An Bhealarúis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Рэспубліка Беларусь
Республика Беларусь
Poblacht na Bealarúise
Bratach na Bealarúise Armas na Bealarúise
Bratach Armas
Mana: Níl aon
Amhrán náisiúnta: Мы, беларусы, "Sinne, na Bealarúisigh"
Suíomh na Bealarúise
Príomhchathair Minsc
53°55′  27°33′ 
An chathair is mó Minsc
Teangacha oifigiúla Bealarúisis, Rúisis
Rialtas
Alaksandr Łukašenka
Míchail Myasniković
Neamhspleáchas
Fógraithe
Glactha leis ó

27 Iúil 1990
25 Lúnasa 1991
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
207,600 km² (93ú)
I léig
Daonra
 • Meas. ó 2005
 • Daonáireamh 1999
 • Dlús
 
10,300,483 (65ú)
10,045,200
49/km² (142ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$79.13 billiún (64ú)
$7,700 (104ú)
Airgeadra Rúbal (BYR)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
+3 (UTC)
(UTC)
Fearann Idirlín .by
Glaochód +375

Is tír í an Bhealarúis (an Bhílearúis an leagan Gaeilge eile a fheictear i bhfoclóirí áirithe; thugtaí an Fhionnrúis uirthi freisin) atá suite in Oirthear na hEorpa, agus í ag críochantacht leis an Rúis, leis an Liotuáin, leis an Úcráin, agus leis an Laitvia. Is í Minsc an phríomhchathair, agus cathracha tábhachtacha eile is ea iad Biareście, Hrodna, Homiel, Mahiloŭ, agus Viciebsk. Is é an t-ainm oifigiúil Poblacht na Bealarúise (Bealarúisis: Рэспубліка Беларусь/Respublika Biełaruś), ach is gnách An Bhealarúis (Беларусь/Biełaruś) a thabhairt ar an tír go simplí. Tá an tír lán coillte, agus 9,775,000 duine ina gcónaí ansin.

Sna laethanta a bhí, bhain an Bhealarúis lena lán tíortha éagsúla, ar nós Diúcacht Połack, Ard-Diúcacht na Liotuáine, Comhlathas na Polainne is na Liotuáine, agus Impireacht na Rúise. Sa bhliain 1922, roinneadh an Bhealarúis idir Poblacht na Polainne agus an tAontas Sóivéadach. An leath den tír a thit leis an Aontas Sóivéadach, hiompaíodh ina Poblacht Shóivéadach í, is é sin, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise. Sa bhliain 1939, nuair a shealbhaigh an tAontas Sóivéadach an leath thiar den Bhealarúis ón bPolainn, cuireadh leis an leath thoir í, agus ansin, bhí an Bhealarúis iomlán ina Poblacht Shóivéadach. Ar an 27ú lá de Mhí Lúnasa 1990, d'fhógair an Phoblacht seo a ceannasacht go hoifigiúil, agus nuair a tháinig deireadh leis an Aontas Sóivéadach, bhain Poblacht na Bealarúise amach a neamhspleáchas ar an 25ú lá de Mhí Lúnasa 1991. Tá Alaksandr Łukašenka ina Uachtarán ar an mBealarúis ón mbliain 1994 i leith. Faoi láthair, tá an Bhealarúis agus an Rúis i mbun comhchainteanna le hAontas na Rúise agus na Bealarúise a bhunú, is é sin, an dá thír a athaontú arís, ach tá na comhchainteanna sin in abar leis na blianta anuas.

B'í an Bhealarúis an tír ba mhó a bhí thíos leis an radachur ó Thubaiste Searnóbail, cé gur san Úcráin a tharla an tubaiste féin.

Stair[athraigh | edit source]

Tháinig na Slavaigh go dtí an Bhealarúis idir an séú agus an ochtú haois. De réir a chéile, tháinig na Luath-Shlavaigh Oirthearacha i dteagmháil leis na Væringjar nó na hUigingigh Oirthearacha - is é sin, na Lochlannaigh a tháinig ón tSualainn go dtí an Rúis. B'iad na hUigingigh seo a bhunaigh an chéad stát a dtugtaí "An Rúis" air, is é sin, Rúis Chíév. Sa 13ú haois, áfach, bhí na prionsachtaí Slavacha thíos go mór le hionradh na Mongólach, agus b'í Ard-Diúcacht na Liotuáine a shealbhaigh iarsmaí na bprionsachtaí seo ina dhiaidh sin. San am seo, bhí an Liotuáin ag cur cogaidh ar a lán naimhde éagsúla, idir na Mongólaigh agus na Ridirí Teotanacha, a bhí ag iarraidh an taobh seo de Mhuir Bhailt a shealbhú le haghaidh coilíniú agus míntíreachais. Faoi dheireadh, bhris an Pholainn agus an Liotuáin an cath ar na Ridirí i gCath Grunwald (a dtugann na Gearmánaigh Cath Tannenberg air) sa bhliain 1410, agus ón lá sin ar aghaidh, ní raibh na Ridirí ábalta bagairt ar chumhacht na Liotuáine sa Bhealarúis a thuilleadh.

