An Fhraincis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Fhraincis
(français)
Á labhairt: sa Fhrainc, i gCeanada, sa Bheilg, san Eilvéis
Réigiún: An Afraic, An Eoraip, na Críocha Mheiriceá
Cainteoirí san Iomlán: 77 milliún (128 milliún, agus daoine a labhraíonn í mar dara teanga san áireamh)
Rang: 11
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais

 Iodáilic
  Rómánsach
   Teangacha Rómánsacha an Iarthair
    Fraincis

Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: na Fraince agus 24 tír eile
Foras Pleanála Teanga: Académie française (Acadamh na Fraincise)
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 fr
ISO 639-2 fre (B)/fra (T)
ISO 639-3 fra
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Teanga Rómánsach í an Fhraincis (français, fuaimniú [fʁɑ̃sɛ]) a áirítear ar theangacha móra an domhain. Tá sí ó dhúchas ag 76 milliún duine, chomh maith le tuairim is 280 milliún duine a d'fhoghlaim ar scoil í. Tá pobal suaithinseach Frainciseoirí le fáil i gceithre thír is caoga ar fud an domhain, ach is í an Fhrainc an tír is líonmhaire cainteoirí dúchais, agus is ansin a tháinig an teanga ar an bhfód i dtús báire. Thairis sin, tá go leor cainteoirí i Québec i gCeanada, sa Bheilg, agus san Eilvéis.

As an Laidin a d'eascair an Fhraincis, ar nós na Portaingéisise, na Spáinnise, na hIodáilise, na Catalóinise, na Rómáinise agus na dteangacha Rómánsacha eile. Deirtear gurbh fhéidir gur tháinig Laidin chomónta na Gaille faoi anáil na Gaillise, rud a d’fhágfadh lorg ar an bhFraincis féin. Tháinig a lán focal nua isteach san Fhraincis ón teanga Gearmáinice a bhí á labhairt ag na Frainc, dream a rinne ionradh ar an tír nuair a mheath cumhacht na hImpireachta Rómhánaí.[1]

Teanga oifigiúil í an Fhraincis in aon tír déag is fiche, agus iad ina mballstáit de chomhphobal na náisiún Fraincise, La Francophonie. Tá stádas oifigiúil ag an bhFraincis sna Náisiúin Aontaithe agus ina lán eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.

Tá an Fhraincis á saothrú mar mheán scríbhneoireachta ag a lán scríbhneoirí agus fealsúna san Fhrainc féin agus i dtíortha eile, agus ní háibhéil a rá go bhfuil sí ar ceann de na teangacha is tábhachtaí ó thaobh na litríochta de. Bhí Jean Racine ar duine de dhrámadóirí móra an domhain sa tseachtú haois déag. Bhí Voltaire ar an gcéad fhealsamh mór de chuid na hEagnaíochta, agus chuidigh áitiú a leithéidí le réabhlóidí mhóra an 18ú haois - réabhlóid Mheiriceá agus réabhlóid na Fraince - a chur ar siúl. Duine de mhórfhealsúna na fichiú haoise ba ea Jean-Paul Sartre, fear a bheartaigh fealsúnacht an eiseachais. Bhí an-tionchar ag Charles Baudelaire, Arthur Rimbaud agus Mallarmé i gcúrsaí filíochta sa 19ú haois, gan trácht ar phrós-scríbhneoirí móra na linne. Scríbhneoirí suntasacha iad an Francach Michel Déon agus an Ceanadach Jacques Godbout inniu.

Stádas na Fraincise ar fud an Domhain[athraigh | edit source]

An Fhraincis san Fhrainc féin[athraigh | edit source]

De réir Bhunreacht na Fraince is í an Fhraincis an t-aon teanga oifigiúil amháin i bPoblacht na Fraince ón mbliain 1992 i leith, ach, le fírinne, tá an stádas sin aici le fada an lá. Is gnách a rá gurbh é Reacht Villers-Cotterêts thiar sa bhliain 1539 a bhronn stádas oifigiúil ar an teanga an chéad lá riamh. Roimhe sin, ba í an Laidin an teanga ab airde stádas san Fhrainc.

