An Chéad Chogadh Domhanda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Chéad Chogadh Domhanda
An Chéad Chogadh Domhanda
Dáta: 28 Iúil 191411 Samhain 1918
Áit: An Eoraip, an Afraic agus an Meánoirthear
Toradh: Bua na Chomhghuaillithe. Cuireadh Conradh na Náisiún ar bun. Deireadh le hImpireacht na Gearmáine, hImpireacht na hOstaire-Ungáire, srl.
Céilí comhraic
An Entente Triarach Na Cumhachtaí Láir
Ceannasaithe
Flag of Russia.svg Nioclás II
Flag of Russia.svg Lavr Kornilov
Flag of France.svg Raymond Poincaré
Flag of France.svg Georges Clemenceau
Flag of the United Kingdom.svg Seoirse V
Flag of the United Kingdom.svg H. H. Asquith
Flag of the United Kingdom.svg Horatio Kitchener
Flag of the United Kingdom.svg D. Lloyd George
Flag of Belgium.svg Albert I
Flag of Italy (1861-1946).svg Victor Emmanuel III
Flag of the United States.svg Woodrow Wilson
Flag of Japan.svg An tImpire Taishō
State Flag of Serbia (1882-1918).svg Petar I
... srl ...
Flag of Austria-Hungary (1869-1918).svg Franz Iosaf I
Flag of Austria-Hungary (1869-1918).svg Séarlas I
Flag of Austria-Hungary (1869-1918).svg A von Straussenburg
Flag of the German Empire.svg Uilliam II
Flag of the German Empire.svg Erich von Falkenhayn
Flag of the German Empire.svg Paul von Hindenburg
Ottoman flag.svg Mehmed V
Flag of Bulgaria.svg Ferdinand I
... srl ...
Slua
Taismigh
Básanna: 5,525,000
Gortaithe: 12,831,500
In easnamh: 4,121,000
Básanna: 4,386,000
Gortaithe: 8,388,000
In easnamh: 3,629,000

Is éard a bhí i gceist leis an gCéad Chogadh Domhandaan Cogadh Mórcoimhlint dhomhanda a mhair ón mbliain 1914 go dtí an bhliain 1918. Sháraigh sé na cogaí go léir roimhe sin, agus inniu féin glactar leis go raibh sé ar an gcogadh ba mhó agus ba scriosúla i stair an chine dhaonna roimh an Dara Cogadh Domhanda. Cuireadh an chuid ba mhó den chogadh san Eoraip. Fágadh na milliúin marbh, agus tháinig domhan nua chun saoil de thoradh an chogaidh.

Is gnách na Comhghuaillithe agus na Cumhachtaí Láir a thabhairt ar an dá thaobh sa chogadh seo. Ba iad na Comhghuaillithe an Ríocht Aontaithe, Impireacht na Rúise, agus an Fhrainc, is é sin, an Entente Triarach, chomh maith leis an Iodáil nach ndeachaigh sa chogadh ach ní ba déanaí. Le fírinne bhí an chuma ar an scéal i dtús an chogaidh go dtaobhódh an Iodáil leis na Cumhachtaí Láir, ach ní mar sin a tharla. Ba iad na Cumhachtaí Láir ná Démhonarcacht na hOstaire is na hUngáire agus Impireacht na Gearmáine, an Bhulgáir agus an Tuirc Otamánach.

Cuireadh cuid mhaith de na cathanna ar an gCathéadan Thiar, ach le fírinne chuaigh ascnamh an dá thaobh i bhfostú ansin, agus d'fhan na saighdiúirí sna trinsí ar feadh na mblianta fada, ag iarraidh latrach an áir idir an dá thrinse a thrasnú. Rith an cathéadan seo ón Muir Thuaidh go teorainn na hEilvéise. Bhí cathanna farraige agus aeir ann chomh maith. Fuair naoi milliún saighdiúir bás i machaire an áir, agus d'éag na milliúin sibhialtach chomh maith.

Ba é an rud a chuir an lasair sa bharrach ná dúnmharú Franz Ferdinand, Ard-Diúc agus ball de rítheaghlach na hOstaire, i Sairéavó sa Bhoisnia. Ansin d'iompaigh an cogadh ina choimhlint dhomhanda de réir a dhinimice féin. Go bunúsach, tharraing an Ostair agus an tSeirbia a gcuid comhghuaillithe isteach sa chogadh, agus bhí na pleananna cogaidh chomh socair roimh ré ag na hairm is nach raibh na státairí ábalta an t-arrachtach a stopadh. Chuir an cogadh deireadh leis na himpireachtaí ilnáisiúnta san Eoraip agus tháinig stáit nua ar an bhfód: an tSeicslóvaic, an Iúgslaiv, an Eastóin, an Fhionlainn, an Laitvia, an Pholainn agus an Liotuáin.

Ba é Conradh Versailles a chuir deireadh leis an gcogadh go hoifigiúil. Sa bhliain 1919 a síníodh é.

Cúiseanna an chogaidh[athraigh | edit source]

Rás na nArm[athraigh | edit source]

Deirtear gurb as aontú na Gearmáine sa bhliain 1870 a d'eascair an Cogadh Mór, nó nuair a tháinig na mionstáit Ghearmánacha le chéile in aon mhórstát amháin, b'ionann sin agus cothromaíocht na gcumhachtaí san Eoraip a chur ag guagaíl. Ar dtús, ní raibh cuma ródhona ar na cúrsaí, nó bhí Otto von Bismarck, Seansailéir na Gearmáine, meáite ar an tsíocháin a choinneáil le tíortha eile na hEorpa, agus é ag dul i muinín taidhleoireachta agus conarthaí éagsúla leis an gcuspóir seo a bhaint amach. Thar aon rud eile, níor theastaigh ó Bismarck go bhfágfaí an Ghearmáin ag cur troda ar dhá chathéadan san am chéanna, agus mar sin, bhí sé dírithe ar chaidreamh cairdiúil a choinneáil le hImpireacht na Rúise, nó ba é an rud ba mhó a chuir eagla air ná an Fhrainc agus an Rúis a bheith ag ionsaí a thíre ón dá thaobh. Sa bhliain 1888, áfach, ba é an tImpire Uilliam a Dó a tháinig chun cumhachta sa Ghearmáin. Ní raibh sé sásta le polasaithe ciallmhara measartha Bismarck, agus thug sé bata is bóthar don tSeansailéir sa bhliain 1890. Bhí dearcadh náisiúnaíoch impiriúlach ag Uilliam, agus é dianbharúlach go raibh sé daite dó "áit faoin ngrian" a bhaint amach don Ghearmáin. Ní raibh mórán suime aige sa taidhleoireacht ná sna conarthaí arbh iad for agus fónamh Bismarck iad.

Chuir stiúir nua bhagrach na Gearmáine míchompord ar na Sasanaigh, go háirithe an dóigh a raibh loingeas cogaidh na Gearmáine ag dul i méadaíocht. Ba iad na longa Sasanacha a bhí "ag rialú na dtonnta" ar fud an domhain, agus ba dóigh le lucht rialtais na Ríochta Aontaithe go raibh na Gearmánaigh ag tabhairt a ndúshláin lena gcuid longa nua cogaidh. Mar sin, thosaigh na Sasanaigh féin ag tógáil longa láidire cogaidh de chineál nua - dreadnoughts, a fuair a n-ainm ón gcéad long chogaidh den chineál seo, an HMS Dreadnought. Chuir an rás armála idir an Bhreatain Mhór agus an Ghearmáin spreagadh i dtíortha eile na hEorpa téisclim a dhéanamh do chogadh mhór, agus an caiteachas míleata ag dul i méadaíocht ar fud na hilchríche.

Na Pleananna Cogaidh, an Mhímhuinín agus an Slógadh[athraigh | edit source]

Ceann de chúiseanna an chogaidh ab ea na pleananna réamhcheaptha a bhí ag na cumhachtaí go léir leis an gcogadh a bhuachan. Ba é Plean Schlieffen, plean slógtha na Gearmána, a tharraing an cogadh anuas ar an ilchríoch. Go bunúsach, bhí sé bunaithe ar an smaoineamh go n-ionsófaí an Fhrainc gan seans a fhágáil aici eagar ceart cogaidh a chur ar a cuid saighdiúirí in am. An plean a bhí ag na Francaigh bhí sé dirithe ar an gceantar tionsclaíoch chois abhainn Ruhr, an Ruhrgebiet, a fhorghabháil, nó ní fhéadfadh an Ghearmáin cogadh a chur in uireasa na tionsclaíochta ansin. De réir plean eile de chuid na bhFrancach shlógfaí an t-arm go sciobtha le teorainn na Gearmáine agus na hOstaire-Ungáire a bhaint amach. Chruthaigh na pleananna seo atmaisféar cogúil so-adhainte idir na tíortha.