Nuair a bhí an Liotuáin ag rialú na Bealarúise, bhí an tSean-Bhealarúisis - nó teanga seansailéireachta na Rúise Thiar, teanga ar féidir Sean-Úcráinis nó Sean-Bhealarúisis a thabhairt uirthi - ina teanga oifigiúil sa chuid den Liotuáin ina raibh cónaí ar na Slavaigh. Le fírinne, b'é ba chiall leis an "Liotuánach" san am seo ná "Bealarúiseach", ós rud é nach raibh cónaí ar na fíor-Liotuánaigh ach in iarthuaisceart na tíre, agus na Bealarúisigh i bhfad ní ba líonmhaire ná iadsan.

I ndeireadh na cúigiú haoise déag, thosaigh na Rúisigh - is é sin, muintir Ard-Diúcacht Mhoscó - ag cúngú isteach ar thailte na Liotuáine. Thairis sin, bhí na Tataraigh ag foghlaíocht sa tséú haois déag, agus rinne siad an-chreachadh agus an-ródach. Nuair a tháinig deireadh na hochtú haoise déag, áfach, rinne an Rúis, an Phrúis, agus an Ostair críochdheighilt ar an bPolainn agus ar an Liotuáin, agus thit an Bhealarúis leis an Rúis.

Sa Chéad Chogadh Domhanda, shealbhaigh arm na Gearmáine an Bhealarúis. Ar an 25ú Márta 1918, i ndiaidh Chonradh Síochána Brest-Litovsk, d'fhógair an Bhealarúis neamhspleáchas mar Phoblacht Náisiúnta na Bealarúise. Ní raibh fad saoil i ndán don Phoblacht seo, nó nuair a tharraing na Gearmánaigh ar ais, shealbhaigh na Boilséivigh an tír, agus bhaist siad Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise uirthi. Nuair a d'fhorghabh na Boilséivigh an Liotuáin chomh maith, bhunaigh siad Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Liotuáine is na Bealarúise. Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh idir an Rúis Shóivéadach agus an Pholainn sa bhliain 1921, arís, rinne an dá thír seo críochdheighilt ar an mBealarúis. Bhunaigh na Boilséivigh Poblacht Shóivéadach na Bealarúise arís sa leath thoir, agus bhí an Phoblacht seo ina ballstát den Aontas Sóivéadach ón tús.

I Mí Mheán Fómhair 1939, i ndiaidh Conradh Ribbentrop agus Molotov a shíniú leis an nGearmáin Naitsíoch, d'ionsaigh Stailín an Pholainn. D'fhorghabh a chuid saighdiúirí oirthear na Polainne, an chuid den tír a bhí dlite don stát Shóivéadach de réir an Chonartha. Stáitsíodh "reifreann" sna tailte úrghafa, agus ní nárbh ionadh, b'é toradh an reifrinn go raibh lucht oibre Oirthear na Polainne ar bís ar fad dul san Aontas Sóivéadach. Mar sin, cuireadh na gabháltais seo le Poblacht Shóivéadach na Bealarúise agus le Poblacht Shóivéadach na hÚcráine.

Minsc an lae inniu

Sa bhliain 1941, d'ionsaigh an Ghearmáin an tAontas Sóivéadach, agus ní raibh na Naitsithe i bhfad ag teacht i seilbh na tíre seo. Bhí siad ag rialú na tíre go dtí an bhliain 1944, agus idir an dá linn, maraíodh dhá mhilliún Bealarúiseach. Rinne an tUileloscadh éirleach uafásach ar an mBealarúis. Roimh an Dara Cogadh Domhanda, bhí cultúr beo breabhsánta ag na Giúdaigh ansin, agus an Bhealarúis ar an gceann ba mhó Giúdachais san Aontas Sóivéadach ar fad. Fuair formhór mór na nGiúdach seo bás san Uileloscadh, agus níor tháinig an cultúr áitiúil Giúdach chuige arís ina dhiaidh sin. Maidir leis an daonra Bealarúiseach féin, níor shroich sé a leibhéal réamhchogaidh roimh an mbliain 1971.

Cé nach raibh sa Bhealarúis ach "poblacht" de chuid an Aontais Shóivéadaigh i ndeireadh an Dara Cogadh Domhanda, tá sí ina ballstát sna Náisiúin Aontaithe ó bhunú na heagraíochta sin i leith. I ndiaidh an chogaidh, rinne na húdaráis Shóivéadacha forbairt chuimsitheach ar an tionsclaíocht sa Bhealarúis, agus na mílte oibrithe ag tonnadh isteach ó Phoblacht Shóivéadach na Rúise, ó bhí jabanna ar fáil.