Tá polasaithe oifigiúla i bhfeidhm ag an Stát leis an teanga dhúchais a chur chun cinn agus le bac a chur ar thionchar an Bhéarla trí théarmaí dúchasacha a sholáthar. Cuireann náisiúnachas oifigiúil na Fraince an-bhéim ar an teanga mar shiombail d'aontas na tíre, agus dá bhrí sin bíonn an scothaicme pholaitiúil, intleachtúil agus riaracháin doicheallach go leor roimh theangacha réigiúnacha na Fraince, ar nós na Briotáinise.

An Fhraincis san Eilvéis[athraigh | edit source]

Teanga oifigiúil í an Fhraincis san Eilvéis. Tá sí ar an dara teanga is mó a labhraítear san Eilvéis, agus í ó dhúchas ag duine as cúigear.

An Fhraincis sa Bheilg[athraigh | edit source]

Teanga oifigiúil í an Fhraincis sa Bheilg chomh maith. Tá sí ó dhúchas as 40 % de mhuintir na tíre, agus í foghlamtha go maith ag 60 % den chuid eile.

An Fhraincis i Monacó agus in Andóra[athraigh | edit source]

Is í an Fhraincis an t-aon teanga oifigiúil i Monacó, cé go bhfuil teanga ag muintir na háite atá níos cosúla le canúint Liguria san Iodáil ná leis an bhFraincis.

Is í an Chatalóinis teanga oifigiúil Andóra, ach is í an Fhrainc a sholáthraíonn an teagasc scoile i gcuid mhaith de scoileanna Andóra, de réir na gconarthaí idir an Fhrainc agus an Spáinn faoi dheighilt na cumhachta sa tír. An curaclam Francach agus an teanga Fhraincise atá i bhfeidhm sna scoileanna sin, rud a fhágann go bhfuil Fraincis go paiteanta ag cuid mhór de mhuintir Andóra.

An Fhraincis ar fud an domhain

██ an Fhraincis á labhairt mar theanga dhúchais

██ an Fhraincis á húsáid i gcóras an riaracháin

██ an Fhraincis á saothrú mar theanga chultúrtha

██ an Fhraincis á labhairt mar theanga mhionlaigh

An Fhraincis san Iodáil[athraigh | edit source]

Teangacha oifigiúla iad an Fhraincis agus an Iodáilis in éineacht i nGleann Aosta in aice le teorainn na Fraince. Labhraíonn cuid mhór de mhuintir an ghleanna Franca-Phrovansáilis (nó Arpitan, mar a thugann lucht a hathbheochana uirthi inniu), ach ós rud é go nglacann a lán leis an teanga seo mar chanúint Fraincise, is é dearcadh oifigiúil na hIodáile gurb í an Fhraincis chaighdeánach is fearr a fhreastalaíonn ar riachtanaisí cultúrtha na ndaoine seo.

An Fhraincis i Lucsamburg[athraigh | edit source]

Tá trí theanga oifigiúla i Lucsamburg, mar atá, an Lucsambuirgis, an Ghearmáinis agus an Fhraincis. Is í an Lucsambuirgis teanga dhúchasach na Lucsamburgach, agus is canúint de chuid na Gearmáinise í. Ós rud é go bhfuil an Ghearmáinis an-chóngarach di, cleachtar mar theanga chultúrtha í, ach is í an Fhraincis an t-aon teanga amháin a úsáidtear i gcúrsaí reachtaíochta. Ainmneacha Fraincise amháin atá ar na forais phoiblí. Is í an Ghearmáinis teanga na nuachtán ach is í an Lucsambuirgis caint na ndaoine.

