An Asarbaiseáin (tír)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Azərbaycan Respublikası
Poblacht na hAsarbaiseáine
Bratach na hAsarbaiseáine Armas na hAsarbaiseáine
Bratach Armas
Mana: -
Amhrán náisiúnta: Azərbaycan Respublikasının Dövlət Himni
Suíomh na hAsarbaiseáine
Príomhchathair Bakı
40°22′ Thuaidh 49°53′ Thoir
An chathair is mó Bakı
Teangacha oifigiúla Asarbaiseáinis
Rialtas Poblacht
Ilham Aliyev
Artur Rasizade
Neamhspleáchas
1991[1]
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
86,600[1] km² (114ú)
1.6%
Daonra
 • Meas. ó 2011
 • Daonáireamh 1999
 • Dlús
 
9,165,000[2] (89ú)
7,953,438
106/km² (100ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2011
$94.318 billiún[3] (85ú)
$10,340[3] (88ú)
Airgeadra Manat (AZN)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
(UTC+5)
(UTC+4)
Fearann Idirlín .az
Glaochód +994

Poblacht iar-Shóivéadach is ea í an Asarbaiseáin, nó Poblacht na hAsarbaiseáine (Azərbaycan Respublikası). Tugtar "Tír na Síor-Thine" ar an Asarbaiseáin, ós rud é go bhfuil sí saibhir in artola. Tá sí suite idir an Iaráin, an Rúis, an Airméin agus an tSeoirsia. Tá cuid den Asarbaiseáin, mar atá, Nakhichevan nó Naxçıvan, dealaithe ón gcuid eile den phoblacht ag an Airméin. Tá Naxçıvan ag críochantacht go díreach leis an Tuirc.

Muslamaigh Shítheacha is ea iad na hAsarbaiseánaigh, agus is í an Asarbaiseáinis teanga oifigiúil na tíre.[4] Tá gaol dlúth aici leis an Tuircis, agus is féidir leis na Turcaigh an chuid is mó den teanga a thuiscint.[5] Labhraítear an teanga chéanna in iarthuaisceart na hIaráine freisin, in Asarbaiseáin na hIaráine.

Tá limistéar mór suite idir an Airméin agus an Asarbaiseáin, mar atá, Sléibhte Karabagh, arb Airméanaigh iad formhór mór a dhaonra. Ba leis an Asarbaiseáin an limistéar seo, go dtí gur tháinig deireadh leis an Aontas Sóivéadach, ach ansin, thosaigh na hAirméanaigh áitiúla ag cur cogaidh le cuidiú ón Airméin féin chun neamhspleáchas a bhaint amach ón Asarbaiseáin agus an limistéar a chur leis an gcuid eile den Airméin. Níl ceist Karabagh fuascailte go fóill, cé go bhfuil sos cogaidh i bhfeidhm idir an dá stát inniu.[6]

Stair[athraigh | edit source]

Tháinig lucht labhartha na Tuircise go dtí an Asarbaiseáin san aonú haois déag. Thit an réigiún leis na Seilsiúcaigh sa bhliain 1055, nuair a shealbhaigh siad an Iaráin agus an Chugais. Ba iad na gobharnóirí (atabeq) a bhí ag rialú na hAsarbaiseáine mar chúige thar ceann an tsabhdáin Sheilsiúcaigh, agus iad ina ngéillsinigh don tsabhdán, ach ba mhinic a chuaigh an t-atabeq chun cearmansaíochta ar an sabhdán, agus an cúige beagnach ina stát neamhspleách aige. Sa bhliain 1225, chuir Rí (nó shah) Khorezm, Jalaladdin, deireadh le stát an atabeq.

I ndiaidh lár na tríú haoise déag, ba é Hülegü, a bhí i gceannas ar na Mongólaigh Iolchánacha, a shealbhaigh an Asarbaiseáin, agus bhunaigh sé a phríomhchathair sa chúige. Ba é a chomharba, Abaqa, a d'athraigh an phríomhchathair go Tebriz.

