An Chasacstáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Қазақстан Республикасы
Qazaqstan Respūblīkasy
Республика Казахстан
Respublika Kazakhstan
Bratach na Casacstáine Armas na Casacstáine
Bratach Armas
Mana: -
Amhrán náisiúnta: Mo Chasacstáin
Suíomh na Casacstáine
Príomhchathair Astana
51°10′ Thuaidh 71°30′ Thoir
An chathair is mó Almaty
Teangacha oifigiúla Casaicis agus Rúisis
Rialtas Poblacht
Nursultan Nazarbayev
Karim Massimov
Neamhspleáchas
16 Nollag 1991
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
2,727,300 km² ()
1.7%
Daonra
 • Meas. ó 2005
 • Daonáireamh -
 • Dlús
 
15,185,844 (61ú)
-
5.6/km² (182ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$132.7 brilliún (56ú)
$8,700 (92ú)
Airgeadra tenge (KZT)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
(UTC+5 go +6)
(UTC+5 go +6)
Fearann Idirlín .kz
Glaochód +7

Is í an Chasacstáin (Béarla: Kazakhstan, Casaicis: Қазақстан/Qazaqstan, Rúisis: Казахстан/Kazakhstán) an tír is mó i lár na hÁise. Is í Astana príomhchathair na tíre. Cathair nua atá ann nach bhfuil ina príomhchathair ach ón mbliain 1997 anuas. Is í Almaty an iar-phríomhchathair. Bhain an tír amach an neamhspleáchas sa bhliain 1991, agus is é Nursultan Nazarbayev atá ina Uachtarán ón am sin anuas. Sna toghcháin i Mí na Nollag 2005, fuair Nazarbayev níos mó ná 90 % de na vótaí, ach má fuair féin, cháin na monatóirí idirnáisiúnta an toradh seo, agus iad den bharúil nár comhlíonadh an caighdeán idirnáisiúnta ó thaobh an daonlathais de.

Is í an Chasaicis "teanga stáit" na tíre, ach san am céanna, is í an Rúisis an "teanga oifigiúil", agus í á labhairt go forleathan sa tír, go háirithe mar fhrancbhéarla idir na dreamanna eitneacha éagsúla.

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Sroicheann an Chasacstáin ó bhruach na hEorpa go lár na hÁise. Tír Eoráiseach í, mar sin. Is féidir a rá go bhfuil an chuid is mó den tír suite san Áise, ar an taobh thoir d'Abhainn Ural. Tá an Chasacstáin ag críochantaíocht leis an Rúis, leis an tSín, leis an Tuircméanastáin, leis an Úisbéiceastáin agus leis an gCirgeastáin. Is í an Chasacstáin an naoú tír is mó sa domhan, ach san am céanna, níl cónaí ach ar 15.9 milliún duine ansin. Is é is cúis leis sin gur fásaigh atá i 44% thailte na tíre - is é sin, fásach nach bhfuil ach corrdhuine ina chónaí ansin. Tá an 11ú fásach ba mhó sa domhain, Kyzyl Kum (298,000 ciliméadar chearnach)le fáil i nDeisceart na tíre. Tá Khan Tangiri Shyngy mar an sliabh is airde sa tír (7,995m) agus deirtear gur cheann de na sléibhte is áille sa domhain toisc go bhfuil sé déanta as marmar dearg agus an siméadracht foirfe atá aige. Don chuid is mó is plána ollmhór í an Chasacstáin atá idir 200 agus 300 méadair ach thart timpeall ar an Mhuir Chaisp feictear cheann de na píosaí talúin ba ísle sa domhain ar nós Vpadina Kaundy atá -132 méadair.Sna 1970dí bhfuair muintir an Aontas Sóivéadach amach go raibh a lán ór, airgid, chopar, ola, gás nádúrtha, alúmanam agus úráiniam le fáil ann. Cé nach bhfuil aon bealach isteach chuig an fharraige ag an tír, tá trí lochanna ollmhóra sa tír, Loch Balkash, an Mhuir Aral agus an Mhuir Chaisp a úsáideann siad chun iascaireacht agus i gcás an Mhuir Chaisp, roinnt mhaith trádáil chomh mhaith.