An Fhraincis in Oileáin Mhuir nIocht[athraigh | edit source]

Bhíodh canúintí áitiúla Fraincise á labhairt in Oileán Gheirsí agus in Oileán Gheansaí ach is fada ag géilleadh don Bhéarla iad. Tá na canúintí seo á saothrú ag lucht athbheochana, agus baintear úsáid áirithe astu mar theangacha liteartha. Maidir leis an bhFraincis chaighdeánaithe, tá cineál stádas oifigiúil aici i gcúrsaí riaracháin. Tá difríochtaí áirithe idir Fraincis chaighdeánach Gheirsí agus caighdeán na Fraince: tá cuid mhaith téarmaí dlí dá gcuid féin ag muintir an oileáin, rud a chuirfeadh i gcuimhne duit an dóigh a n-úsáidtear téarmaí dlí Albanacha i mBéarla caighdeánach na hAlban.

An Fhraincis i gCeanada[athraigh | edit source]

Teanga oifigiúil í an Fhraincis i gCeanada, agus is í an t-aon teanga oifigiúil amháin i Québec ón mbliain 1974 i leith. Tá sí ó dhúchas ag ceathrar as gach cúigear i Québec féin, agus tá canúintí dá gcuid féin ag New Brunswick, ag Ontario, ag Manitoba, ag Albain Nua agus ag Oileán Phrionsa Éadbhard. Tá stádas oifigiúil ag an bhFraincis i New Brunswick, in éineacht leis an mBéarla, agus an teanga ó dhúchas ag aon duine amháin as an triúr ansin. Maidir le hOntario, tá leathmhilliún Frainciseoirí ansin, cé nach bhfuil stádas oifigiúil ag an teanga sa stát. Tá sé mhilliún cainteoir dúchais ina gcónaí i Québec, agus breis is dhá chéad míle i New Brunswick.

Cé nach bhfuil stádas oifigiúil ag an teanga ach i dhá chúige i gCeanada, cuireann na húdaráis caol orthu seirbhísí a sholáthar sa teanga in aon áit ina bhfuil pobal substaintiúil Fraincise le fáil. Tugann an trí Chríoch Thuaidh i gCeanada, mar atá Yukon, Nunavut, agus Críocha an Iarthuaiscirt, aitheantas oifigiúil don Fhraincis freisin, toisc go bhfuil rialtas Cheanada féin dátheangach go hoifigiúil.

An Fhraincis i Háití[athraigh | edit source]

Is í an Fhraincis an t-aon teanga oifigiúil amháin i Háití, cé nach labhraíonn ach an uasaicme í. Is í an teanga úd Kreyòl caint na sráide. Is fásteanga í atá bunaithe ar an bhFraincis.

An Fhraincis sna Stáit Aontaithe[athraigh | edit source]

Cé go bhfuil an Fhraincis ar an tríú teanga is mó a labhraítear sna Stáit Aontaithe, níl stádas oifigiúil ar bith aici ansin. Tá sí ar an dara teanga is mó i New Hampshire, Louisiana, Maine, agus Vermont. Dhá chineál Fraincis atá á labhairt i Louisiana - Créole agus Cajun. Fásteanga í an teanga Créole agus í tar éis cuid mhór de ghramadach na Fraincise caighdeánaí a chailleadh faoi bhrú an Bhéarla, na Spáinnise, na dteangacha bundúchasacha agus na dteangacha Afracánacha. Is iad na Gormaigh is mó a labhraíonn í.

An Fhraincis san Afraic[athraigh | edit source]

An chuid is mó d'Fhrainciseoirí an domhain, tá cónaí orthu san Afraic. De réir na tuairisce a d'eisigh eagraíocht idirnáisiúnta na dtíortha Fraincise (Organisation Internationale de la Francophonie), tá 115 mhilliún duine san Afraic a bhfuil Fraincis acu, ó dhúchas nó ón scoil. Tá cónaí orthu in aon tír déag is fiche ar fud na hilchríche.

