Académie française

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Comhairle teanga is ea an Académie française (Acadamh na Fraincise) a stiúrann an Fhraincis. Bhunaigh an Cairdinéal de Richelieu é sa bhliain 1635, i ré rí Louis XIII. Tá sé ar cheann de na hinstitiúidí is ársa sa Fhrainc. Tá 40 ball ann, a thoghann na baill atá cheana ann.

Feidhm[athraigh | edit source]

Tá feidhm dúbailte ag Acadamh na Fraincise:

Freastal a dhéanamh ar an bhFraincís[athraigh | edit source]

Tugadh an chéad fheidhm don Acadamh óna thús de réir a chuid dlíthe féin. Chun an beart sin a dhéanamh, d'oibrigh an tAcadamh san am atá thart le caoi a chur ar an teanga, chun oidhreacht choitianta a dhéanamh di do mhuintir na Fraince ar fad, agus dóibh siúd ar fad a labhraíonn an Fhraincis.

Sa lá atá inniu ann, is é gá ná a cuid tréithe a choinneáil agus feigheal a dhéanamh ar fhorbairtí riachtanacha. Cuireann an tAcadamh úsáid mhaith in iúl. Déantar sin trí chruthú fhoclóir Acadamh na Fraincíse (Dictionnaire de l'Académie française) a shocraíonn úsáid na teanga, ach freisin trína chuid comhairle agus tré bheith páirteach i gcoimisiúin éagsúla ar fhoclaíocht.

Patrúnacht[athraigh | edit source]

Cuireadh i ndán don eagraíocht an dara cuspóir - an phátrúnacht, nó coimirce ar obair liteartha - nár feiceadh a gá ag tús na h-eagraíochta, tré bhronntanais agus oidhreachtaí a tugadh di. Tugann an Acadamh tuairim is seasca duais litríochta 'chuile bhlian.

Ba chóir Duais Mór Réimse na Fraincíse, nó grand prix de la Francophonie, duais a bhronntar 'gach bliain ó 1986 i leith agus a thugann le fios suim leanúnach an Acadaimh i mbláthú na teanga Fraincíse sa domhain, a lua go háirithe.

Chomh maith leis sin, tugann an tAcadamh síntiúis do chumainn liteartha agus eolacha, do thograí charthanacha, do go leor clann i ngátar, do bhaintrigh, do dhaoine in ísle fábhair nó a rinne éacht lena dtabhairt féin suas ag cuspóir thábhachtach, chomh maith le roinnt sparáin (Sparáin Zellidja, Neveux, Corblin, Damade).

Stair[athraigh | edit source]

Chuir Cairdinéal de Richelieu an tAcadamh ar bun sa bhliain 1635. Cuireann na dlíthe agus rialacha a chuir an Cairdinéal ar aghaidh, chomh maith leis na lettres patentes a chuir Louis XIII a ainm leo sa bhliain 1635 agus a chláraigh an Pharlaimint sa bhliain 1637, a caractar oifigiúil mar chomhlacht um fhir litreacha, a bhíodh ag teacht le chéile i mbealach neamhfhoirmiúil roimhe sin, ar bun.

B'é an misean a tugadh dó óna thús an Fhraincís a dhaingniú, rialacha a thabhairt di, agus í a fhágáil glan agus ion-tuigthe don uile dhuine. Uaidh sin, b'éigean dó tosú le foclóir a chumadh.

Foilsíodh an chéad eagrán de sin sa bhliain 1694, agus na cinn eile sna blianta 1718, 1740, 1762, 1798, 1835, 1878, 1932-1935, 1992. Tá an naoiú cheann á fhoilsiú faoi láthair (??).

Tionóladh an tAcadamh a chuid cruinnithe ar dtús i dteach duine éigin dá chuid ball, agus ina dhiaidh sin i chancelier Séguier ó 1639 ar aghaidh, sa Louvre ó 1672 ar aghaidh, agus ar deireadh i gColáiste na gCeithe NáisiúnCollège des Quatre-Nations, ar deineadh ceannáras an Acadaimh de, ó 1805 go dtí an lá atá inniu ann.

I rith na dtrí gcéad bliain go leith atá sé ar an saol, d'éirigh leis a chuid institiúide a choinneáil beo, agus d'fheidhmigh siad go rialta, seachas an mhíshocracht idir 1793 agus 1803.

D'fógair an Cairdinéal de Richelieu mar chosantóir ar an Acadamh é féin. Ar a bhás, b'é an seansealéar Séguieran a thug an chosaint seo dó, agus ansin Louis XIV agus, as sin amach, na ríthe, impirí agus cinn stát ar fad ar an bhFrainc.

Na Déithe Buana (Les Immortels)[athraigh | edit source]

Tá 40 bhall in Acadamh na Fraincíse a thoghann an chuid atá ann rompu (?leurs pairs). Óna thús anall, ghlac sé le níos mó ná 700 ball.

Tugann sé le chéile filí, úrscéalaithe, fir amharclainne, fealsúnaithe, dochtúirí leighis, fir eolaíochta, eitneolaithe, léirmheastóirí ealaíne, saighdiúirí, fir stát, agus fir Eaglaise, agus rinne gach duine acu maisiú ar leith ar an bhFraincís.

