An Bheilg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Koninkrijk België
Royaume de Belgique
Königreich Belgien
Ríocht na Beilge
Bratach An Bheilg Armas An Bheilg
Bratach Armas
Mana: Eendracht maakt macht (nl) L'union fait la force (fr) Einigkeit macht stark (de)
(Déanann an aontacht an chumhacht)
Amhrán náisiúnta: La Brabançonne
Suíomh An Bheilg
Príomhchathair An Bhruiséil
50°54′ Thuaidh 4°32′ Thoir
An chathair is mó An Bhruiséil
Teangacha oifigiúla Ísiltíris, Fraincis, Gearmáinis
Rialtas Monarcacht bhunreachtúil
Philippe
Elio di Rupo
Neamhspleáchas
Ón Ísiltír
 
1830
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
30,528 km² (139ú)
6.4
Daonra
 • Meas. ó 2006
 • Daonáireamh 2001
 • Dlús
 
10,511,382 (76ú)
10,296,350
344.32/km² (29ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2004
$316.2 billiún (30ú)
$31,400 (13ú)
Airgeadra Euro (EUR)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
CET (UTC+1)
CEST (UTC+2)
Fearann Idirlín .be
Glaochód +32

Is tír í an Bheilg (Ísiltíris: België, Fraincis: Belgique, Gearmáinis: Belgien) atá suite in Iarthar na hEorpa. Tá teorainn aici leis an Ísiltír, an nGearmáin, Lucsamburg, an bhFrainc, agus tá cósta aici ar an Muir Thuaidh.

Tá sí ag crosbhóthar cultúrtha idir an Eoraip Ghearmánach (le cainteoirí na hOllainnise sa tuaisceart, Flóndras) agus an Eoraip Rómánsach (le cainteoirí na Fraincise, An Vallóin), agus tá tionchar aige sin ar chastacht a cuid institiúidí agus a cuid staire polaitiúla.

Trí theanga oifigiúil atá sa Bheilg: An Ísiltíris (tuairim is 60%), an Fhraincis (tuairim is 40%), agus an Ghearmáinis (níos lú ná 1%).

Is ballstát den Aontas Eorpach í an Bheilg.

Stair[athraigh | edit source]

Eascraíonn ainm na tíre as treabh darbh ainm na Belgae, Ceiltigh a chónaigh i dtuaisceart na Gaille agus a cuireadh faoi smacht na Róimhe ag an Impire Iúl Caesar sa bhliain 56RC. Tháinig treabhanna Gearmánacha isteach sa chuid sin den Eoraip tar éis d'impireacht na Róimhe titim as a chéile agus tháinig ríochtaí nua chun cinn. Bhí flaitheas ag ríthe éagsúla de chuid na nGearmánach agus na bhFrancach ar limistéir na Beilge sna meánaoiseanna, agus tháinig an Phléimeannais, an Bhrabantais agus an Liombuirgis (canúintí de chuid na hÍsiltírise) chun cinn mar phríomhtheangacha labhartha i dtuaisceart an réigiúin seo i dtuaisceart na hEorpa agus ar an taobh eile teanga Picard agus an Vallúinis (teangacha de chuid na dteangacha Rómánsacha) i ndeisceart an réigiúin seo. Rinneadh Críostaithe de mhuintir na tíre ag manaigh Éireannacha a bhunaigh misiúin ann.

Cloigtheach Brugge

Bhí an Bheilg faoi smacht ag tíortha éagsúla, ag an bhFhrainc agus ag an Ísiltír go háirithe, agus ag an Spáinn go dtí gur tharla an tAthrú Creidimh agus bunú Phoblachta na hOlloine. Nuair a ghnóthaigh na cúigí sa tuaisceart a neamhspleáchas i riocht an Ísiltír (an Ollainn) bhí an Bheilg faoi smacht na hOstaire ar feadh tamaill go dtí gur ghabh fórsaí impiriúla Napoleon seilbh uirthi ar feadh cúpla bliain. Aontaíodh an Bheilg leis an Ísiltír nuair a bhí cogadh Napoleon thart, ach bhain sí a neamhspleáchas amach in 1830 nuair a bhris réabhlóid amach sa tír. Ach fós cloistear an logainm: Ísiltír na Spáine.

Tháinig cumhachtaí móra na hEorpa le chéile chun Prionsa Leopolt ón mBaváir a inshealbhú mar Rí Leopold I (tairgeadh ríocht na Gréige dó roimhe sin ach dhiúltaigh sé é). Rinne an Isiltír ionradh ar an mBeilg i 1831 agus bhí cogadh idir an dá thír go dtí gur aithin an Ísiltír neamhspleáchas na Beilge sa bhliain 1839.

De thoradh Chomhdháil Berlin 1885 ghlac an Bheilg páirt i gcóilíniú na hAfraice, agus ghabh seilbh ar sciar ollmhór talún in abhanntracht an Chongó. Fearann pearsanta dá chuid féin a bhí sa chóilíneacht seo don rí Leopold II agus ba mhór an scanall an drochíde a tugadh do dhúchasaigh na tíre. Bhí an-tóir ar rubar agus úsáideadh imeaglú, céasadh, dúnmharú agus leonadh chun sclábhaithe a dhéanamh de mhuintir na tíre. Bhí an-bhaint ag an tírghráthóir Éireannach, Ruairí Mac Easmainn, le nochtú an drochíde seo agus mar gheall ar an mbrú idirnáisiúnta a d'eascair as a chuid tuairiscí, b'éigean don Rí an chóilíneacht a chur i lámha an stáit.

Rinne an Ghearmáin ionradh ar an mBeilg i 1914 agus i 1940 in ainneoin gur fhógair an tír a neodracht sna haighnis idir mhórchumhachtaí na hEorpa. Cuireadh deireadh le polasaí na neodrachta tar éis an Dara Chogaidh Domhanda agus chuaigh an Bheilg isteach i NATO (Conradh an Atlantaigh Thuaidh). Bhí sí ar cheann de bhaill bunaidh Chomhphobail Eacnamaíoch na hEorpa.

Le céad bliain anuas tá deighilt mhór idir phobail na Fraincise agus na Pléimeanaise sa Bheilg, agus is minic go mbítear ag tuar go dtitfidh an tír as a chéile.

Comhphobal agus Réigiúin[athraigh | edit source]

Tá an rialtas cónaidhme bunaithe ar na réigiúin agus a theangacha:

  1. An Rialtas Cónaidhmeach, sa Bhruiséil
  2. Trí réigiún: Réigiún na bPléimeanneach (tá cúig chúige ann), Réigiún na Vallúnach (cúig chúige) agus Réigiún na Bruiséile.
  3. Trí chomhphobal bunaithe ar na teangacha:

Nasc seachtrach[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]


Bratach an AE An tAontas Eorpach (AE) Bratach an AE
an Bheilgan Bhulgáiran Chipiran Chróitan Danmhairgan EastóinÉirean Fhionlainnan Fhraincan Ghearmáinan Ghréigan Iodáilan Ísiltíran Laitviaan LiotuáinLucsamburgMáltaan Ostairan Pholainnan Phortaingéilan Ríocht Aontaithean Rómáinan tSeican tSlóvaican tSlóivéinan Spáinnan tSualainnan Ungáir
Tíortha iarrthacha
an ÍoslainnPoblacht na MacadóineMontainéagróan tSeirbiaan Tuirc