Stair[athraigh | edit source]

Tá áitreabh daonna sa Chasacstáin ón gClochaois anuas. Sa chuid ba mhó den tír, ba lucht fáin iad na cónaitheoirí, agus iad ag taisteal timpeall ar lorg féaraigh dá gcuid ainmhithe. Is é is dóigh lena lán staraithe gurb anseo ba thúisce a ceansaíodh an capall. Cé go raibh seanchathracha cosúil le Taraz agus Hazrat-e-Turkestan ina stáisiúin thábhachtacha acu siúd a bhí ag leanúint Bhóthar an tSíoda i dtreo na Síne, níor thosaigh an comhdhlúthú polaitiúil i ndáiríre sula ndearna na Mongólaigh ionradh ar na bólaí seo i dtús na tríú haoise déag. Faoi cheannas na Mongólach, roinneadh an Chasacstáin ina cúigí nó ina ceantair riaracháin, agus sa deireadh, tháinig Mathshlua Ak, nó Cánacht na gCasacach, ar an bhfód, mar chineál stát.

Nursultan Nazarbayev - Uachtarán na Casacstáine

San am seo, bhí na Casacaigh ag cloí lena sean-nósanna traidisiúnta ag fánaíocht timpeall sa steip. Sa chúigiú haois déag, thosaigh cineál comhfhéiniúlachta nó féiniúlacht náisiúnta ag forbairt i measc na dtreibheacha fánacha. Nuair a meascadh na canúintí Turcacha éagsúla tri chéile leis an gCasaicis a dhéanamh, bhí an fhorbairt seo críochnaithe. Mar sin féin, bhí an réigiún ina chnámh spairne idir na taoisigh dhúchasacha agus lucht labhartha na Peirsise ó dheas. I dtús na seachtú haoise déag, bhí an tír á streachailt as a chéile agus na treibheacha, nó na Mathshluaite, éagsúla in achrann a chéile. D'fhág an t-easaontas polaitiúil seo na Casacaigh an-lag, agus tháinig na treibheacha eile ag glacadh a mbuntáiste féin air seo. Sna 1720idí, d'ionsaigh na Dzungáraigh, treibh Mhongólach, an Chasacstáin, ach bhí Abul Khair Khan agus an Mathshlua Beag, a bhí faoina cheannas, - bhí siad ábalta an cath a bhriseadh ar na hionsaitheoirí.

Sa naoú haois déag, thosaigh Impireacht na Rúise ag cúngú isteach ar na Casacaigh. Sna blianta 1813-1907, bhí an Rúis agus Impireacht na Breataine araon ag iarraidh tionchar polaitiúil a imirt ar Lár na hÁise - b'í sin tréimhse an Chluiche Mhóir, mar a thugtaí uirthi. I mblianta an Chluiche Mhóir, chuir na Rúisigh trúpaí armtha ar garastún ar fud na Casacstáin, agus thosaigh siad ag coilíniú na tíre agus ag cur a gcóras riaracháin féin i bhfeidhm uirthi. Níor thaithin seo leis na Casacaigh ar aon nós, nó bhí siad den tuairim gur chuir an míntíreachas isteach ar a seanbhealach maireachtála mar threibheacha fáin. Bhí na coilínithe agus na Casacaigh ag iomaíocht faoi uisce is faoi thailte, agus iad in achrann a chéile go minic. Sa bhliain 1916, d'éirigh na Casacaigh amach, agus iad ag marú Rúisigh gan an sibhialtach a aithint thar an saighdiúir. D'agair na Rúisigh díoltas cruálach orthu. Tháinig fórsa mór saighdiúirí a cuir d'fhiachaibh ar na Casacaigh cúlú go dtí na sléibhte agus a fhad leis an tSín, agus nuair a d'fhéach cuid acu filleadh abhaile sa bhliain a bhí chugainn, mharaigh na saighdiúirí Rúiseacha na mílte acu. Sna blianta 1921-22, bhí gorta mór sa tír, agus fuair milliún Casacach bás le hocras.

Nuair a thit Impireacht na Rúise as a chéile, bhí cineál féinrialtais nó neamhspleáchais ag na Cosacaigh ar feadh tamaill, ach ansin, b'éigean dóibh glacadh le forlámhas na Rúise Sóivéadaí. Sa bhliain 1920, bronnadh stádas na Poblachta Féinrialaithí uirthi taobh istigh den stát Sóivéadach. Rinne na Sóivéadaigh sléacht ar na scothaicmí traidisiúnta agus chomhshealbhaigh siad na tailte, rud a rinne praiseach den churadóireacht, ionas gur tháinig gorta nua ar an tír. Sna blianta 1926-1939, glactar leis gur cailleadh beagnach duine as gach ceathrar de dheasca an fhoréigin, an ocrais agus na himirce. Mar sin féin, ghlac na daoine leor leis an gcumhacht Shóivéadach, agus chrom an brainse áitiúil de Pháirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh ar an tír a Shóivéadú. Sa bhliain 1936, bhain an Chasacstáin amach stádas na Poblachta Sóivéadaí.

