Ingearán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ingearán ag foluain.

Is aer árthach faoi leith ingearán. Seachas sciatháin mhóra greamaithe ar thaobhanna an eitleáin, castar go mear sciatháin thanaí ós cionn an aer árthach. Is aer árthach an-áisiúil iad ingearáin mar is féidir leo éirí agus tuirlingt gan scuairdbhealach. Níl an buntáiste céanna ag eitleáin. Níl an luas chéanna ag ingearáin 'is atá ag eitleáin.

Baintear an iliomad feidhm as ingearáin. Iompraíonn siad daoine, baintear feidhm astu mar otharcharr san aer chun daoine gortaithe nó gonta a iompú go mear chuig otharlanna agus baintear feidhm astu chun daoine atá i mbaol a chuardach mar shampla daoine san fharraige nó i bhfolach ar bharr sléibhe nó i gcoill.

Baineann póilíní ar fad an domhain feidhm astu chun cabhrú leo nuair a mbíonn gá le leanúint nó súil eile san aer. Is uirlis fíor-thabhachtach dóibh ingearán chun faire ar rudaí atá ag tarlú ar an dtalamh.

Tá ingearáin comhraic ann freisin. Baineann sochraidí chogúla leas astu in áiteanna ina bhfuil cogadh á fhearadh ann. Is uirlis chogaidh mharfacha iad. Eitlíotar iad chun luíochán a dhéanamh ar shaighdiúirí nó suíomh faoi leith ar an dtalamh. Iompraíonn siad saighdiúirí isteach agus amach ó láthair comhraic.

Do chuid uirlisí