Voltaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Voltaire.

Scríbhneoir agus fealsamh Francach ba ea Voltaire, a rugadh leis an ainm François Marie Arouet ar an 21 Samhain 1694 i bPáras, áit ina bhfuair sé bás freisin ar an 30 Bealtaine 1778. Tugadh isteach é san Académie française i 1746. D'athraigh sé a ainm tar éis seal a chaitheamh i bpríosún i 1717. Bhí an-tionchar ag an bhfealsamh Sasanach John Locke ar Voltaire. Bhí sé i measc na ndaoine ba chlúití ag an am san Eoraip. Deirtear gur chuir a bhás tús le Réabhlóid na Fraince.

Príomhshaothair[athraigh | edit source]

  • Candide (1759)
  • Lettres philosophiques
  • Zadig
  • Dictionnaire Philosphique (1764)