Sna tríochaidí agus sna daichidí, tháinig na milliúin de dhaoine go dtí an Chasacstáin ó na poblachtaí Sóivéadacha ní b'fhaide siar. Daoine a bhí ina lán acu a díbríodh as iarthar na tíre ar chúiseanna polaitiúla nó creidimh - b'fhéidir go raibh baint acu le grúpa eitneach éigin nach raibh ag taithneamh le Stailín, b'fhéidir go raibh siad ina mbaill de sheict reiligiúnda éigin a bhí ródhíograiseach ag cur in aghaidh aindiachas oifigiúil an Stáit Shóivéadaigh - agus is iomaí duine acu a coinníodh i mbraighdeanas sna campaí daorbhroide. Bhí campaí móra den chineál sin sa Chasacstáin, cosúil le Kengir, áit ar éirigh na príosúnaigh amach sa bhliain 1954, nó Ekibastuz, áit ar chaith Aleksandr Solzhenitsyn cuid mhaith dá théarma príosúnachta féin.

Sa bhliain 1947, bunaíodh ionad tástála buamaí adamhacha in aice le Semipalatinsk (inniu, Semey). B'é an t-ionad tástála ba tábhachtaí den chineál sin san Aontas Sóivéadach. Pléascadh an chéad bhuama adamhach Sóivéadach ansin sa bhliain 1949, agus thit cuid mhaith den astitim núicléach anuas ar shráidbhailte Casacacha nach raibh a muintir aslonnaithe.

I ndiaidh bhás Stailín, chrom Nikita Khrushchev ar scéim uaillmhianach mhíntíreachais le steip na Casacstáine a iompú ina machaire méith curadóireachta. Níor éirigh leis an scéim ach go lagmheasartha, ach mar sin, ba tús é don fhorbairt mhór a rinneadh ar earnáil na talmhaíochta sa Chasacstáin ina dhiaidh sin, agus is í an talmhaíocht an tslí bheatha is tábhachtaí sa tír i gcónaí.

Sna hochtóidí, bhí an mhíshástacht ag dul i méadaíocht sa tír, agus an ghlúin óg, ach go háirithe, ag cur in aghaidh an rialtais Shóivéadaigh. I Mí na Nollag 1986, d'iompaigh léirsithe na mac léinn in Almaty ina scliúchais, agus chuir na trúpaí Rúiseacha an míshuaimhneas faoi chois go míthrócaireach. Fuair níos mó ná céad duine óg bás, agus cimíodh cuid mhór eile. Is gnách "Zheltoqsan" a thabhairt ar an gceannairc seo, ós é sin an focal Casaicise a chiallaíonn "Mí na Nollag".

Timpeallacht[athraigh | edit source]

Tá a lán truailliú tar éis tarlú i gCasacstáin thar na mblianta ach go háirithe sa 20ú haois faoi cheannasaíocht an A.P.S.S. Cheann de na fadhbanna ba shoiléire atá tar éis teacht chun cinn le déanaí

An Mhuir Aral

ná an laghdú ollmhór ar méid an uisce sa Mhuir Aral, i 1993 bhí laghdú 60% tar éis teacht ar méid an uisce sa loch. Mar gheall ar seo tá an tionscal iascaireachta sa réigiúin tar eis theipeadh go hiomlán go fíor tapaidh. Tharla seo nuair a méidigh Nikita Kruschev agus Leonid Brezhnev méid feirmeoireachta gCasacstáin toisc go raibh an chóras uisciú ag teacht go huil is go hiomlán ón Syr Darya agus Amu Darya, an dá abhaineacha a raibh ag líonadh an loch ar feadh na mílte bliain. Anois tá fadhb mór sa réigiún le stoirm deannaigh ag loite na háite toisc go bhfuil méid mhór sallann a raibh san uisce ach anois atá ag meascadh le hithir na háite, mar gheall ar seo níl siad ábalta iascaracht nó feirmeoireacht a dhéanamh.