Chuaigh blianta an tSóivéadachais go mór mór chun dochair do theanga náisiúnta na tíre. I dtúsbhlianta idéalacha an Aontais Shóivéadaigh, bhí polasaí na "dúchasaíochta" i bhfeidhm, is é sin, bhí iarrachtaí á ndéanamh go hoifigiúil le teangacha na bpoblachtaí beaga a athbheochan agus a fhorbairt. Mar sin, rinne an Bhealarúisis an-dul chun cinn mar theanga oifigiúil sa Bhealarúis sna fichidí. Nuair a tháinig Stailín i gcumhacht, áfach, d'athraigh an port go hiomlán. Ansin, cuireadh srianta le húsáid oifigiúil na Bealarúisise arís, agus thosaigh an stát ag brú na Rúisise anuas ar chách mar "theanga chomhchumarsáide an lucht oibre". Níor thaise do Nikita Khrushchev é, ach an oiread. B'é a thuairimsean ná go gcaithfeadh muintir an Aontais Shóivéadaigh glacadh leis an Rúisis mar theanga a gcomhdhúchais, ó chuideodh sé leo an Cumannachas a thógáil ní ba luaithe.

Nuair a thosaigh Mikhail Gorbachev, ceannaire an Aontais Shóivéadaigh, ar pholasaithe an pheireastráice agus an ghleasnaist, sheachaid muintir na Bealarúise achainí chuige i Mí na Nollag 1986, agus iad ag déanamh a ngearáin faoin ródach a rinneadh ar a gcultúr náisiúnta. Níos luaithe sa bhliain chéanna, thit radachur ar Phoblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise i ndiaidh phléascadh stáisiún cumhachta Chernobyl san Úcráin in aice leis an mBealarúis. I Meitheamh 1988, tháinig an seandálaí Zianon Paźniak ar shlua-uaigheanna in aice le cathair Kurapaty, uaigheanna a raibh timpeall is 250 míle duine marbh ó bhlianta Stailín. Ba dóigh le cuid de na Bealarúisigh gur fianaise a bhí ann go raibh an rialtas Sóivéadach d'aonturas ag iarraidh náisiún na mBealarúiseach a chur de dhroim an tsaoil, agus ba spreagadh é, mar sin, do na Bealarúisigh neamhspleáchas a éileamh.

Polaitíocht[athraigh | edit source]

Poblacht uachtaráin í an Bhealarúis agus í á rialú ag an uachtarán in éineacht leis an Tionól Náisiúnta (Нацыянальны сход/Nacyjanalny schod). De réir Bhunreacht na tíre, toghtar an tUachtarán go ceann cúig bliana. Tá dhá theach ag an Tionól Náisiúnta, mar atá, Teach na nIonadaithe (Палата Прадстаўнікоў/Pałata Pradstaǔnikoǔ, an teach íochtarach) a bhfuil céad is deichniúr comhaltaí air, agus Comhairle na Poblachta (Савет Рэспублікі/Saviet Respubliki, an teach uachtarach) a bhfuil ceathrar comhaltaí is trí scór uirthi. Tá sé de chumhacht ag Teach na nIonadaithe an Príomh-Aire a cheapadh, leasuithe a chur leis an mBunreacht, vóta muiníne a éileamh ar an bPríomh-Aire agus moltaí a dhéanamh faoi pholasaithe i ngnóthaí eachtracha agus inmheánacha. Maidir le Comhairle na Poblachta, arís, tá sí in inmhe oifigigh éagsúla Rialtais a cheapadh, an tUachtarán a tháinseamh, agus glacadh leis na Billí a chuireann Teach na nIonadaithe chuige nó diúltú dóibh. Tá an dá sheomra i dteideal dlí de chuid oifigigh áitiúla a chrosadh má tá an dlí sin ag teacht salach ar an mBunreacht.

Is é Alaksandr Łukašenka atá ina Uachtarán ar an mBealarúis ón mbliain 1994 i leith.

Is é an tUachtarán a cheapann an rialtas, nó Comhairle na nAirí (nó Sóivéid na nAirí, Савет Міністраў/Saviet Ministraǔ) a bhfuil an Príomh-Aire ina cheannasaí air. Ní gá go mbeadh comhaltaí na Comhairle sin ina gcomhaltaí den reachtas, mar sin. Maidir leis an gcumhacht bhreithiúnach is airde sa Phoblacht, tá Cúirt Uachtarach ann chomh maith le sainchúirteanna, cosúil leis an gCúirt Bhunreachtúil. Tá sé faoin gCúirt Bhunreachtúil tabhairt faoi cheisteanna ar leith a bhaineann leis an dlí bunreachtúil agus leis na dlíthe gnó. Is é an tUachtarán a cheapann breithúna na cúirte náisiúnta, ach caithfear na ceapacháin sin a chur faoi bhráid Chomhairle na Poblachta freisin. Is í an Chúirt Uachtarach an chúirt achomhairc is airde i gcásanna coiriúla. Níl sé ceadaithe sa Bhunreacht cúirteanna speisialta seachbhreithiúnacha a chur ar bun.

