An Pholainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rzeczpospolita Polska
Poblacht na Polainne
Bratach na Polainne Armas na Polainne
Bratach Armas
Mana: Níl aon mhana oifigiúil ann. Go neamhoifigiúil, úsáidtear Bóg, Honor, Ojczyzna = Dia, Onóir, Dúchas
Amhrán náisiúnta: Mazurek Dąbrowskiego
Suíomh na Polainne
Príomhchathair Vársá
52°13′ Thuaidh 21°02′ Thoir
An chathair is mó Vársá
Teangacha oifigiúla Polainnis1
Rialtas
Bronisław Komorowski
Donald Tusk
Neamhspleáchas
11 Samhain 1918
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
312,685 km² (68ú)
2.6%
Daonra
 • Meas. ó 2005
 • Daonáireamh 2002
 • Dlús
 
38,635,144 (32ú)

123.5/km² (64ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$512.9 billiún (23ú)
$13,275 (51ú)
Airgeadra Złoty (PLN)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
CET (UTC+1)
CEST (UTC+2)
Fearann Idirlín .pl
Glaochód +48
1 Labhraítear Bílearúisis, Caisiúbais, Gearmáinis, agus Úcráinis mar dhara theanga oifigiúil i gcuig réigiún sa tír.

Tír í an Pholainn (Polainnis: Polska), nó Poblacht na Polainne (Polainnis: Rzczeczpospolita Polska), mar a thugtar uirthi go hoifigiúil, atá suite ar chósta theas Mhuir Bhailt. Tá sí ag críochantacht leis an nGearmáin, le Poblacht na Seice, leis an tSlóvaic, leis an Úcráin, leis an mBílearúis agus leis an Liotuáin. Thairis sin, tá ceantar Kaliningrad, ar leis an Rúis é, suite idir an Liotuáin agus an Pholainn.

Ainm na tíre[athraigh | edit source]

Tugann na Polannaigh féin Polska ar a dtír dhúchais ina dteanga féin. Tá an t-ainm seo bunaithe ar Polanie, is é sin, treibh de Shlavaigh a raibh cónaí orthu ar mhachairí móra na tíre fadó. Ciallaíonn an focal féin pole "páirc" nó "machaire" sa teanga. Tá ainmneacha na tíre i dteangacha eile fréamhaithe ón tamhan céanna, cé is moite de chupla eisceacht: Lehistan a thugtar ar an bPolainn sa Tuircis, Lengyelország san Ungáiris, agus Lenkija sa Liotuáinis. Tá na hainmneacha seo bunaithe ar ainm treibhe eile, mar atá, Lędzianie. Bhí an treibh seo ag cur fúithi i gcríocha oirthuaisceartacha na Polainne de réir mar a bhreathnaíonn an tír inniu.

Is é ainm oifigiúil na tíre ná Rzeczpospolita Polska. Ní úsáidtear an focal dúchasach sin rzeczpospolita mar théarma Polainnise ar phoblacht ach le tagairt a dhéanamh do phoblacht na Polainne. Na poblachtaí eile, cosúil le hÉirinn, tugtar republika orthu. Le fírinne, níl i rzeczpospolita féin ach aistriú focal ar fhocal ar respublica na Laidine, nó ciallaíonn an dá fhocal gnó poiblí.

An Córas Polaitíochta[athraigh | edit source]

I ndiaidh bhlianta fada an Chumannachais, d'éirigh leis na Polannaigh daonlathas ceart a chur ar bun faoi dheoidh i dtús na nóchaidí. Is poblacht pharlaiminteach í an tír inniu, agus dhá theach - Sejm (an dáil, nó teach na dteachtaí) agus Senat (an seanad) - sa pharlaimint. Tá 460 feisire ar Sejm, agus na saoránaigh ag caitheamh a vótaí sna holltoghcháin uair in aghaidh na gceithre mbliana. Tá 100 Seanadóir ann, agus iad á dtoghadh sna holltoghcháin chomh maith. Tugtar Zgromadzenie Narodowe nó an Comhthionól Náisiúnta ar dhá theach na paraliminte in éineacht - ar an Oireachtas, i dtéarmaí Éireannacha.

