An Chreimil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
An Chreimil
Radharc oíche
Radharc geimhridh
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(ru) Московский Кремль
Sonraí
CineálCreimil, ceantar stairiúil, díol spéise do thurasóirí, foirgneamh rialtais, áras oifigiúil agus díol suntais ailtireachta
Cuid deAn Chreimil agus an Chearnóg Dhearg
AiltireAristotile Fioravanti
Palace of Facets (en) Aistrigh
Aloisio da Milano
Pietro Antonio Solari
Foirgníocht1482 Cuir in eagar ar Wikidata
Úsáidáras oifigiúil
Croineolaíocht
ionsaí dróin ar an gCreimlín, 2023
Tréith
Achar dromchla27.5 ha
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinMoscó, An Rúis agus Tverskoy District, An Rúis (en) Aistrigh
SuíomhКремль
Map
 55°45′06″N 37°37′04″E / 55.751667°N 37.617778°E / 55.751667; 37.617778
Le cuidTsarskaya Tower (en) Aistrigh
Cuid de Shuíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO
Am1990 (14ú Seisiún)
Federal cultural heritage site in Russia (en) Aistrigh
Federal cultural heritage site in Russia (en) Aistrigh
Tsarskaya Tower
Suíomh gréasáin oifigiúilkreml.ru

Is í an Chreimil an daingean istigh i Moscó, ina bhfuil cónaí ar Uachtarán na Rúise. Is éard is bunús leis an bhfocal sin ná Кремль ("Kreml'") na Rúisise, a chiallaíonn "dúnfort", go háirithe dúnfort i gcroílár na cathrach. Bíonn "creimileanna", nó dúnfoirt den chineál seo, i seanchathracha Rúiseacha eile freisin, ach is í an Chreimil i Moscó an ceann a aithníonn na daoine lasmuigh den Rúis.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luadh an Chreimil i Moscó an chéad uair riamh i gcáipéis ón mbliain 1331. Roimhe sin, bhain na scríbhneoirí úsáid as an bhfocal grad - focal ón tSean-Slaivis Eaglasta a chiallaíonn "cathair", cosúil le "gorod" na Rúisise. Bhí dúnfort de chineál éigin ansin sa dóú haois déag, ar a laghad.

Tá a fhios againn gur dhaingnigh agus gur fhairsingigh an Prionsa Yuri Dolgorukiy (nó "Seoirse Lámhfhada") an grad go mór sa bhliain 1156. D'ionsaigh na Mongólaigh Moscó sa bhliain 1237, agus chuir siad an dúnfort trí thine.

San am sin, bhí na Rúisigh i dtuilleamaí adhmaid le tithe a thógáil, agus mar sin, bhí sé furasta an Chreimil a dhó.

hAtógadh an Chreimil in athuair sa bhliain 1339, as dair.

An Chreimil

Ba é Ivan Kalita ("Eoin an Spliúcháin"), prionsa Mhoscó, a thóg na chéad fhoirgnimh chloiche sa Chreimil sna 1320idí agus sna 1330idí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]