De ghnáth caithfidh na hAfracánaigh an Fhraincis a fhoghlaim ar scoil mar theanga iasachta. In áiteanna, áfach, is féidir teacht ar chainteoirí dúchais. Tá an Fhraincis á labhairt mar theanga dhúchais timpeall ar Abidjan sa Chósta Eabhair agus i Libreville sa Ghabúin. Ní féidir a rá go mbeadh aon leagan amháin den Fhraincis ann a dtabharfaí "Fraincis na hAfraice" air. Tá leaganacha éagsúla den teanga ann, agus iad go léir faoi anáil na dteangacha bundúchasacha áitiúla.

An Fhraincis san Áise[athraigh | edit source]

Bhí an Fhraincis ina teanga oifigiúil sa Liobáin, nuair a bhí an tír á rialú ag an bhFrainc de réir shainordú Chonradh na Náisiún. Sa bhliain 1941 bhain an Liobáin amach neamhspleáchas ar an bhFrainc, agus ansin, níor bronnadh stádas oifigiúil ach ar an Araibis. Ina dhiaidh sin is uile, tá ardmheas ag muintir na Liobáine ar an bhFraincis i gcónaí, agus iad á foghlaim is á saothrú go dúthrachtach.

Baintear úsáid éigin as an bhFraincis sa Chambóid agus i Laos. Oidhreacht choilíneach is cúis leis, ar ndóigh. Labhraíonn cuid mhaith seandaoine i Vítneam í chomh maith, ó bhí sí á saothrú ag an scothaicme, ach rachadh sé rite leat teacht ar Fhrainciseoirí óga anois.

Tá stádas oifigiúil ag an bhFraincis i bPondicherry san India, an t-aon áit amháin a choinnigh na Francaigh acu féin sa tír tar éis do na Sasanaigh teacht i dtreis. Tá lycée, nó meánscoil Fhrancach, ann fós. Is í an Tamailis an teanga is mó atá i réim ansin, áfach.

Stair na Fraincise[athraigh | edit source]

An tSean-Fhraincis[athraigh | edit source]

Tháinig an Laidin go dtí an Ghaill le léigiúin Iúil Caesar, a d'fhorghabh an tír sna 50idí RC. Go dtí sin bhí canúintí Ceilteacha á labhairt sa chuid ba mhó den tír, agus dealraíonn sé fosta go raibh cineál sean-Bhascaise (Acatáinis) le cloisteáil sa deisceart. Thréig na Gailligh a gcuid Ceiltise de réir a chéile, áfach, agus níor mhair ach dornán focal Ceilteach san Fhraincis. Is ainmneacha iad ar ghnéithe den tír, ar phlandaí agus ar rudaí a bhaineann le talmhaíocht agus le feirmeoireacht. Maidir leis an gcineál Laidine a d'fhoghlaim na Gailligh, áfach, níorbh í Laidin ardnósach na scothaicme í ach caint chomónta na saighdiúirí.

B’fhéidir go bhfuil tionchar na Ceiltise le haithint ar ghramadach agus ar chomhréir na Fraincise. Is minic an cuspóir á chur in iúl i dtús abairte ar son na béime mar a dhéantar i nGaeilge le cúnamh an chopail: c'est lui qui parle = "is eisean atá ag labhairt". Is ionann an modh comhairimh sa dá theanga: quatre-vingt = "ceithre fichid", nó "ceithre scór" (ar ndóigh, chloisfeá "ochtó" i nGaeilge an lae inniu freisin). Nuair a tháinig meath ar impireacht na Róimhe, shealbhaigh na Frainc (treibh a raibh teanga Gearmáinice acu agus í cosúil leis na canúintí ba thús don Ollainnis agus don Ghearmáinis) an Ghaill, agus bhunaigh siad ríocht ansin faoi cheannas Chlóvais. D'fhág siad a n-ainm féin ar an teanga - français - agus rinne siad dearmad dá gcuid canúintí féin. Fuair an tSean-Fhraincis a lán focal ó chaint na bhFranc, leithéid téarmaíocht chogaidh (maréchal = marascal, cf. marskálkur na hÍoslainnise, marskmarskalk na Sualainnise, Marschall na Gearmáinise), ainmneacha na ndathanna (bleu "gorm", cf. blue an Bhéarla, blau na Gearmáinise, blár na hÍoslainnise, blå na Sualainnise), agus a lán eile. Sampla eile is ea guerre ("cogadh"), arb ionann é agus war an Bhéarla (chuaigh sé in éag sna teangacha Gearmáinice eile, áfach - styrjöld a deirtear as Íoslainnis inniu, Krieg an focal Gearmáinise, oorlog a deir na hOllannaigh). Tá gaol idir choisir ("togh, roghnaigh") agus choose an Bhéarla nó erkiesen na Gearmáinise.

