomaíocht bhorb bhinbeach idir lucht a chomharbais faoin gcumhacht, agus b'é Iósaif Stailín a bhain an chraobh sa deireadh. I dtús na dtríochaidí, ní raibh aon duine fágtha san Aontas Sóivéadach a d'fhéadfadh Stailín a cheistiú. An céile iomaíochta ba láidire a bhí ann, mar atá, Leon Trotscaí, chuaigh seisean ar deoraíocht ón Aontas Sóivéadach go Meicsiceo, áit ar mharaigh gníomhaí rúnda de chuid Stailín é sa bhliain 1940.

Sa bhliain 1928, chuir Stailín tús leis an chéad Phlean Cúig Bliana san Aontas Sóivéadach. Murab ionann agus an dearcadh idirnáisiúnta a bhí á chur in iúl ag Léinín agus ag Trotscaí ó thús na réabhlóide, bhí na Pleananna Cúig Bliana meáite ar an Sóisialachas a chur ar bun in aon tír amháin. Chuaigh an Stát i gceannas ar na monarchanna agus ar na fiontair thionsclaíocha ar fad a bhí ag obair sa tír, agus bunaíodh feirmeacha comhsheilbhe (calchais) ar fud an Aontais Shóivéadaigh. D'iompaigh an tír ina cumhacht mhór tionsclaíochta, ach san am céanna, fágadh cuid mhór den daonra ar an mblár fholamh. Chuir na scológa go fíochmhar in aghaidh bhunú na gcalchas, agus nuair a chuaigh na húdaráis i dtuilleamaí na láimhe láidire, fuair na milliúin de dhaoine bás sa teagmháil. Níor tháinig aon mhaolú ar chorraíl na sochaí sna tríochaidí ach an oiread. Phurgaigh an Stailín an páirtí le fáil réitithe de na sean-Bhoilséivigh a thabhaigh a dhintiúirí ó Léinín féin, agus chuir sé daoine ní b'óige, ní ba sochomhairlí ina n-áit. San am céanna, cimíodh na mílte gnáthshaoránaigh Shóivéadacha ar chúiseanna doiléire, agus murar maraíodh scun scan iad, cuireadh i gceann de na campaí daoroibre iad. Tógadh mogalra uilechuimsitheach de na campaí seo ar fud na tíre, agus údarás ar leith á riar is á reachtáil - GULag, nó Príomhúdarás na gCampaí Géibhinn. B'é ba chuspóir leis na campaí seo go hoifigiúil ná obair fhónta a sholáthar do "choirpigh" le hiad a chur ar bhealach a leasa, ach is é an rud a bhí ag tarlú dháiríre ná go raibh na fíorchoirpigh ag mursantacht ar na campaí ar fad, nuair nach raibh meas an mhadra ag na séiléirí ná ag na coirpigh ar na cimí polaitiúla, nár thuig go leor acu go raibh aon rud as cosán déanta acu ar aon nós.

Cé go raibh an tIarthar agus an tAontas Sóivéadach mímhuiníneach as a chéile, mhéadaigh ar an gcomhoibriú eatarthu i rith na dtríochaidí. Sa bhliain 1933, thosaigh an caidreamh dioplómatúil idir an tAontas Sóivéadach agus na Stáit Aontaithe. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, thacaigh an tAontas Sóivéadach go gníomhach le lucht leanúna na Poblachta i gCogadh Cathartha na Spáinne in aghaidh Franco a bhí ag fáil cabhrach ó Fhaisistigh na hIodáile agus ó Naitsithe na Gearmáine. Mar sin féin, i ndiaidh don Ríocht Aontaithe agus don Fhrainc Conradh München a shíniú leis an nGearmáin, bhí an tAontas Sóivéadach sásta comhoibriú le Hitler i gcúrsaí eacnamaíocha agus míleata. Sa bhliain 1939, shínigh an tAontas Sóivéadach agus an Ghearmáin Naitsíoch Conradh Ribbentrop agus Molotov, nó conradh neamhionsaí, inar ghéill siad an ceart dá chéile críocha áirithe in Oirthear na hEorpa a fhorghabháil beag beann ar a chéile. De thoradh an chonartha seo, d'fhorghabh an tAontas Sóivéadach an Eastóin, an Laitvia, agus an Liotuáin, agus i Mí Mheán Fómhair sa bhliain 1939, ghabh na fórsaí Sóivéadacha oirthear na Polainne nuair a bhí na Gearmánaigh tar éis an tír sin a ionsaí ón iarthar. An chríochdheighilt a rinne an tAontas Sóivéadach agus an Ghearmáin Naitsíoch ar an bPolainn ansin, bhí sí socraithe sa Chonradh. I ndeireadh Mhí na Samhna sa bhliain chéanna, d'ionsaigh an tAontas Sóivéadach an Fhionlainn. Is iomaí duine a chuir an cheist, an raibh an tAontas Sóivéadach ag brath ar an nGearmáin Naitsíoch a ionsaí nuair a bheadh sé sách cumhachtach le sin a dhéanamh, b'í an Ghearmáin féin a bhris an conradh agus a d'ionsaigh an tAontas Sóivéadach sa bhliain 1941. Chuaigh ionsaí na nGearmánach in abar i gCath Stalingrad a mhair ón dara leath den bhliain 1942 go dtí an chéad leath na bliana 1943. B'ansin a casadh taoide an chogaidh, agus ina dhiaidh sin, d'éalaigh an tArm Gearmánach ón Aontas Sóivéadach trí Oirthear na hEorpa go dtí Beirlín féin, sular ghéill an Ghearmáin sa deireadh sa bhliain 1945. Cé go ndearna an cogadh an-éirleach san Aontas Sóivéadach, d'iompaigh an tír sin ina hollchumhacht dhomhanda de thoradh an chogaidh.

