Moscó

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Moscó (Gaeilge)
Москва (Rúisis)
Coat of Arms of Moscow.png Flag of Moscow (Russia).png
Tíreolaíocht
Stádas: Cathair na Cónaidhme
Achar: 1,081 km²
Déimeagrafaic
Daonra:
- Iomlán (meas2002)
- Dlús daonra

10,126,424
9,367/km²
Teangacha oifigiúla: Rúisis
Polaitíocht
Moscó
Gobharnóir: Sergei Sobyanin
Suíomh sa Rúis
Moscow In Europe.png

Is é Moscó (Rúisis: Москва́) príomhchathair na Rúise agus é suite in iarthar na tíre. Tá daonra thart ar 10.4 milliún ann. Is lár-ionad é do chúrsaí polaitiúla, eacnamúla, airgeadais, oideachais agus iompair na Rúise. Chomh maith leis sin, tá sé mar áit chónaithe d'uachtarán na Rúise, Dmítrí Medvedev. Tá cónaí air san suíomh cáiliúil sin, an Kremlin. Tá clú agus cáil bainte amach ag an Kremlin ós rud é go bhfuil sé suite i gceartlár Mhoscó. Ón Kremlin is féidir an Chearnóg Dhearg (soir), Gairdín Alacsandair (siar) agus Abhainn Moskva (deas) a fheiceáil.

An Chearnóg Dhearg

Iompar[athraigh | edit source]

Tá trí aerphort idirnáisiúnta (Bhnúcobho, Domodedebho agus Seiriméitiebhó) ag an cathair, agus aerphort amháín, Buicobhó, le haghaidh eitilt intíre. Freastalaíonn 9 stáisiúin traenach agus 3 chalafort abhainn an cathair. Ó 1935 oibríonn an meitreo.

Suíomh[athraigh | edit source]

Tá Moscó suite i lár an chuid Eorpach den Rúis, idir na habhainn Oca agus Bholga. Is é 1081 km2 achar na cathrach (2006), agus mar sin, tá Moscó an ballaonad is lú na Cónaidhm na Rúis. Tá an cuid is mó (877 km2) suite taobh istigh den chuar-mhótarbhealach MKAD, agus an 204 km2 eile – taobh amuigh de. Is é 156m an airde mheánach os cionn léibhéal na mara. Tá an pointe is airde – 225m – suite ar an Ard Theóiplaí Stan. Tá an abhann Moscó 38km ar fhad taobh istigh den MKAD.

Crios ama[athraigh | edit source]

Tá Moscó suite sa chrios ama Moscó (UTC+3 sa samhraidh, UTC+4 sa gheimhreadh).

Déimeagrafach[athraigh | edit source]

Teangacha[athraigh | edit source]

Labhairíonn an Rúis's 160 grúpa eitneach 100 teanga difriúla.Is é Rúisis an t-aon teanga oifigiúl ach tá 27 teanga mionlach atá aitheannta.De réir an 2002 daonáireamh bhí 142.6 milliún daoine ábalta Rúisis a labhairt do na 143.8 milliún daoine sa Rúis (99.1%).Is é Tatar an dara teanga is mó le 5.5 milliún cainteoirí le Úcráinis an tríú teanga is mó le 1.8 milliún cainteoirí.Is é Rúisis ceann dos na sé teanga oifigiúl sa UN.


Oideachas[athraigh | edit source]

Tá córas oideachas saor i gcóir gach duine mar chuid don bunreacht. Ó 1990 tá córas 11 bhliain .I 2004 caith rialtas an Rúis 3.6% do an GDP.

Fásra[athraigh | edit source]

Fiú go cathair an-chomhthógtha é Moscó, tá 34,300 ha (nó an triú cuid na cathrach go léir) faoi ghlas.

I Moscó tá páirceanna agus coillte móra ann mar Ismaidhlobhscí, Timíriasebhscí, Filiobhscí, Liúblinscí, Bútobhscí, Bitsebhscí, Kusmínscí, Kúscobjo, an Gáirdín na Lus, Gáirdín Niescútsní, Bitsebhscí, na séadchomhartha Tsaritsinó agus Kolomenskoe.

Freisin, tá cuid na Páirce Náisiúnta Losíní Ostrobh (Inis na Mús) suite ar críoch na cathrach.