Pálás Versailles

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pálás Versailles

Seanphálás ríoga de chuid na Fraince is ea Pálás Versailles (Château de Versailles as Fraincis). Tá sé lonnaithe in Versailles, áit atá ina bruachbhaile de Pháras anois. Tosaíodh ar an bPálás a thógáil le linn Laoiseach XIV agus rinneadh lárionad cumhachta de do mhonarcacht absalóideach na Fraince, réimeas a mhair go dtí Réabhlóid na Fraince. Tá tarraingt na dturasóirí san áit go fóill.

[athraigh] Bunús an Árais Ríoga

Cuireadh tús leis an áitreabh ríoga in Versailles nuair a thóg Laoiseach XIII lóistín sealgaireachta dó féin idir na blianta 1623 agus 1634.

[athraigh] Tógáil an Pháláis

Nuair a tháinig Laoiseach XIV i réim tháinig fonn air áit mhór réimis a bhunú dó féin chun a chumhacht a dhaingniú sa Fhrainc. Chinn sé ar ar lóistín sealgaireachta a athar i Versailles a mhéadú agus a mhaisiú chuige. Tosaíodh ar an obair sa bhliain 1662 agus an t-ailtire Louis La Vau ina bun.

[athraigh] Naisc Sheachtracha


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile