An Libia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Libia
دولة ليبيا (ar) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnLibya, Libya, Libya Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 27°N 17°E / 27°N 17°E / 27; 17

PríomhchathairTripilí Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán6,678,567 (2018) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús3.8 hab./km²
Teanga oifigiúilan Araibis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deAn Afraic Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla1,759,541 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Mheánmhuir Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeBikku Bitti (en) Aistrigh (2,267 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleSabkhat Ghuzayyil (en) Aistrigh (−47 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síGreat Socialist People's Libyan Arab Jamahiriya (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
15 Lúnasa 1551Tripoli Eyalet (en) Aistrigh
24 Nollaig 1951Kingdom of Libya (en) Aistrigh
1 Meán Fómhair 1969Libyan Arab Republic (en) Aistrigh
2 Márta 1977Great Socialist People's Libyan Arab Jamahiriya (en) Aistrigh
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachHouse of Representatives (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Chairman of the Presidential Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataMohamed al-Menfi (2021–) Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-Aire na Libia Cuir in eagar ar WikidataAbdulhamid Dbeibeh (2021–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil39,798,423,941 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraLibyan dinar (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.ly Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+218 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála190, 191 agus 193 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreLY Cuir in eagar ar Wikidata

Is tír san Afraic í an Libia. Is í Tripilí an phríomhchathair. Is iar-choilíneacht de chuid na hIodáile í, suite idir an Éigipt agus an Túinéis agus teorainneacha aici chomh maith leis an Nígir, an tSúdáin, agus Sead. Tír mhór í, 1,759,540 ciliméadar cearnach, agus níl cuid ar bith di faoi uisce.

Aeráid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aeráid Mheánmharach atá fán chósta, ach is fásach te tirim lom atá sa mhórchuid den tír. Le blianta anuas tá Tionscadal na hAbhann Móire ar bun chun uisce atá faoi thalamh sa Sahára a thabhairt go cathracha an chósta, an tionscadal uisce is mó sa domhan ach tá an fásach ag méadú i gcónaí.

Fuair b'fhéidir 10k bás ar 10 Meán Fómhair 2023 nuair a bhuail Stoirm Daniel an tír. Bhí an fhearthainn ar scála nach bhfacthas riamh cheana. Réabadh dambaí móra agus bhuail tuilte móra an tír.[1]

Príomhalt: Stoirm Daniel

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh do mhórchumhachtaí na hEorpa ruathar a dhéanamh ar an Afraic sa naoú haois déag, agus coilíneachtaí a dhéanamh d'fhormhór na hilchríche, ghabh an Iodáil seilbh ar an Libia i 1911.

Ré Gaddafi[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bronnadh neamhspleáchas ar Libia i mí na Nollag 1951. Bhí rí i gceannas na tíre ar feadh tamaill go dtí gur éirigh an t-arm amach ina choinne faoin gCornal Gaddafi, an té atá i gceannas i Libia ó Mheán Fómhair 1969 go dtí 2011.

Córas ina raibh meascán den sóisialachas agus de dhlí traidisiúnta Arabach a bhunaigh Gaddafi ina raibh an pobal in ainm iad féin a rialadh. Ach go praiticiúil, deachtóireacht mhíleata a bhí sa Libia, agus thug an ceannaire tacaíocht do naimhde Iosraeil, Mheiriceá agus na Breataine ó tháinig sé i gcumhacht.

Rinne Gaddafi ionsaithe chomh maith ar Sead ar mhaithe le greim a fháil ar mhianaigh luachmhara sa tír sin, agus theastaigh uaidh tíortha Arabacha na hAfraice a aontú le chéile faoina cheannas féin.

  • Éire. Chuir Gaddafi an-chuid armlóin ar fáil don IRA in Éirinn
  • Lockerbie. Ciontaíodh gníomhairí dá chuid as an ionsaí ar eitleán paisinéirí Meiriceánach os cionn Lockerbie na hAlban sa bhliain 1992.
  • Airm núicléacha. D'admhaigh an Libia sa bhliain 2003 go raibh iarracht á dhéanamh airm núicléacha a dhéanamh le cabhair ó eolaithe na Pacastáine, ach i ndiaidh deireadh a bheith curtha leis an tionscnamh sin bhí gaol níos fearr aici le tíortha an Iarthair.

Éirí amach, 2011[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2011, mar chuid den Earrach Arabach, thosaigh éirí amach sa Libia i gcoinne réimeas Gaddafi. D'eisigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta barántas gafa ar Gadaffi agus, faoi cheannasaíocht na Ríochta Aontaithe agus Fraince, thug roinnt tíortha cúnamh do na reibiliúnaigh Libiacha.

Ar 22 Lúnasa 2011 rinne na reibiliúnaigh a mbealach isteach sa phríomhchathair agus an lá ina dhiaidh sin bhris siad isteach i ndaingean Gaddafi sa chathair chéanna. D'éalaigh sé go dtí an chathair Sirte. Maraíodh ansin é ar 20 Deireadh Fómhair 2011. Bhí an chuid is mo den tír faoi smacht an Chomhairle Idirthréimhseach Náisiúnta de chuid na reibiliúnach... ar feadh cúpla seachtain.

Amharclann - Sabratha

Ainrialachas, 2011 - inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'imigh an tír le hainrialtacht beagnach láithreach. Agus tá an ainriail i réim sa tír ó shin i leith. Bhí an Libia scoilte ina dhá leath sa bhliain 2011-2012, Bhí an taobh thoir (ina bhfuil Benghazi) faoi riail éagsúil pholaitiúil ó iarthar na tíre, réigiún a bhfuil Tripilí agus an rialtas "oifigiúil". Tá stádas idirnáisiúnta ag an Rialtas thiar i Tripilí. [2]

Dúirt Barack Obama ar an 7 Márta 2016 go raibh praiseach d'obair a bhí ann, agus chuir sé cuid den locht ar David Cameron agus Nicolas Sarkozy.[3]

Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ar an ola a bhraitheann eacnamaíocht na tíre go hiomlán. Bhí daonra 6,355,000 ann sa bhliain 2008.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]