Oideachas
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Clár ábhair |
Cur i Láthair [athraigh]
Is é an t-oideachas an léann nó scolaíocht a thugtar do dhuine, mar aon leis an traenáil agus an múnlú a chuirtear air. Sa domhain iartharach, tá ceart ag gach duine, agus is é an gnás inniu, oideachas a fháil ó aois óg go haois idir 15 agus 18, de ghnáth 18 bliain d'aois. In Éirinn in aimsir na bPéindlíthe, bhíodh scoileanna chois claí ar bun faoin tír, mar go raibh an oiread sin coscanna i gcoinne na teangan Gaeilge agus i gcoinne an chreidimh Chaitlicigh.
San oideas foirmiúil, labhraítear ar thrí leibhéal:
Bunoideachas [athraigh]
Sa bhunoideachas, is ghnách do leanaí a bheith ann idir 5/6 bliain agus 11/12 bliain.
Meánoideachas [athraigh]
Leanann an meánoideachas ó aois 11-12 go haois 17 nó 20, ag brath ar an gcóras agus ar an dlí.
Ardoideachas [athraigh]
Leantar d'ardoideachas in ollscoil nó i gcoláiste. Is gnách do scoláire in ardoideachas céim bhaitsiléara nó dioplóma a bhaint amach. Leagtar cúrsa oidis 3 nó 4 bliana amach do chúrsa bhaitsiléara, ach bíonn dioplóma le fáil i gcúrsaí gairmiúla áirithe tar éis bliana go leith nó dhá bhliain. Tugtar comhchéim (Associate's Degree) tar éis chúrsaí 2 bhliana sna Stáit Aontaithe Mheiriceá.