Garda Síochána

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaGarda Síochána
(en) The Civic Guard
(ga) An Garda Síochána na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálpóilíní
póilíní náisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Téann in áitConstáblacht Ríoga na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh22 Feabhra 1922

1923Garda Síochána (Temporary Provisions) Act, 1923 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Coimisinéir an Gharda Síochána Cuir in eagar ar WikidataDrew Harris Cuir in eagar ar Wikidata
Líon fostaithe12,816 Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht

Suíomh gréasáingarda.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: angardasiochana Twitter: gardainfo Youtube: UC68jwy4NVR2yz5Wqu7lNRpA Flickr: gardasiochana Cuir in eagar ar Wikidata

Is é An Garda Síochána an fórsa póilíneachta náisiúnta i bPoblacht na hÉireann.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

An 22 Feabhra 1922, bunaíodh an “Civic Guard”. An Garda Síochána a tugadh orthu ar an 8 Lúnasa 1922.[1]
D'éirigh na Gardaí neamharmtha níos déanaí. Ainmníodh Eoin Ó Dubhthaigh (nó Eoin O’Duffy) ina choimisinéir ar an nGarda an 11 Meán Fómhair 1922.

An 17 Iúil 1924,[2] achtaíodh Acht an Ghárda Síochána, 1924, bonn dlíthiúil buan don fhórsa.[3]

An 22 Feabhra 1933, tugadh bata agus bóthar don Dubhthach.[4]

Is é Drew Harris Coimisinéir an Gharda Síochána ó Mheán Fómhair 2018. Bhí taithí ag Harris ar sheirbhís phóilíneachta a chur ar mhalairt treo. Chuaigh sé san RUC i 1983 agus d’fhan sé sa tseirbhís nuair a bunaíodh an PSNI ina áit.[5],[6] Bhí os cionn deich mbliana curtha isteach aige i gceannaireacht an PSNI mar Phríomhchonstábla Cúnta agus mar Leas-Phríomhchonstábla ó 2014 go dtí 2018.

Cór Tráchta na nGardaí

Eagraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na príomhfheidhmeann atá ag An Garda Síochána ná:[7]

  • An choiriúlacht a aimsiú agus a chosc;
  • Slándáil na tíre a chinntiú;
  • Méid na ngortuithe marfacha agus dáiríre ar na bóithre a ísliú agus sábháilteacht bhóthair a fheabhsú;
  • Obair a dhéanamh le pobail chun cosc a chur ar an iompar frithshóisialta
  • Cur chuige idirghníomhaireachta maidir le réiteach fadhbanna agus caighdeán na beatha i gcoitinne a chur chun cinn.

Is é an Rialtas a cheapas Coimisinéir an Gharda Síochána agus tá sé nó sí freagrach don Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.

Aonad Práinnfhreagartha

Roinntear an tír i sé réigiún a bhfuil gach ceann díobh faoi smacht Choimisinéara Chúnta. Tá méid áirithe Rann i ngach réigiún agus gach ceann díobh faoi cheannas Ard-Cheannfoirt. Laistigh de gach Roinn tá roinnt Ceantar a bhfuil Ceannfort i gceannas ar gach ceann díobh.

An 31 Nollaig 2005, bhí 12,265 Garda (gach grád) ar an bhfórsa.

Céim Méid fostaithe
(31 Nollaig 2015)
Coimisinéir 1
Leas-Choimisinéir 2
Cúntóir-Choimisinéir 5
Príomh-Cheannfort 42
Ceannfort 160
Cigire 247
Sáirsint 1,835
Gardaí 10,524
Gardaí Ionaid
Mac Léinn Ghardaí

Tá Ceanncheathrú an Gharda Síochána i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. National Library of Ireland. "Eoin O'Duffy Papers (lch 4)". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-09-24. Dáta rochtana: 2020.
  2. Scoil Dlí, COBAC (2020-07-17). "Acht an Ghárda Síochána, 1924, bonn dlíthiúil buan don fhórsa" (ga). Twitter. Dáta rochtana: 2020-07-18.
  3. Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "ACHT AN GHÁRDA SÍOCHÁNA, 1924" (ga). achtanna.ie. Dáta rochtana: 2020-07-18.
  4. Ón 20 Iúil 1933 amach, bhí sé i gceannas ar an "nGarda Náisiúnta", eagraíocht de chineál faisisteach sna 1930idí a thugtaí "na Léinte Gorma" orthu i mbéal an phobail, an mílíste a chuir cosaint ar fáil do bhaill Chumann na nGaedheal
  5. "Cé hé Drew Harris, Coimisinéir nua an Gharda Síochána?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-02-22.
  6. "Ceisteanna go leor gan freagairt i dtaobh Drew Harris" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-02-22.
  7. "Eagraíocht" (en). Garda. Dáta rochtana: 2020-02-22.


Garda Síochána na hÉireann Seirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann