Bitheolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Animalia - Bos primigenius taurus
Planta - Triticum
Fungi - Morchella esculenta
Bacteria - Gemmatimonas aurantiaca (- = 1 Micrometer)

Is í an bhitheolaíocht an brainse eolaíochta a dhéanann staidéar ar rudaí beo, ar nós na n-ainmhithe agus na bplandaí.

Tagann an focal "bitheolaíocht" ó na focail "beatha" agus "eolaíocht" - ina bhfuil "eolaíocht" an t-ábhar a bhaineann le heolaí (duine a phléann le heolas). Tá sé cosúil leis na focail i roinnt teangacha Eorpacha eile a thagann ó na focail Ghréigise "βιos" bios (rud beo) agus "λoγos", logos (cuntas réasúnta).

Forbhreathnú[athraigh | edit source]

Ábhar taighde don bhitheolaíocht is ea é conas a bhíonn na horgánaigh bheo á n-iompar agus cad é an chosúlacht atá orthu, conas a thagann na speicis agus na hindibhidí ar an saol, agus cén cineál idirghníomhaíochtaí a bhíonn acu le chéile agus leis an gcomhshaol.

Roinntear na nithe beo ina dtrí phríomhghrúpa ar a dtugtar fearainn ón mbliain 1990 i leith. Roimhe sin, bhí córas na ríochtaí in úsáid. Ar dtús, ba nós dhá ríocht a aithint, mar atá, Ríocht na nAinmhithe agus Ríocht na bPlandaí. Téann an t-aicmiú seo siar go laethanta Linnaeus, ceannródaí Sualannach na bitheolaíochta agus na tacsanomaíochta.

Le forbairt na micreascóp, aithníodh beothaigh de chineálacha nua nach raibh so-aicmithe mar ainmhithe ná mar phlandaí agus sa bhliain 1866 mhol Ernst Haeckel, bitheolaí Gearmánach, go dtabharfaí isteach an tríú ríocht - ríocht na bprótaisteach - mar chatagóir nua. Bhí an chuid ba mhó de na miocrorgánaigh aicmithe ina bprótaistigh, dar le Haeckel.

Sa bhliain 1937, roinn Édouard Chatton na beothaigh ina dhá n-impireacht, mar atá, impireacht na bprócarót agus impireacht na n-eocarót. Ba iad na prócaróit na nithe beaga beo nach raibh "carót", nó núicléas ceart, sa chill acu, ar nós na mbaictéar agus na víreas.

Sa bhliain 1956, d'aithin Herbert Copeland ceithre ríocht, mar atá, ríocht na bplandaí, ríocht na n-ainmhithe, ríocht Monera agus ríocht na bprótaisteach. Dhearc Copeland ar na fungais mar phrótaistigh, nuair ba dhóigh le Haeckel gur plandaí a bhí iontu. An chatagóir nua a tháinig in úsáid, is é sin, Monera, b'ionann é agus na baictéir is na hArchaea.

Sa bhliain 1977, mhol Carl Woese córas nua filigineachta, inar scoilt sé ríocht na mbaictéar ina dhá leath, mar atá, na heobaictéir agus na hArchaea. Ansin, bhí sé ríocht ann, mar atá, ríocht na n-ainmhithe, ríocht na bplandaí, ríocht na bhfungas, ríocht na bprótaisteach, ríocht na n-eobaictéar agus ríocht na n-aircéabaictéar.

An t-aicmiú filigineachta atá in úsáid inniu, áfach, tá sé bunaithe ar fhearainn in áit na ríochtaí, agus ba é Carl Woese a chuir bun leis fosta. Is í an tuiscint atá ag na bitheolaithe inniu ná go bhfuil trí phríomhghrúpa, nó trí fhearann, de nithe beo ann, mar atá, na heocaróit, hArchaea, agus na baictéir. Is iad hArchaea na beothaigh ar a dtugtaí aircéabaictéir roimhe seo nuair a shíltí gur sórt baictéir a bhí iontu. Fearacht na mbaictéar níl a gcuid aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (ADN) suite in aon núicléas ceart. Os a choinne sin, áfach, trascríobhann siad a gcuid ARN (aigéad ribeanúicléasach) ar bhealach atá níos cosúla le próiseas trascríofa na n-eocarót.

Prionsabail eolaíochtúla na bitheolaíochta[athraigh | edit source]

Brainse den eolaíocht is ea í an bhitheolaíocht a bhaineann úsáid as an modh eolaíochta le heolas a bhailiú agus bailíocht na heolaíochta a thástáil. Is éard atá i gceist leis an modh eolaíochta ná eolas a bhailiú i gcaoi go mbeidh sé intomhaiste, intuartha agus bunaithe ar an taithí (eolas eimpíreach), agus gur féidir tátail a bhaint as an eolas sin de réir phrionsabail na réasúnaíochta.

