Louis XIV na Fraince
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Louis XIV | |
|---|---|
| Rí na Fraince agus Navarre | |
| Portráid de Louis XIV a rinne Hyacinthe Rigaud sa bhliain 1701 | |
| Réimeas | 14 Bealtaine 1643 – 1 Meán Fómhair 1715 |
| Dáta breithe | 5 Meán Fómhair 1638 |
| Áit bhreithe | Château de Saint-Germain-en-Laye, Saint-Germain-en-Laye, An Fhrainc |
| Dáta báis | 1 Meán Fómhair 1715 |
| Áit bháis | Château de Versailles, Versailles, An Fhrainc |
| Réamhtheachtaí | Louis XIII na Fraince |
| Comharba | Louis XV na Fraince |
| Rítheaghlach | Teach na Fraince (Craobh Bourbon) |
| Céile | Marie-Thérèse na hOstaire |
B'é Louis XIV (nó Louis-Dieudonné) (5 Meán Fómhair, 1638 – 1 Meán Fómhair, 1715) Rí na Fraince agus Rí Navarre ón 14 Bealtaine 1643 go lá a bháis. Bhí sé ina Rí sular shlánaigh sé cúig bliana d'aois, ach ní bhfuair sé cumhachtaí an Rí i ndáiríre sular cailleadh an Príomh-Aire Jules Mazarin sa bhliain 1661. Thugtaí "an Grian-Rí" (Le Roi Soleil as Fraincis) nó Louis Mór (Louis le Grand) nó An Monarc Mór (Le Grand Monarque) ar Louis. Chaith sé dhá bhliain déag is trí scór sa ríchathaoir, ní b'fhaide ná aon mhonarc eile san Eoraip. Is iomaí cogadh a chuir Louis XIV, cosúil leis an gCogadh Franc-Ollannach, Cogadh Léig Augsburg, agus Cogadh Chomharbas na Spáinne.
Cogúil is uile mar a bhí sé, fuair sé tábhachtach chomh maith feabhas a chur ar chúrsaí an chultúir agus an teanga Fraincise a chur i mbéal an phobail níos forleithne. Is éard a dúirt sé agus é ag fáil bháis ná: Tá mé ag imeacht anois, ach mairfidh an Stát i gcónaí (Fraincis: Je m'en vais, mais l'État demeurera toujours).
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.