I dtús na tréimhse iarchogaidh, rinne an tAontas Sóivéadach a gheilleagar a atógáil agus a fhairsingiú, ach níor maolaíodh ar lárstiúradh an chórais. Chabhraigh an tAontas Sóivéadach le bail nua a chur ar thíortha Oirthear na hEorpa freisin, ach san am céanna, chuir sé an córas Cumannach i bhfeidhm sna tíortha sin freisin, agus hiompaíodh ina stáit shatailíteacha iad. Bhí gach tír acu á rialú ag rialtas soip, agus iad uile á gceangal den Aontas Sóivéadach trína mballraíocht i gConradh Vársá agus in eagraíocht eacnamaíoch na dtíortha Cumannacha (COMECON). I bhfianaise an impiriúlachais seo, d'iompaigh an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe, a bhí ina gcomhghuaillithe ag an Aontas Sóivéadach i mblianta an chogaidh, - d'iompaigh siad ina naimhde. Thosaigh an Cogadh Fuar idir an tAontas Sóivéadach agus na Stáit Aontaithe nár tháinig deireadh leis sular thit an tóin as an gCumannachas.

I ndiaidh Stailín[athraigh | edit source]

Fuair Stailín bás ar an 5 Márta 1953. Nuair nach raibh comharba inghlactha ar fáil, chinn ardfheidhmeannaigh an Pháirtí Chumannaigh an tír a rialú in éineacht, ach mar sin féin, bhí siad ag iompairc le chéile go dian faoin gceannasaíocht. Ba é Nikita Khrushchev a ghnóthaigh an báire thart faoi lár na gcaogaidí, agus sa bhliain 1956, thug sé óráid inar cháin sé anlathas Stailín. Mhaolaigh sé ar na diansrianta freisin a bhí curtha ag Stailín le saoirse na sochaí. Sa bhliain chéanna, áfach, chloígh na saighdiúirí Sóivéadacha le lámh láidir iarrachtaí na nUngárach agus na bPolannach tuilleadh daonlathais a bhaint amach. Faoin am seo, bhí an tAontas Sóivéadach ag déanamh an-dul chun cinn i gcúrsaí eolaíochta agus teicneolaíochta. Bhí na Sóivéadaigh ina gceannródaithe spásaireachta, nó ba iad a chuir an chéad satailít dhaondéanta, Sputnik a hAon, ag timpeallú an Domhain, agus ina dhiaidh sin, scaoil siad an chéad neach beo - an madra Laika - agus an chéad duine, Yuriy Gagarin, ar an bhfithis timpeall an Domhain. Ní raibh mórán maithe sna leasuithe talmhaíochta agus riaracháin a chuir Khrushchev i gcrích, áfach, agus níor éirigh leis go maith sna polasaithe eachtracha ach an oiread. Cé go raibh rialtas Cumannach curtha ar bun sa tSín, tháinig scoilt idir an tír sin agus an tAontas Sóivéadach, agus maidir leis an gcaidreamh leis na Stáit Aontaithe, bhí an cogadh fuar ar tí iompú ina chogadh dearg sa bhliain 1962, le linn ghéarchéim na ndiúracán i gCúba. Sa bhliain 1964, b'éigean do Khrushchev éirí as agus dul ar pinsean ina ainneoin féin.