Uilíocht na bitheolaíochta[athraigh | edit source]

Scéimléaráid den ADN (an t-aigéad dí-ocsairibeanúicléasach), bunábhar na ngéinte

Cé go mbíonn na horgánaigh bheo an-éagsúil óna chéile ó thaobh na cuma is na cosúlachta de, tá saintréithe áirithe i bpáirt acu go léir. Is é sin, an bheatha go léir a bhfuil aithne againn uirthi mar bheatha, tá sí bunaithe ar an gcarbón agus ar chomhdhúile an charbóin. Na himoibrithe ceimiceacha a choinníonn an bheatha ag imeacht, is é sin, an bhithcheimic, titeann siad amach idir móilíní a bhfuil slabhraí fada d'adaimh charbóin iontu. Is iad na móilíní sin na blocanna tógála as a bhfuil an t-orgánach beo déanta. Ar an dóigh chéanna, is é an t-uisce an buntuaslagóir sna beothaigh go léir. Sin a bhfuil le rá faoin mbeatha ar an Domhan, ach is féidir an cheist a chur, an gcaithfidh gach sórt beatha - beatha eachtardhomhanda ar phláinéid eile - más ann di ar aon nós - bheith i dtuilleamaí an charbóin ar an dóigh chéanna.

Le heolas géiniteach a choinneáil i dtaisce, baineann na horgánaigh bheo go léir úsáid as an dá mhóilín úd ADN agus ARN - an t-aigéad dí-ocsairibeanúicléasach agus an t-aigéad ribeanúicléasach. Prionsabal uilíoch eile is ea go bhfuil na neacha beo go léir (cé is moite de na víris) comhdhéanta de chealla. Is féidir cosúlachtaí móra a aithint idir na próisis fhorbartha a bhíonn ag na beothaigh éagsúla chomh maith.

Teoiric na hèabhlóide[athraigh | edit source]

Is é is brí leis an éabhlóid i gcúrsaí na bitheolaíochta ná an dóigh ar tháinig na beothaigh ardfhorbartha chun cinn ó na neacha simplí a bhí ann rompu, agus go ndeachaigh an bheatha chun castachta agus chun éagsúlachta in imeacht na milliún bliain. Ba é Charles Robert Darwin (12 Feabhra 1809 - 19 Aibreán 1882) ba túisce a chuir an tuiscint seo os comhair an tsaoil mhóir, nuair a d'fhoilsigh sé a leabhar cáiliúil On the Origin of Species by Means of Natural Selection ("An Dóigh a bhForbraíonn na Speicis tríd an Roghnú Nádúrtha"), sa bhliain 1859. Rinne an foilseachán seo athmhúnlú radacach ar na heolaíochtaí nádúrtha go léir, nó chuir sé an dearcadh dinimiciúil in áit na tuisceana stataí a bhí ag na daoine ar an mbeatha agus ar an saol go dtí sin. Is é sin, má chreid na heolaithe roimh lá Darwin go raibh an nádúr do-athraithe, is é an síor-athrú is bunchloch don tuiscint eolaíochtúil ar an nádúr agus ar an dúlra ina dhiaidh.

Ba é Darwin an chéad duine a bhuanaigh an éabhlóid mar theoiric, ó bhí sé in ann fórsa a tiomána, is é sin, an roghnú nádúrtha, a mhíniú go sásúil, ach glactar leis go raibh an-lámh ag Alfred Russel Wallace i bhforbairt na teoirice chomh maith. Nuair a fuair na bitheolaithe nua-aimseartha amach faoin ngéineolaíocht, faoin ADN agus faoi mhacasamhlú an ADN, chuir siad míniú breise leis an scéal, mar atá, fánaíocht na ngéinte.

Éagsúlacht na Speiceas[athraigh | edit source]

Úsáideann bitheolaithe an lae inniu córas rangaithe a bhunaigh an bitheolaí Sualannach, Carolas Linnaeus ( 1707-1778). Rangaigh Linnaeus gach ainmhí agus plánda dá raibh ar eolas aige ina saghsanna, agus thug sé sainainm faoi leith ar gach saghas. Is í an Tacsanamaíocht an eolaíocht ina rangaítear rudaí beo. Rangaítear na horgánaigh bheo de réír na gcosúlachtaí/na ndifríochtaí a bhíonn acu/eatarthu.

Go dtí le déanaí, bhí cúig phríomhrangú in úsáid (na Cúig Ríochtaí):

Monera -- Protista -- Fungi -- Plantae -- Animalia

Sa lá atá inniu ann, áfach, bíonn formhór na n-eolaithe den tuairim go bhfuil an rangú seo míchruinn agus as dáta.

Rangaítear rudaí beo i dtrí Ríocht san tacsanamaíocht nua-aimseartha mar seo a leanas;

Archaea (i gcéaduair mar Archaebacteria) -- Baictéir (i gcéaduair mar Eubacteria) -- Eukaryota.


Grúpáiltear 'Géinis' i 'bhFine', 'Finte' in 'Ord' mar seo a leanas; Speiceas, Géineas, Fine, Ord, Rang, Fíleam agus Ríocht.

Rangaíodh daonnaithe uile an domhain in aon speiceas amháin, sé sin Homo sapiens. Tá 'Homo sapiens' rangnaithe mar seo; Ríocht-Ainmithe, Fileam-Chordata, Rang-Mammalia, Ord-Primates, Fine-Hominidae, Géineas-Homo, Speiceas-sapiens. Crann.png

Leanúnachachas[athraigh | edit source]

Creidtear go bhfuil sinsearach uilechoiteann ag gach neach atá beo.

Hoimeastáis[athraigh | edit source]

Is é is brí le 'hoimeastáis' ná an cumas oiriúnaithe atá ag córais oscáilte, timpeallacht inmheánacha a rialú agus coinníollacha atá cobhsaí nó seasmhach a bhaint amach.

Idirghníomhachtaí[athraigh | edit source]

Réimse[athraigh | edit source]

Sanasaíocht[athraigh | edit source]

Stair[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]