Bhí páirtithe éagsúla sa pharlaimint i mblianta an Chumannachais féin, cosúil le páirtí na bhfeirmeoirí (SL - Stronnictwo Ludowe nó Páirtí an Phobail) agus páirtí oifigiúil na gCaitliceach (PAX). Ba é an Páirtí Cumannach, nó Polska Zjednoczona Partia Robotnicza - "Páirtí Aontaithe Lucht Oibre na Polainne" - a bhí i mbun na gcúrsaí dháiríre, áfach. Ba é an ficsean oifigiúil go raibh an páirtí sin cruthaithe ag na Cumannaigh agus ag na Sóisialaigh Dhaonlathacha in éineacht - sin é an chúis go raibh an t-ainm sin air.

Tá tionchar nach beag ag na hiar-Chumannaigh i gcónaí ar an saol polaitiúil sa Pholainn. Níor éirigh leis na mionpháirtithe a tháinig ar an bhfód i ndiaidh athbhreith an daonlathais iad féin a bhuanú, agus sa lá atá inniu ann, bíonn na páirtithe nua ag teacht agus ag imeacht, toghchán i ndiaidh a chéile. Bíonn cuid mhór de na Polannaigh sách éiginnte i gcónaí faoina ndearcadh polaitiúil féin, agus grúpaí beaga tuathghríosóireachta coitianta go leor ar fud na sochaí.

Muintir agus Cultúr na Polainne[athraigh | edit source]

Roimh an Dara Cogadh Domhanda, bhí an Pholainn lán mionlaigh mhóra eitneacha, agus bruíonachas ar siúl go minic idir na mionlaigh agus na náisiúnaithe antoisceacha Polannacha. I ndiaidh an chogaidh, áfach, tá an Pholainn iontach aonchineálach ó thaobh an daonra de.

Is í an Pholainnis teanga oifigiúil na tíre, agus í ó dhúchas ag 96 % den 38 milliún duine atá ag cur fúthu sa tír. Is teanga Shlavach í an Pholainnis, agus is iad an tSeicis, an tSlóvaicis agus an tSorbais, teanga neamhfhorleathan a labhraítear in oirthear na Gearmáine, is gaolmhaire léi. An ceithre faoin gcéad eile, tá siad ag labhairt Úcráinis, Bílearúisis, Liotuáinis, Giúdais (teanga atá fréamhaithe ón tsean-Ghearmáinis), GearmáinisTatairis. Is Caitlicigh iad lucht labhartha na Polainnise de ghnáth. Bíonn creideamh mionlaigh éigin ag dul leis an teanga nó leis an dúchas mionlaigh go minic. Mar shampla, bíonn an creideamh Protastúnach ag baint leis an nGearmáinis. Na hÚcráinigh, arís, is dual dóibh urraim a thabhairt dá n-eaglais Chaitliceach Oirthearach, eaglais a chloíonn leis na deasghnátha Gréigeacha, cé go dtugann sí aitheantas don Phápa. Is Ceartchreidmhigh Oirthearacha iad na Bílearúisigh, agus na Tataraigh ina Muslamaigh. I ndiaidh an ródaigh a rinne Uileloscadh na Naitsithe ar phobal mór millteanach na nGiúdach sa Pholainn, ní mhaireann ach dornán acu beo sa tír. Bíonn an Ghiúdais á labhairt ag an tseanghlúin, ach dealraíonn sé nach mbacann na Giúdaigh óga leis an teanga seo a thuilleadh. Giúdach Polannach ab ea an Dr Ludwig Zamenhof, a thionscain an teanga idirnáisiúnta Esperanto i gcathair Vársá sa bhliain 1887.

