Aerfort

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Aerfort
Íomhá
Le cuidinfreastruchtúr aerfoirt
seomra stiúrtha

Is éard atá i gceist leis an aerfort ná áit imeachta agus tuirlingthe do na heitleáin agus na hingearáin, ionas gur féidir leo daoine agus earraí a bhailiú agus a iompú go háiteanna eile. Gnéithe den aerfort iad ná:

  • críochfort le haghaidh lucht taistil. Is é an críochfort an chuid den aerfort atá ann le bheith ag fanacht leis na heitleáin, le ticéad a cheannach agus le stad a dhéanamh idir dhá eitilt, más ea nach féidir leat an chríoch a bhaint amach gan eitleán a athrú. Bíonn siopaí, bialanna, caiféanna, gruagairí, óstáin, tithe tábhairne agus áiseanna eile sna críochfoirt de ghnáth ionas gur féidir leis an lucht taistil taitneamh a bhaint as an am a chaitheann siad ar an aerfort. Gné thábhachtach den chríochfort iad na tolglanna idirthurais. Ansin is féidir leis na taistealaithe bheith ag feitheamh leis an dara heitilt gan áiseanna na haerlíne a fhágáil.
  • rúidbhealach le haghaidh na n-eitleán. Ar na rúidbhealaí a thuirlingíonn is a n-imíonn na heitleáin. Tá áiseanna páirceála, ar nós haingear, ar fáil do na heitleáin, agus tugtar bealach innealta ar an mbealach ó na háiseanna páirceála go dtí an rúidbhealach.
  • túr rialúcháin. Tá na riarthóirí aerthráchta ina suí ansin, agus iad ag coinneáil súile ar ghluaiseachtaí na n-eitleán timpeall an aerfoirt. Tá radar acu leis na heitleáin a aithint, agus nuair a bhuaileann comhartha an radair an t-eitleán, tugann trasfhreagróir an eitleáin cód a chuireann ar chumas na riarthóirí ab t.eitleán a aithint. Bíonn siad i dteagmháil raidió le criúnna na n-eitleán le hiad a chur ar an eolas, abair, faoin aimsir agus faoi na himthoscaí eile ar an aerfort. Ar ndóigh ní féidir le haon eitleán tuirlingt a dhéanamh gan chead tuirlingthe a fháil ó na riarthóirí. Obair dheacair é na heitleáin a choinneáil ó bhualadh faoi chéile os cionn aerfort mór, agus an-fhreagracht ag baint léi. Cuid d'obair na riarthóirí aerthráchta é, ar ndóigh.
  • na seirbhísí sábháilteachta agus slándála. Seiceálann an fhoireann slándála bagáiste na dtaistealaithe agus iad ag iarraidh a fháil amach, an bhfuil airm nó buamaí á n-iompar ar bhord na n-eitleán. Úsáidtear gléasra x-ghathanna leis an mbagáiste a scrúdú, agus oibrítear brathadóir miotail ar an taistealaí féin. Go tipiciúil caithfidh an taistealaí na rudaí miotail "dlíthiúla" a chur uaidh i sliotán ar leith agus siúl trí gheata a bhfuil an brathadóir feistithe ann.
  • an bhriogáid dóiteáin. Ní féidir aerfort mór a reáchtáil gan foireann ar leith de lucht múchta dóiteán. Baineann contúirt ar leith le tuirlingt an eitleáin, agus má theipeann, abair, ar chosa tuirlingthe an eitleáin, caithfidh an bhriogáid dóiteáin a bheith ar láthair le pé tine a mhúchadh sula rachaidh sí ó smacht agus le teacht chun fóirithinte do na taistealaithe. Éilíonn an t-aerthaisteal a lán fuinnimh agus breosla, rud a chuireann go mór mór leis an bpriacal dóiteáin: an ceirisín a theastaíonn le haon eitleán aerthaistil amháin a thabhairt ón Eoraip go dtí Meiriceá, choinneodh sé teach amháin te ar feadh tríocha bliain.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]