Páras
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Páras Ville de Paris |
|
|
|
|---|---|
| Rialtas | |
| Tír: | |
| Réigiún: | Île-de-France |
| Méara: | Bertrand Delanoë |
| Déimeagrafaic | |
| Achar: | 86.9 km² |
| Daonra: | 2,167,994 |
| Dlús daonra: | 24,948/km² |
| www.paris.fr | |
Is é Páras (Fraincis: Paris) príomhchathair na Fraince agus an chathair is mó sa Fhrainc. Tá sí suite i dtuaisceart na Fraince ar an Seine i lár an réigiúin dar ainm “Île de France” (tugtar “Réigiún Pháras” air chomh maith; Fraincis: Région parisienne). Tá 2.153.600 duine ina gcónaí taobh istigh de theorainn na cathrach (daonáireamh 2005) agus tá 11.769.433 duine ina gcónaí i mórcheantar uirbeach Pháras (aire urbaine). Mar sin, is é Páras ceann de na mórcheantair uirbeacha faoi líon mór daoine san Eoraip.
Bhí Páras ina áit loinnithe tábhachtach le dhá mhílaois anuas agus sa lá atá inniu ann is é ceann de na príomhionaid maidir le cúrsaí gnó agus cultúrtha ar domhain. Tá tionchar aige ó thaobh chúrsaí polaitíochta, oideachais, siamsaíochta, meán, faisin, eolaíochta agus ealaíon agus cuireann an méid seo lena stádas mar cheann de na príomhchathair dhomhanda ar domhain.
Is é Páras ceann de na cinn scríbe turasóireachta is coitinne ar domhain. Téann breis is 45 milliún turasóir gach bliain go dtí Réigiún Pháras. Tá roinnt sainchomharthaí tíre íocónacha sa chathair mar aon le hinstitiúidí aithnidiúla agus páirceanna coiteanna.
[athraigh] Sanasaíocht
Tagann an t-ainm "Paris" ó hainm a áitritheoirí, treibh Ghallach dar ainm "Parisii". Tugadh "Lutetia" (nó Lutetia Parisiorum, "Lutetia na bParisii" san iomlán) ar an gcathair le linn fhorghabháil na Rómhánach sa chéad aois go dtí an séú haois. Ach le linn réimeas Julian an Fealsamh (360-363) athainmníodh an chathair mar "Paris".
Measann daoine eile go dtagann ainm na treibhe Parisii ó fhocal Gallach-Cheilteach, parisio lena chiallaítear "an lucht oibre" nó "na ceardaithe". Ó thús na 20ú aoise, tugtar Paname, focal béarlagair as Fraincis, ar Pháras chomh maith.
Tá a lán leasainmneacha ag Páras, ach is é "La Ville-Lumière" an leasainm is coitinne. Aistrítear é seo mar "Cathair an tSolais" de ghnáth. Tagann an leasainm seo ó chlú na cathrach i rith Ré na hEagnaíochta mar lárionad oideachais, agus níos déanaí mar gheall ar soilsiú sráide a glacadh go luath sa chathair.
[athraigh] Ceantair na Cathrach
Tá Páras roinnte ina gceantair éagsúla. I measc na cinn is cáiliúla, tá:
- Champs-Élysées
- Avenue Montaigne
- Place de la Concorde
- Faubourg Saint-Honoré
- L'Opéra
- Montmartre
- Les Halles
- Le Marais
- Place de la Bastille
- Quartier Latin
- Montparnasse
- La Défense
|
|||||||