Cultúr[athraigh | edit source]

Litríocht[athraigh | edit source]

Téacsaí reiligiúnda a bhí i gceist leis na chéad scríbhinní liteartha Bealarúisise ón aonú haois déag ar aghaidh. Ba é Kiryła Turaǔski, nó Ciril ó Turaǔ, an duine ba tábhachtaí acu, agus mhair seisean sa dóú haois déag. Sa tséú haois déag, d'aistrigh Francysk Skaryna an Bíobla go Bealarúisis, nó b'fhéidir Sean-Slaivis Eaglasta a bhí ar maos le focail agus foirmeacha Bealarúisise - tá an dá thuairim ann, ach cibé scéal é, aontaíonn na saineolaithe go léir gurbh é Skaryna a bhunaigh traidisiún liteartha na Bealarúisise. Chuaigh Bíobla Skaryna i gcló timpeall ar an mbliain 1520 i bPrág agus i Vilnias, rud a fhágann gurb é an chéad leabhar clóbhuailte riamh in Oirthear na hEorpa.

Ba é Janka Kupała a chuir tús le saothrú na litríochta nua-aoisí, áfach. Ainm cleite é "Janka Kupała" a chiallaíonn "Eoin Baiste"; Ivan Lucevič a fhíorainm. Rugadh sa bhliain 1882 é, agus d'éag sé i Moscó sa bhliain 1942, díreach nuair a bhí na Gearmánaigh ag forghabháil na Bealarúise. File a bhí ann, ach scríobhadh sé drámaí agus ailt iriseoireachta chomh maith. D'aistrigh sé cuid mhaith litríochta ón bPolainnis agus ón Rúisis.

File tábhachtach eile a bhí i Jakub Kołas, fíorainm Kanstancin Mickievič (1882-1956). Scriobh sé a lán filíochta agus drámaí. Is dócha gurbh eisean an chéad scríbhneoir a dhírigh ar na páistí, nó scríobh sé cuid mhaith dánta do na páistí, agus bhailigh sé scéalta béaloidis mar lón léitheoireachta dóibh. Rinne sé a lán aistriúchán ón bPolainnis (Adam Mickiewicz, mar shampla), Úcráinis (Taras Shevchenko), agus ón Rúisis (Aleksandr Pushkin).

Duine acu siúd a fuair bás i bpurguithe an Aontais Shóivéadaigh a bhí in Ǔladzimier Žyłka (1900-1933), file tábhachtach eile. I mblianta Chogadh Cathartha na Rúise, chuaigh sé ar imirce go Prág sa tSeicshlovaic, áit a raibh sé ag foilsiú irise ina theanga féin. Nuair a shocraigh na cúrsaí síos sa Rúis, agus an rialtas nua Boilséiveach ag dul i gceannas ar an tír, d'fhill sé abhaile, agus dóchas aige as an gcóras nua. Ar dtús, bhí na Cumannaigh ag cur na dteangacha áitiúla chun cinn, agus ghlac Žyłka páirt i gcomhdháil na n-intleachtóirí Bealarúiseacha le litriú na teanga a chaighdeánú. Nuair a tháinig athrú ar an bpolasaí, áfach, thosaigh na Cumannaigh ag lochtú na n-intleachtóirí náisiúnta faoi "náisiúnachas buirgéiseach", agus díbríodh Žyłka as an mBealarúis go dtí an Rúis. Fuair sé bás i ndiaidh chúpla bliain le heitinn.

Scríbhneoir bisiúil próis a bhí i Źmitrok Biadula. Giúdach a bhí ann, agus is é an fíorainm a bhí air ná Samuił Płaǔnik (1886-1941). Scríobh sé úrscéal agus cuid mhór gearrscéalta. Rinne sé iarrachtaí Giúdaigh na Bealarúise a spreagadh chun páirt a ghlacadh in athbheochan na teanga náisiúnta, agus ina chuid scríbhinní, d'insíodh sé scéalta faoi ghnáthshaol na ndaoine i gcathracha beaga na Bealarúise. Fuair sé bás nuair a d'ionsaigh na Gearmánaigh an tAontas Sóivéadach. Tháinig sé slán ó lámh thapaidh na Naitsithe, ach thuirsigh an t-aslonnú é, agus fuair sé bás le taom croí in aice le hUralsk sa Rúis.

Tagairtí[athraigh | edit source]