Thosaigh tréimhse nua comhcheannasaíochta i ndiaidh scor Khrushchev, ach de réir a chéile, d'éirigh le Leonid Brezhnev, i dtús na seachtóidí, dearscnamh thar na ceannairí eile i saol polaitiúil na Rúise. D'fhéach Brezhnev leis an naimhdeas idir an tAontas Sóivéadach agus an tIarthar a mhaolú trí pholasaí an éideannais (détente), ach san am céanna, bhí sé ag méadú ar na harmálacha agus ar neart míleata an Aontais. Bhí cuma an mhí-ionraicis ar an éideannas, mar sin, agus nuair a d'ionsaigh an tAontas Sóivéadach an Afganastáin i ndeireadh na bliana 1979, bhí deireadh leis an éideannas, agus an cogadh fuar ag dul i neart arís.

I ndiaidh iarrachtaí Khrushchev an eacnamaíocht a leasú sna seascaidí, chrom lucht ceannasaíochta an Aontais Shóivéadaigh ar na sean-nósanna arís. Bhí an tionsclaíocht ag forbairt is ag feabhsú go malltriallach, ach ní raibh ag éirí leis an talmhaíocht. Má bhí an tAontas Sóivéadach ábalta a chuid armálacha a choinneáil bord ar bhord leis na Stáit Aontaithe, bhí an róbhéim seo ar an téisclim chogaidh ag déanamh an-damáiste don gheilleagar. Má tháinig an tAontas Sóivéadach ar an bhfód de thoradh na díograise réabhlóidí, ní raibh a dhath ar bith den spiorad sin fágtha i mblianta Brezhnev. A mhalairt ar fad, bhí cuma an choimeádachais agus na do-athraitheachta ar an dóigh a rabhthas ag reachtáil na tíre, rud a d'aithneofá ar chomh sean agus a bhí na ceannairí féin.

Léarscáil

Fuair Leonid Brezhnev bás sa bhliain 1982. An cupla bliain ina dhiaidh sin, chonacthas beirt seanfhear, Yuriy Andropov agus Konstantin Chernenko, ag rialú an Aontais go tiubh sna sálaí ag a chéile. Ceannairí idirlinne ab ea iad nach raibh mórán difríochta idir iad agus Brezhnev. Sa bhliain 1985, áfach, tar éis bhás Chernenko, ba é Mikhail Gorbachev a ghlac an halmadóir. Bhí sé i bhfad ní b'óige ná mar ba ghnách d'Ard-Rúnaí an Pháirtí Chumannaigh a bheith, agus chrom sé ar an eacnamaíocht, an Páirtí agus an polasaí meán cumarsáide a chur i gcrích. Chuala an saol ar fad iomrá ar an bpeireastráice (perestroika, atógáil, athstruchtúrú) agus ar an ngleasnast (glasnost', neamhbhailbhe), arb iad na focail Rúisise a tharraing Gorbachev chuige ag iarraidh a chuid leasuithe a shainmhíniú. B'é an gleasnast ba mhó a d'athraigh an saol san Aontas, nó bhain sé srianta na cinsireachta de na meáin chumarsáide, ionas go bhfuair muintir an Aontais cead cainte agus teacht ar eolas an chéad uair riamh sa stair.

Ní raibh Gorbachev féin ag súil leis an seachthoradh, áfach, gur thosaigh na poblachtaí Sóivéadacha éagsúla ag éileamh forlámhais ar a gcuid tailte, nó fiú neamhspleáchas, de réir mar a cheadaigh Alt a 72 i mBunreacht an Aontais Shóivéadaigh, cé nár ghlac aon duine an fhoráil sin dáiríre roimhe sin. Is iomaí poblacht a chóirigh an chéad toghchán saor leis an bparlaimint náisiúnta a vótáil isteach sa bhliain 1990. Na parlaimintí a toghadh san am sin, thosaigh siad ag achtú dlíthe nach raibh ag teacht le reachtaíocht an Aontais Shóivéadaigh, agus thosaigh "Cogadh na nDlíthe" idir an tAontas agus na poblachtaí seo. Sa bhliain 1989, tháinig Comhdháil nua Ionadaithe an Phobail le chéile i bPoblacht Shóisialach Fheidearálach Shóivéadach na Rúise, an ceann is mó de bhallphoblachtaí an Aontais. Toghadh Boris Yeltsin ina Chathaoirleach ar an gComhdháil seo. Ar 12 Meitheamh 1990, d'fhógair an Chomhdháil seo forlámhas na Rúise ar thailte na Rúise, agus chrom sí ar dhlíthe a reachtú a bhí ceaptha dlíthe áirithe de chuid an Aontais Shóivéadaigh a chur ar neamhní. Mhair an éiginnteacht dhlíthiúil seo ar feadh na bliana 1991, agus na poblachtaí ag baint amach neamhspleáchais de réir a chéile.