Breacadh an Fhraincis, nó canúint a bhí gaolmhar léi, síos den chéad uair i móidí Strasbourg sa bhliain 842, nuair a tháinig Laoiseach Gearmánach, a bhí ag rialú na leithe thoir de Ríocht na bhFranc, agus Séarlas Maol, rí an Iarthair, le chéile i Strasbourg. Is minic a shíltear gurbh é sin an chéad chonradh síochána a shínigh an Ghearmáin agus an Fhrainc le chéile. Seo é an leagan Fraincise - más féidir Fraincis a thabhairt uirthi - den mhóid a mhionnaigh Laoiseach:

Pro Deo amur et pro Christian poblo et nostro commun salvament, d'ist di in avant, in quant Deus savir et podir me dunat, si salvarai eo cist meon fradre Karlo et in ajudha et in cadhuna cosa, si cum om per dreit son fradra salvar dift, in o quid il me altresi fazet, et ab Ludher nul plaid numquam prindrai, qui, meon vol, cist meon fradre Karle in damno sit.
"De ghrá Dé, ar son na Críostaíochta agus ar son shlánú na beirte againn, ón lá seo i leith, de réir mar a thabharfaidh Dia ciall agus cumhacht dom, beidh mé ag cosaint Shéarlais, an deartháir seo agam, ag tabhairt fortachta agus gach sórt tacaíochta dó, mar is cuí don deartháir cabhrú lena dheartháir, ionas go mbeidh sé ábalta an tacaíocht chéanna a thabhairt dom féin, agus ní shocróidh mé conradh choíche le Lothar [an tríú deartháir, agus Séarlas is Laoiseach ag cur ina choinne] a dhéanfadh dochar don deartháir seo agam, Séarlas."

I ndiaidh na móide seo, thosaigh an tSean-Fhraincis ag fás agus ag forbairt de réir a chéile. Ba iad na chansons de geste a rinne teanga liteartha di: laoithe eipiciúla laochais a rinne cur síos ar eachtraí na gCrosáidí, mar shampla.

An Mheán-Fhraincis[athraigh | edit source]

Glactar leis gur tháinig deireadh leis an tSean-Fhraincis sa tríú haois déag. Is gnách Meán-Fhraincis a thabhairt ar an gcéad chéim eile i stair na Fraincise. Ba í sin an teanga chaighdeánach ar bronnadh stádas oifigiúil uirthi nuair a d'achtaigh an Rí Proinsias a hAon an reacht atá ainmnithe as Villers-Cotterêts thiar sa bhliain 1539. I gceann aon bhliain déag foilsíodh an chéad ghraiméar caighdeánach, Tretté de la Grammaire française ("Tráchtas faoi ghramadach na Fraincise"). Louis Magret a scríobh é.

