Meitreo Mhoscó

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaMeitreo Mhoscó
(ru) Московский метрополитен Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósVlaidímír Leinín agus Lazar Kaganovich (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálmeariompar Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1935
Ócáid shuntasach
1935-foirgníocht
29 Márta 2010 Buamáil Mheitreo Mhoscó, 2010
15 Iúil 2014 2014 Moscow Metro derailment (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball deCommunity of Metros Benchmarking Group Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
OibreoirMoskovskiy metropoliten (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Úinéir de
Le cuid
Cuid dePublic transportation in Moscow (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinmosmetro.ru Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: officialmosmetro Twitter: moscowmetro Instagram: mosmetro Telegram: metrooperativno Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map

Is é Meitreo Mhoscó (Rúisis: Московский метрополитен, Moskovskiy metropoliten) an dara meitreo is gnóthaí ar domhain i ndiaidh dhémheitreo Thóiceo. Clúdaíonn Meitreo Mhoscó príomhchathair na Rúise beagnach go hiomlán. Osclaíodh an meitreo sa bhliain 1935 agus tá clú agus cáil aige maidir le dearadh ornáideach a stáisiún, lena n-áirítear roinnt shamplaí ealaín réalaíoch shóisialach sna stáisiúin.

Forbhreathnú an Mheitreo[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léarscáil Meitreo Mhoscó le faduithe pleanáilte

Tá fad iomlán de 333,4km (185,7mí) ag an Meitreo, lena n-áirítear 12 líne agus 200 stáisiún. Le linn gnáthlae den tseachtain, iompraítear thar 7 milliún paisinéirí sa chóras. Laghdaítear trácht paisinéirí go mór ag an deireadh seachtainne, agus mar sin is é 6,6 milliún paisinéirí in aghaidh an lae an meánthrácht paisinéirí laethúil le linn na bliana. Is cuideachta faoi úinéireacht an stáit é Meitreo Mhoscó.

Ritheann an chuid is mó de na línte sa chóras idir lár-Mhoscó agus bruachbhailte na cathrach. Cruthaítear fáinne ciorclach leis an Líne Koltsevaja agus nascann an líne sin roinnt línte eile sa chóras chun gluaiseachtaí paisinéirí a éascú. Mar sin, níl ar phaisinéirí taisteal go dtí lár na cathrach chun gluaiseacht timpeall an chórais.

Aithnítear gach aon líne le hinnéacs alfa-uimhriúil (de ghnáth ní bhíonn ach uimhir ann), ainm agus dath. Tagraíonn na fógraí gutha do na línte le hainm na líne, ach déantar tagairt do dhath na línte go comhráiteach, ach amháin Líne Kakhovskaja (uimhir 11) mar sannadh imir uaine di atá an-chosúil do Líne Zamoskvoretskaja (uimhir 2), Líne Koltsevaja (uimhir 5) agus Líne Butovskaja (uimhir L1).

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]