Síceolaíocht
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is í an tsíceolaíocht ná an brainnse sin den eolaíocht a bhaineann le aireachtáil, smaoineamh, mothúchán, agus iompar, agus mar a eiríonn siad as phróiseas orgánacha agus in imoibriú leis an timpeallacht nádúrtha agus shóisialta.
Tá nascanna tábhachtacha idir í agus brainsí eile den eolaíocht nádúrtha (mar shampla, an bhitheolaíocht agus go h-áirithe an eolaíocht néarach) agus shóisialta (mar shampla, an tsocheolaíocht agus an eolaíocht pholaitiúil).
Tá brainse feidhmeach aici freisin, go h-áirithe an tsíceolaíocht chliniciúil, atá dírithe ar chothú sláinte intinne, agus an tsíceaolaícht gnó, atá dírithe ar fhadhbanna a bhaineann le dul chun cinn eagraíochta agus gnó. Uaireanta sa ghnáth-chaint measctear síceolaíocht le síciatracht, ach ní ionann an dá rud. Is brainse leighis í an tsíciatracht agus is lia an tsíciatraí. De ghnáth ní bhíonn traenáil sa leigheas ag síceolaithe agus dá bhrí sin ní úsáideann siad cógais nó drugaí mar áiseanna theiripeach. Mar sin féin, is fíor go bhfuil gaol idir síciatracht agus síceolaíocht chliniciúil nuair atá skilleanna síciteiripe i gceist.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.