Ag an am chéanna tá An Mhuir Chaisp ag méadú gan chúis chinnte dar le heolaithe agus tá a lán tuillte ag tarlú thart timpeall ar an Mhuir ag scriosadh bailte iascaireachta na háite. Deirtear go mbeidh chuid is mó den talamh timpeall an mhuir, 88 bailte agus cathracha móra agus chuid mhaith olacheantaracha ina measc, faoi uisce i gceann tamall. Fadhb eile timpeallachta ollmhór ná na buamaí núicléacha a phléasc na Sóivéadaigh sa fásaigh i Casacstáin gan fiú rá le muintir na háite cad a raibh á dhéanamh acu. Phléasc siad beagnach 500 buamaí sa réigiúin idir 1944 agus 1990 ag scriosadh talamh na háite agus saoil muintir na háite mar gheall ar na ghalair atá siad tar éis tabhairt dóibh ar nós nimhiú raidíochta agus leoicéime. Chomh maith le seo tarlaíonn roinnt mhaith tubaistí nádúrtha i gCasacstáin. I ndeiscart na tíre feictear roinnt mhaith creathanna talúin go minic agus in Almaty, sean phríomhchathair an Chasacstáin, tarlaíon chuid mhaith sleamhnú láibe dáinséireacha.

Cultúr[athraigh | edit source]

Tá cultúr suimiúil tar éis teacht chun cinn i Casacstáin toisc an nascadh idir cultúir na Casacstáine, cultúr na Rúise agus cultúr na tSíne. Ó thaobh bia de itear béilte déanta suas as caoireoil agus capall. An béile a fheictear ba mhinicí i gCasacstáin ná Besbarmak, béile ina itear chuid is mó de caora le daoine áirithe ag ithe codanna áirithe den caora, ar nós itheann na pháistí na duáin agus an chroí. Itheann siad ispíní déanta as feoil chapaill go minic darbh ainm kazy nó shuzhuk. Tá chursaí na meáine fíor chonspóideach go hidirnáisiúnta le hiriseoirí toisc cé go bhfuil sé i bhfad níos saoire ná tíortha eile sa réigiún, cheaptar gur bhréag í seo agus nach bhfuil mórán saoirseacht ag na meán. Chúis amháin go gcreideann daoine seo ná gur leis iníon Narsultan Nazabayev, Dariga Nazarbayeva, chuid is mó de na meáin. Tá chuid mhaith cinsireacht ar siúl ar an idirlíon sa tír. Ghné mór i saol muintir Chasacstáin ná a gceol. Feictear ceol traidisiúnta go minic sa tír, ach go háirithe faoin tuath. Gléas an coitianta sa cheol traidisiúnta ná an dombra mar a fheictear sa pictiúr den stampa. Tá muintir na Chasacstáine ag seinnt an dombra, liúit fada le dhá sreanga. Gléas eile a fheictear i gCasacstáin go minic ná fidil darbh ainm an Qobyz. Tá athbheochan cheoil traidisiúnta ar siúl le déanaí agus tá ag éirí go maith leis. Is gá go ndéanfadh siad seo toisc gur bhunaigh na Rúisigh agus na Sóivéadaigh roinnt mhaith ceoláraisí claisiceacha timpeall na tíre. I ndiadh dóibh neamhspleáchas a fháil, bhí an chuid deacrachtaí acu foireann spóirt rathúil a chur chun cinn, ach le dornáilíocht tá siad tar éis spórt a aimsiú a tá roinnt dóibh iontach aige agus tá siad tar éis cliú agus cáil a fháil toisc a scil ag dornálaíocht. I 1996 agus 2004 bhuaigh Chasacstánaigh an Chorn Val Barker, Chorn a thugtar don dornálaí is sciliúil sna Cluichí Olimpeacha. I 2000 Bhuaigh dornáilithe na Casacsaine dhá bhonn óir agus dhá bhonn airgid.

Litríocht[athraigh | edit source]

As Béarla

  • Baipakov, K., 1998, "The Medieval Towns and Settlements of Kazakstan in the VI-XVIII cc." i A.K. Akhmetov, History of Kazakstan, Essays, CH. CH. Valikhanov History and Ethnology Institute agus Gylym Publishing House, Almaty, Kazakhstan, 15-19.
  • Kadyrbaev, A., 1998, "Kazakhstan in the time of the Mongolian Conquest" i A.K. Akhmetov, History of Kazakstan, Essays, CH. CH. Valikhanov History and Ethnology Institute agus Gylym Publishing House, Almaty, Kazakhstan, 38-42.

Féach ar[athraigh | edit source]