Másailéam ón 15ú haois i mBakı, príomhchathair na hAsarbaiseáine

Sa chúigiú haois déag, shealbhaigh an Pheirs, a bhí á rialú ag na Safaivídigh san am seo, an Asarbaiseáin. Níor tháinig athrú air seo roimh an ochtú haois déag, nuair a thit an Asarbaiseáin as a chéile agus tiarnaí áitiúla i gceannas ar a gcuid stáitíní feodacha. I dtús na naoú haois déag, shealbhaigh an Rúis Impiriúil de réir a chéile an chuid den Asarbaiseáin stairiúil arb ionann í agus an phoblacht neamhspleách atá ann inniu.

Nuair a thit an tóin as an Rúis Impiriúil i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, bhain an Asarbaiseáin amach an neamhspleáchas, ach ní raibh fad saoil sa phoblacht nua. I ndiaidh cupla bliain lán trioblóidí agus cogaíochta, d'fhorghabh na Boilséivigh an Asarbaiseáin i ndeireadh Mhí Bhealtaine 1920, agus rinneadh "poblacht Shóivéadach" den tír. I mí na Márta 1922, bunaíodh Poblacht Shóivéadach na Tras-Chugaise, arb iad an Asarbaiseáin, an Airméin agus an tSeoirsia a comhchodanna, ach níor mhair an chomhphoblacht seo ach go dtí an bhliain 1936, nuair a bunaíodh Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hAsarbaiseáine mar phoblacht Shóivéadach ar leith.

Níor sparáil purguithe Stailín an Asarbaiseáin ach oiread le haon phoblacht eile san Aontas. Shiúil an bás an tír go míthrócaireach sna tríochaidí, nuair a chuir Mir Jafar Baghirov, cúlaistín áitiúil an deachtóra, na mílte chun báis. Is iomaí intleachtóir agus ealaíontóir a maraíodh ar an gcúis go raibh siad ag déanamh spiaireachta nó uisce faoi thalamh ar mhaithe leis an Tuirc. Ba é an náisiúnachas pan-Tuirceach ba mhó a chuir isteach ar Stailín san Asarbaiseáin, agus na híobartaigh á milleanú faoi bhaint a bheith acu leis an idé-eolaíocht naimhdeach seo.

Sa Dara Cogadh Domhanda, rinne na Naitsithe iarracht an Asarbaiseáin a shealbhú, ó bhí an oiread sin artola in ithir na tíre. Mar sin, cuireadh muintir na hAsarbaiseáine idir fhir, mhná agus pháistí ag obair de ló is d'oíche le trinsí a ghearradh agus constaicí eile a thógáil a stopfadh na tancanna. Mar a thiontaigh na cúrsaí amach, áfach, chuaigh ionsaí na Gearmáine in abar sular tháinig sé a fhad leis an Asarbaiseáin.

Sa bhliain 1990, thosaigh na hAsarbaiseánaigh ag léirsiú agus ag agóidíocht in aghaidh an rialtais Shóivéadaigh. Ar dtús, stopadh na léirsithe go brúidiúil, ach sa deireadh thiar thall, bhain an tír amach neamhspleáchas mar phoblacht sa bhliain a bhí chugainn. Le linn an chéad chupla bliain neamhspleáchais, áfach, bhí na hAirméanaigh i Sléibhte Karabagh ag cur cogaidh lena gceantar a scaradh ón Asarbaiseáin agus a chur leis an Airméin. B'éigean do na hAsarbaiseánaigh eitneacha a bhí ina gcónaí in Karabagh éalú lena n-anam agus dídean a lorg sa chuid eile den tír. Tháinig sos cogaidh idir an Airméin agus an Asarbaiseáin sa bhliain 1994, ach níl ceist na teorainne fuascailte go fóill.