An Nua-Fhraincis[athraigh | edit source]

Sa seachtú haois déag, bhí an Fhraincis chaighdeánach chomh cosúil le teanga oilte an lae inniu agus go bhfuil cuid de na teangeolaithe sásta Nua-Fhraincis nó Fraincis Nua-aimseartha a thabhairt uirthi. Is féidir Fraincis Chlasaiceach a thabhairt uirthi freisin - an cineál Fraincise a bhí á shaothrú ag scríbhneoirí na seachtú is na hochtú haoise déag. Sa seachtú haois déag a bhunaigh an Cairdinéal Richelieu Acadamh na Fraincise leis an teanga a phleanáil. Bhí an Fhraincis á saothrú taobh amuigh den Fhrainc agus í ina gnáth-theanga ag uaisle na Gearmáine agus na Rúise. Gach aon duine a rinne staidéar ar stair na Gearmáinise chuala sé trácht ar an litir a scríobh Voltaire sa bhliain 1750, agus é ar cuairt i gcúirt ríoga na Prúise: "San Fhrainc atá mé anseo. Tá gach duine ag labhairt ár dteanga féin, agus an Ghearmáinis fágtha ag na saighdiúirí agus ag na capaill."

D’fhódaigh an Fhraincis í féin san Oileán Úr fosta, i gcoilíneacht na Nua-Fhraince a bhí ann sna blianta 1663-1763. Is éard a bhí sa choilíneacht seo oirthear Cheanada (na cúigí a dtugtaí "Canada" agus "Acadie" orthu as Fraincis) agus an chuid de Stáit Aontaithe an lae inniu atá suite timpeall na lochanna móra agus cois Mississippi - "Louisiane". Bhí na críocha seo i bhfad ní b'fhairsinge ná stát Louisiana inniu, agus cheannaigh na Stáit Aontaithe an chuid ba mhó acu ó Napoléon Bonaparte i dtús na naoú haoise déag. Ní dhearna an Fhrainc mórán míntíreachais ar chríocha Louisiana riamh, agus dá bhrí sin ní mhaireann an Fhraincis ansin ach in áiteanna. Tá an teanga i bhfad níos láidre i Quebec, agus sin é an fáth a bhfuil stádas oifigiúil aici i gCeanada inniu in éineacht leis an mBéarla.

Go dtí le déanaí bhí a lán teangacha agus canúintí áitiúla á labhairt ar fud na Fraince, agus ní raibh an teanga chaighdeánach ach ag dornán beag daoine: bhí Ocsatáinis ag muintir an deiscirt, Briotáinis (teanga Cheilteach) ag muintir na Briotáine, canúintí Gearmáinise san Alsáis in aice leis an teorainn thoir, agus cineál Pléimeannaise nó Ollainnise cois na teorann thuaidh. D'imigh sin agus tháinig seo, áfach. Ó laethanta na Réabhlóide anuas bhí na húdaráis ag iarraidh na teangacha réigiúnacha a dhíothú, agus thosaigh meath ag teacht orthu de réir a chéile, go háirithe nuair a d'fhoghlaim na fir go léir an teanga náisiúnta san Arm. Ar dtús níor éirigh leis na polasaithe seo ach go measartha, ach inniu is í an Fhraincis chaighdeánach an teanga is mó a labhraítear sa tír, agus na canúintí agus na teangacha mionlaigh ag lagú go tiubh téirimeach. Tá an Bhriotáinis, abair, á labhairt ag leathmhilliún duine ó dhúchas i gcónaí, ach seandaoine iad an formhór mór acu. Is díol spéise í, áfach, an athbheochan atá ar siúl i mbailte móra agus i gcathracha an réigiúin, rud a chuirfeadh rath na Gaelscolaíochta i do cheann.

Níl an Fhraincis féin faoi ghradam mar a bhí. Tháinig an Béarla faoi réim sa domhan san fhichiú haois, ach ní mór a admháil gur trí Fhraincis a dhéantar an dul chun cinn is suntasaí i gcúrsaí ardintleachta fós (ní gá ach cuimhneamh ar fhealsúna ar nós Baudrillard). San Afraic tá sí láidir go leor i gcónaí, agus tá draíocht chultúrtha ag baint leis an bhFraincis go fiú sa Bhreatain agus i Meiriceá.