Óna dhéantús éagsúil, tugann sé pictiúir fíor den taileann, den intleacht, den chultúr, den tsamhlaíocht litreach agus eolaíoch atá mar bhonn ag le génie de la France.

Ón gcomhartha agus mana (« À l'immortalité ») atá ar an gclaidheamh a thug bunaitheoir an Acadaimh, an Cairdinéal de Richelieu, don Acadamh a thagann leasainm na scoláirí, na Déithe Buanales immortels.

Bíonn cleachtadh acu, agus tá go fóill, ar bhreithiúnais soiléir a thabhairt ar úsáid cheart focal, agus as sin ar na coincheapa agus na luachanna a iompraíonn siadsin a shainmhíniú. Tá a n-údarás mórálta in ábhair teanga bunaithe in úsáid agus i dtraidisiún.

Dearadh an ionnar ghlas cháiliúil, a iompraíonn na scoláirí, leis an bicorne, an cápa agus an chlaidheamh, i rith suíomh shollúnta bliaintiúil an Acadaimh faoin Coupole, in aimsear an Consulat. Úsáidtear i measc baill go léir an Institut de France (Institiúd na Fraince) é. Meastar go minic gur sórt choisreacan thar chách é toghadh duine go dtí an tAcadamh.

Is dínit atá buan ó aon athrú rialtas nó eile é feabhas scoláire. Ní féidir le haon duine éirí as an Acadamh. Ach is féidir leis an gcomplacht eisceacthaí a fhógrairt mar gheall ar chúiseanna troma a lotann onór; b'fhíor-annamh na h-eisceachtaí le linn na staire.

Baill an Acadaimh Fraincíse faoi láthair :[athraigh | edit source]

  1. René Rémond, a toghadh i 1998
  2. Hector Bianciotti, a toghadh i 1996
  3. Jean-Denis Bredin, a toghadh i 1989
  4. Jean-Marie Lustiger, a toghadh i 1995
  5. Tá an chathaoir seo folamh, cailleadh Georges Vedel i 2002. Cuireadh siar an toghchán don suíochán go 21 Deireadh Fómhair 2004, mar nár fhág áireamh an 25ú de Mhárta, 2004 toradh ghlan ar an gcúigear iarrthóir. 'Sé an 3ú thoghchán don chathaoir ó d'éag Georges Vedel.
  6. Marc Fumaroli, a toghadh i 1995
  7. Jacqueline Worms de Romilly, a toghadh i 1988
  8. Michel Déon, a toghadh i 1978
  9. Alain Decaux, a toghadh i 1979
  10. Florence Delay, a toghadh i 2000
  11. Gabriel de Broglie, a toghadh i 2001
  12. Jean d'Ormesson, a toghadh i 1973
  13. Pierre Messmer, a toghadh i 1999
  14. Hélène Carrère d'Encausse, a toghadh i 1990
  15. Frédéric Vitoux, a toghadh i 2001
  16. Valéry Giscard d'Estaing, a toghadh i 2003
  17. Érik Orsenna, a toghadh i 1998
  18. Michel Serres, a toghadh i 1990
  19. Pierre Moinot, a toghadh i 1982
  20. Angelo Rinaldi, a toghadh i 2001
  21. Félicien Marceau, a toghadh i 1975
  22. René de Obaldia, a toghadh i 1999
  23. Pierre Rosenberg, a toghadh i 1995
  24. Jean-François Revel, a toghadh i 1997
  25. Jean Bernard, a toghadh i 1975
  26. Jean-Marie Rouart, a toghadh i 1997
  27. Pierre Nora, a toghadh i 2001
  28. Henri Troyat, a toghadh i 1959
  29. Claude Lévi-Strauss, a toghadh i 1973
  30. Maurice Druon, a toghadh i 1966
  31. Jean Dutourd, a toghadh i 1978
  32. Alain Robbe-Grillet, a toghadh i 2004
  33. Michel Mohrt, a toghadh i 1985
  34. François Cheng, a toghadh i 2002
  35. Yves Pouliquen, a toghadh i 2001
  36. Jean-François Deniau, a toghadh i 1992
  37. Tá an chathaoir seo folamh, de bharr bháis Robert-Ambroise-Marie Carré.
  38. François Jacob, a toghadh i 1996
  39. Bertrand Poirot-Delpech, a toghadh i 1986
  40. Pierre-Jean Rémy, a toghadh i 1988

"An 41ú chathaoir"[athraigh | edit source]

Bhí go leor scríbhneoirí, cáiliúil go minic, nár éirigh leo ariamh dul trí gheataí an Acadaimh uasail, ar chúiseanna éagsúla, mar nárbh iarrthóirí riamh iad, mar nar glacadh lena n-iarratais, nó mar gur thóg an bás leis iad roimh a n-am. B'é Arsène Houssaye a cheap an ainm 41ú chathaoir chun na h-údair sin a chur i gcéill i L'histoire du 41ème fauteuil de l'Académie française in 1885.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]