I mblianta an Chumannachais, chuir dream réasúnta mór de dhídeanaithe Cumannacha ón nGréig fúthu sa Pholainn, agus iad ag iarraidh saol cultúrtha dá gcuid féin agus ina dteanga féin a choinneáil ag imeacht. De réir chosúlachta, áfach, ní raibh teacht aniar sa Ghréigis mar theanga mhionlaigh sa Pholainn, nó tá an teanga ag imeacht go tiubh téirimeach i measc shliocht sleachta na ndídeanaithe inniu, agus iad ag dul leis an bPolainnis agus le nósanna na bPolannach go breá sásta.

Cúigí na Polainne[athraigh | edit source]

Cúigí na Polainne

Tá sé chúig déag sa Pholainn. Województwa a thugtar ar na cúigí, is é sin, vóvadachtaí - tá gaol ag an bhfocal le hainm na Vóvaidíne sa tSeirbia. Is é an powiat nó an contae an chéad leibhéal riaracháin taobh thíos den chúige, agus tá 379 bpowiat sa Pholainn ar fad. Tá na powiaty (sin é an uimhir iolra sa Pholainnis) roinnte ina ngminy (uimhir uatha: gmina), a bhféadfaí paróistí a thabhairt orthu as Gaeilge (tá an focal féin bunaithe ar Gemeinde na Gearmáinise, focal a chiallaíonn paróiste). Tá 2479 ngmina sa Pholainn.

Is iad na cúigí nó na województwa ná:

  • Pomorskie, príomhchathair: Gdańsk
  • Zachodniopomorskie, príomhchathair: Szczecin
  • Lubuskie, príomhchathair: Zielona Góra
  • Wielkopolskie, príomhchathair: Poznań
  • Dolnośląskie, príomhchathair: Wrocław
  • Opolskie, príomhchathair: Opole
  • Śląskie, príomhchathair: Katowice
  • Małopolskie, príomhchathair: Kraków
  • Świętokrzyskie, príomhchathair: Kielce
  • Lubelskie, príomhchathair: Lublin
  • Mazowieckie, príomhchathair: Vársá
  • Łódkie, príomhchathair: Łódź
  • Kujawsko-Pomorskie, príomhchathracha: Bydgoszcz (áit a bhfuil cónaí ar an vóvad, is é sin, ar ghobharnóir an chúige) agus Toruń (áit a mbíonn Comhairle an Chúige ag tionól)
  • Warmińsko-Mazurskie, príomhchathair: Olsztyn
  • Podlaskie, príomhchathair: Białystok

Stair[athraigh | edit source]

Príomhalt: Stair na Polainne

Tháinig na treibheanna Slavacha go dtí limistéar na Polainne i mblianta Imirce Mhór na Náisiún, sna sálacha ag na Teotanaigh agus na Húnaigh a rinne spior spear d'Impireacht na hIar-Róimhe i dtús na Meánaoiseanna. Thosaigh an t-eagar ceart polaitiúil ag teacht ar an bPolainn sa deichiú haois, faoi stiúir an rítheaghlaigh atá ainmnithe as Piast, sinsear finscéalach na clainne nach raibh ann ar dtús ach treabhdóir bocht.

Radharcra[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]


Bratach an AE An tAontas Eorpach (AE) Bratach an AE
an Bheilgan Bhulgáiran Chipiran Chróitan Danmhairgan EastóinÉirean Fhionlainnan Fhraincan Ghearmáinan Ghréigan Iodáilan Ísiltíran Laitviaan LiotuáinLucsamburgMáltaan Ostairan Pholainnan Phortaingéilan Ríocht Aontaithean Rómáinan tSeican tSlóvaican tSlóivéinan Spáinnan tSualainnan Ungáir
Tíortha iarrthacha
an ÍoslainnPoblacht na MacadóineMontainéagróan tSeirbiaan Tuirc