Litriú agus fuaimniú na Fraincise[athraigh | edit source]

Leis an aibítir Laidineach a scríobhtar an Fhraincis. Úsáidtear comharthaí idirdhealaitheacha áirithe: an agúid nó accent aigu, atá cosúil le síneadh fada na Gaeilge (á, é), an ghraif nó accent grave, atá cosúil le síneadh fada Ghaeilge na hAlban (à), an cuairín nó accent circonflexe (ê), an déiréis nó an t-idirphonc atá cosúil leis an umlabht (ë, ï), agus an straithín nó cédille a chrochtar den c (ç). Thairis sin, úsáidtear dhá nasclitir - an t-æ agus an t-œ.

Tríd is tríd, tá ceartlitriú na Fraincise sách deacair ag an gcainteoir dúchais féin, nó tá sé bunaithe ar fhuaimniú na teanga mar a bhí sé na cianta cairbreacha ó sin. Nuair a caighdeánaíodh an litriú, is minic a tugadh isteach litreacha stairiúla nach raibh bunús ar bith acu i bhfuaimniú na teanga. Mar shampla, bhí an focal doigt ("méar") á scríobh gan -g- i ré na Meán-Fhraincise, ach nuair a caighdeánaíodh an Nua-Fhraincis tugadh an -g- isteach arís, ós rud é gurb é an focal Laidine digitus is tús dó. Tá sé díreach cosúil leis an dóigh a scríobhtar debt ("fiacha") sa Bhéarla inniu, cé nach bhfuil a dhath fágtha den b sin san fhuaimniú: fuair an Béarla an focal ar iasacht ón bhFraincis agus an b sin imithe le fada, ach nuair a cruthaíodh ceartlitriú nua-aimseartha an Bhéarla, tháinig an b ar ais, ó bhí a fhios ag ligeadóirí agus casadóirí an chaighdeáin gurbh é an focal Laidine debitum a bhí ann i dtús báire.

Ní síneadh fada í an agúid san Fhraincis. Úsáidtear an comhartha seo os cionn na litreach e le taispeáint go bhfuaimnítear mar [e] é. I dtús an fhocail, is guta próistéiteach é go minic. Is é is brí le guta próistéiteach ná guta a cuireadh roimh chonsan ar leith i dtús an fhocail - agus, sa chás seo, mhair an guta próistéiteach i ndiaidh don chonsan imeacht. Sampla den é- próistéiteach é an focal écouter "éisteacht, cloisteáil". Escouter an fhoirm a bhí ann ar dtús, rud is féidir a aithint ar an mbriathar gaolmhar Spáinnise fosta - escuchar.

Má úsáidtear an ghraif os cionn na litreach "e", ciallaíonn sé go bhfuil an guta seo níos cosúila le "ä" na Gearmáinise san fhuaimniú. An ghraif a chuirtear os cionn na ngutaí eile, níl ann go bunúsach ach idirdhealán le focail aon fhuaime a aithint thar a chéile, cf ou "nó" agus "cén áit", mar shampla.

Maidir leis an gcuairín, athraíonn sé fuaimniú an ghuta beagáinín freisin, ach de ghnáth, tugann sé le fios gur ligeadh -s- nó guta éigin ar lár: sûr < seur, mar shampla, nó maître < maistre.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Sampla de seo san Fhraincis (agus i dteangacha Rómánsacha eile) is ea na ceithre hairde: nord, sud, est agus ouest.


Flag of the United Nations.svg athraigh Teangacha oifigiúla na Náisiún Aontaithe
Araibis | Béarla | Fraincis | Rúisis | Sínis | Spáinnis
Foinse: Suíomh gréasáin oifigiúil na NA
Flag of Europe.svg athraigh Teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh
BéarlaBulgáirisDanmhairgisEastóinisFionlainnisFraincisGaeilgeGearmáinisGréigisIodáilisLaitvisLiotuáinis
MáltaisOllainnisPolainnisPortaingéilisRómáinisSeicisSlóivéinisSlóvaicisSpáinnisSualainnisUngáiris
Foinse: Suíomh gréasáin oifigiúil an AE
An Fhraincis
Vicipéid le fáil as An Fhraincis freisin