Maidir leis an daonlathas, níl mórán den earra sin ar fáil sa tír. I dtúsbhlianta an neamhspleáchais, bhí an Asarbaiseáin á rialú ag an intleachtóir náisiúnaíoch úd Əbülfəz Elçibəy, ach ní raibh Elçibəy ábalta síocháin a choinneáil ná a chothú sa tír, nuair a thosaigh an cogadh mírathúil in aghaidh na nAirméanach ag luí ar eacnamaíocht agus ar pholaitíocht inmheánach na hAsarbaiseáine. Bhí Elçibəy ag comhoibriú go dlúth leis na Faolchúnna Liatha, eagraíocht Fhaisisteach sa Tuirc atá ag iarraidh na hiar-phoblachtaí Sóivéadacha a bhfuil teangacha de phór Tuirceach á labhairt iontu a aontú in aon tír amháin, an "Tuirceastáin Mhór". Ní raibh Elçibəy ábalta an tír a rialú ná an cogadh a fhearadh go héifeachtach, fiú le cabhair ó na comhairleoirí (ar bhaill de na Faolchúnna Liatha iad) a tháinig chuige ón Tuirc, agus sa deireadh thiar, ba é an t-iar-Chumannach úd Heydər Əliyev a chuir as cumhacht é. Fuair Əliyev bás sa bhliain 2003, agus tháinig a mhac İlham Əliyev i gcomharbas air.[7]

Daonra[athraigh | edit source]

Timpeall chasadh na mílaoise, bhí 9.1 milliún duine ina gcónaí san Asarbaiseáin, agus naonúr duine as gach deichniúr acu ina nAsarbaiseánaigh ó thaobh na teanga is an dúchais de. Is iad na Rúisigh an dara dream eitneach is mó, ach inniu, tá cuid mhór acu tar éis filleadh ar an Rúis, agus mar sin, níl ach 1.8 % de dhaonra na tíre ina Rúisigh inniu. Thairis sin, tá cuid mhór náisiúnachtaí beaga de chuid na Cugaise ag cur fúthu, mar Leisgínigh, Talaoisigh, Avaraigh, Sachúraigh, Búdúchaigh, Udi, agus eile. Tá Giúdaigh bhundúchasacha ina gcónaí timpeall Quba in Oirthuaisceart na hAsarbaiseáine, agus an teanga Tat á labhairt acu. Is teanga Iaránach í. Bhí mionlach mór Airméanach san Asarbaiseáin sular phléasc an cogadh amach idir an Airméin agus an Asarbaiseáin, ach d'éalaigh an mionlach seo go dtí an Airméin - cé is moite díobh siúd a raibh cónaí orthu in Karabagh féin, an limistéar atá forghafa ag fórsaí Airméanacha anois.

Muslamaigh is ea iad 93.4 % de dhaonra na hAsarbaiseáine, an chuid is mó acu ina Muslamaigh Shítheacha. Tá an tIoslam Sunnach, Eaglais Ortadocsach na Rúise, an Giúdachas agus seicteacha beaga Muslamacha agus Críostaí le fáil sa tír freisin. An chuid is mó de na hAsarbaiseánaigh, áfach, ní chloíonn siad go ródhian leis an Ioslam.

Ceoltóirí Asarbaiseánacha

Cultúr[athraigh | edit source]

Is í an Asarbaiseáinis príomhtheanga na tíre, agus í ag baint le foghrúpa Oghuz na dteangacha Tuirceacha. Tá sí an-chosúil leis an Tuircis. Thairis sin, tá tábhacht áirithe leis an Rúisis i gcónaí.

Is í an ghné is suntasaí de chultúr dúchasach na hAsarbaiseáine ná an stíl ceoltóireachta ar a dtugtar muğam.[8] Ní ceol tíre é an ceol muğam ach ceol casta Clasaiceach a bhfuil lorg an cheoil Pheirsigh agus Arabaigh le haithint air. Inniu, tá ceoltóirí san Asarbaiseáin atá ag iarraidh an ceol muğam agus an snagcheol Meiriceánach a mheascadh le stíleanna nua a chruthú.

Tagairtí[athraigh | edit source]