An Eilvéis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Schweizerische Eidgenossenschaft
Confédération suisse
Confederazione Svizzera
Confederziun svizra
Confoederatio Helvetica
Bratach na hEilvéise Armas na hEilvéise
Bratach Armas
Mana: Unus pro omnibus, omnes pro uno
(Laidin: Duine ar son cách, agus cách ar son duine)
Amhrán náisiúnta: Salm na hEilvéise
Suíomh na hEilvéise
Príomhchathair Beirn
46°57′ Thuaidh 7°27′ Thoir
An chathair is mó Zürich
Teangacha oifigiúla Gearmáinis, Fraincis, Iodáilis agus Rómainis
Rialtas
Uachtarán 2012
Leas-Uachtarán 2012

Eveline Widmer-Schlumpf
Ueli Maurer
Neamhspleáchas
Fógraithe
Glactha leis ó

1 Lúnasa 1291
24 Deireadh Fómhair 1648
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
41,285 km² (132ú)
4.2%
Daonra
 • Meas. ó 2003
 • Daonáireamh 2000
 • Dlús
 
7,399,100 (92ú)
7,288,010
181/km² (44ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2003
$0.233 trilliún (35ú)
$30,186 ()
Airgeadra Frainc na hEilvéise (CHF)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
CET (UTC+1)
CEST (UTC+2)
Fearann Idirlín .ch
Glaochód +41

Is tír bheag thalamhiata atá suite in iarthar na hEorpa í an Eilvéis, nó Cónaidhm na hEilvéise. Tá teorannacha aici leis an Ostair, le Lichtinstéin, leis an bhFrainc, leis an Iodáil, agus leis an nGearmáin.

Teangacha[athraigh | edit source]

Tá ceithre theanga oifigiúl san Eilvéis: an Ghearmáinis (63,7 %), an Fhraincis (20,4 %), an Iodáilis (6,5 %) agus an Rómainis (0,5 %). Maidir leis an gcineál Gearmáinise a labhraítear san Eilvéis, is canúint neamhionann go leor í leis an Ard-Ghearmáinis atá in uachtar sa Ghearmáin.

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Gleann Engadine san Eilvéis

Is tír shléibhtiúil í an Eilvéis. Roinntear an tír ina trí chuid: na Sléibhte Alpa, an tArdán Láir agus na Sléibhte Jura. I measc sléibhte cáiliúla na tíre, tá an Matterhorn. Tá na cathracha, Zürich agus an Ghinéiv mar shampla, ar an Ardán Láir, agus mar i gcéanna leis an gcuid is mó den daonra.

Neodrachas[athraigh | edit source]

Cé go bhfuil an Eilvéis i lár na hEorpa idir tíortha a raibh cogaidh go leor ar siúl acu le linn na 19ú agus 20ú céad, tá beart eachtrach neodrach docht ag an tír le tamall fada. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, mar shampla, cé go labhraítear Gearmáinis ansin agus go mbíonn teorainn leis an Ostair, an nGearmáin agus an Iodáil (is é sin, tíortha na hAise) ann, ní raibh an Eilvéis rannpháirteach sa chogadh sin. Ní raibh an Eilvéis páirteach i gcogaíocht ón mbliain 1815 i leith.

Mar sin, ní ghlacann an Eilvéis páirt san Aontas Eorpach. Ní raibh an Eilvéis lánpháirteach sna Náisiúin Aontaithe go dtí an bhliain 2002. D'ainneoin traidisiún neodrachais na hEilvéise, ar 5 Meitheamh, 2005, ghlac vótálaithe Eilvéiseacha le Conbhinsiún Schengen.

Tá a lán eagraíochtaí idirnáisiúnta lonnaithe san Eilvéis. Bunaíodh an Chros Dhearg sa tír, sa Ghinéiv, sa bhliain 1863. Tá an dara grúpa oifigí is mó de chuid na Náisiún Aontaithe suite sa Ghinéiv.

Íomhánna[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]