Míleatachas agus uathlathas[athraigh | edit source]

Saighdiúirí Éireannacha ag ligean scíth le linn Chath na Somme, 1 Iúil, 1916

Chuir Uachtarán na Stát Aontaithe, Woodrow Wilson, agus daoine eile an pobal i dtreo an mhíleatachais. Cheap siad go raibh an cogadh ina iarmhairt ar an méid cumhachta a bhí cruinnithe ag an aicme uachtarach. Bhí Wilson ag súil go gcuirfí Conradh na Náisiún ar bun agus cheap sé dá bhfhaigheadh na Stáit réidh lena n-airm go mbeadh síocháin ar domhan.

Impiriúlachas eacnamaíochta[athraigh | edit source]

Cheap Vladimir Lenin go raibh cúis an chogaidh ag baint leis an impiriúlachas domhanda. Mar fhianaise d'úsáid sé tuairimí Karl Marx agus John A. Hobson, a dúirt níos luaithe go mbrisfeadh cogadh domhanda amach dá leanfaí ar aghaidh leis an impiriúlachas. Chuir sé an argóint chun tosaigh go raibh na bainc shaibhre taobh thiar den rialtas i stáit áirithe. An rud faoin tuairim seo ná: Cén fáth nach raibh cogadh idir an Fhrainc agus Sasana? Bhí an bheirt acu ag leathadh amach a n-impireachtaí san Aifric agus san Áise, agus ba bheag nár thosaigh cogadh i Fashoda. Chun an fhírinne a rá, thosaigh impiriúlachas na hOstair-Ungáire agus na Rúise i dtaobh na mBalcán.

Iomaíocht i dtaobh eitneach agus an polaitíocht , sean agus nua[athraigh | edit source]

Chreid an domhan go raibh cogadh idir an Ostair-Ungáir agus an tSeirbia chun teacht pé scéal é (cé nach n-aontaíonn an staraí A. J. P. Taylor leis sin), de dheasca go raibh an tír ag titim as a chéile agus an náisiúnachas ag fás ar fud na mBalcán. Tharla an fás seo de bharr gur thit an Túirc as a chéile (bhí cogadh sa Libia idir iad féin agus an Iodáil inar chaill siad). Thug an Rúis tacaíocht dóibh toisc go raibh nasc reiligiúnda agus eithneach eatarthu, ach freisin ón uair go raibh suim acu i dteacht ar phoirt uisce te.

An fhadhb i gcomhair na Gearmáine ná go raibh sé suite i lár na hEorpa agus éasca le hionsaí ar an ábhar sin. Freisin, bhí an Fhrainc fós feargach mar gheall ar chailliúint Alsace agus Lorraine sa chogadh leis an bPrúis. Ar deireadh rinne na Fhrancaigh comhghuaillíocht leis na Rúisigh, ionas go raibh rudaí ag éirí dáinséarach don Ghearmáin.

Géarchéim Mí Iúil[athraigh | edit source]

Forogra cogaidh agus tús an chogaidh[athraigh | edit source]

An cogadh féin[athraigh | edit source]

An cogadh san aer[athraigh | edit source]

An cogadh san fharraige[athraigh | edit source]

An cogadh ar talamh[athraigh | edit source]

Deireadh an chogaidh[athraigh | edit source]

Torthaí[athraigh | edit source]

Bhí a lán torthaí ag an gcogadh sin. Thosaigh Reabhlóid na Rúise go gairid ina dhiaidh, agus athraíodh an Eoraip ón bhunús. Sa socrú síochána, cuireadh tús le deich dtír nua, agus tógadh a lán talaimh ón Ghearmáin. Cuireadh deireadh le an-chuid monarcachtaí freisin agus tús len a lán tíortha beaga daonlathacha. Níor éirigh le mórán de na tíortha seo, áfach, mar gheall ar a neamhchobhsaíocht. Thosaigh an Dara Cogadh Domhanda agus Cogadh Cathartha na Spáinne go hindíreach mar thoradh, agus scriosadh an geilleagar in a lán tíortha de dheasca ghéarchéim na heacnamaíochta.