Beirlín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Beirlín
Berlin
Berlin skyline 2009w.jpg
Armas Suíomh
Coat of arms of Berlin.svg Germany Laender Berlin.png
Rialtas
Rialtas Flag of Germany.svg An Ghearmáin
Stát Beirlín (cathairstát)
Regierender Bürgermeister Klaus Wowereit
Déimeagrafaic
Achar 892 km²
Daonra 3,440,441 (2010)
Dlús daonra 3,830/km²
Cód poist 10001–14199
www.berlin.de

Is í Beirlín (Gearmáinis: Berlin) príomhchathair na Gearmáine, agus í ar an gcathair is mó sa tír sin, nó tá 3,440,441 duine ina gcónaí ansin (ó thús mí Aibreán 2010); is ísliú é sin ón 4.5 mhilliún duine a bhíodh sa chathair roimh an Dara Cogadh Domhanda. Is í an dara cathair is mó san Aontas Eorpach chomh maith; níl aon chathair níos mó ná í cé is moite de Londain. Sna tréimhse 1949-1990, bhí an chathair dealaithe ina dhá cuid, Beirlín Thoir agus Beirlín Thiar. Ba í Beirlín Thoir príomhchathair Dhaonphoblacht na Gearmáine, ach bhí stádas Bheirlín Thiar ina cnámh spairne. Ba é dearcadh mhuintir na cathrach féin gur ceann de stáit de Phoblacht Chónasctha na Gearmáine a bhí ann, ach ní raibh na cumhachtaí forghabhála, an tAontas Sóivéadach ach go háirithe, sásta glacadh leis seo. Ba é polasaí Dhaonphoblacht na Gearmáine, ach go háirithe, Selbständige Politische Einheit West-Berlin ("Slánaonad Polaitiúil Neamhspleách Bheirlín Thiar") a thabhairt ar an leath thiar den chathair.

Sa bhliain 1961, tógadh balla idir an dá leath den chathair. Nuair a tháinig deireadh leis an gCogadh Fuar, ceann de na siombailí ba chumhachtaí don athrú mór seo ab ea é an dóigh ar chuir an chosmhuintir an balla de dhroim an tsaoil.

Tá lár stairiúil na cathrach suite idir na haibhneacha úd Spree agus Havel, agus an stát cónasctha úd Brandenburg á timpeallú ó gach taobh.

Mar gheall ar an spórt i mBeirlín, is iad Hertha BSC agus 1. FC Union Berlin a imríonn sa dara sraith, Zweite Bundesliga, na clubanna sacair a bhfuil an cáil is mó orthu. Tá clú agus cáil ar Alba Berlin mar fhoireann cispheile.

[athraigh] Íomhánna

[athraigh] Naisc sheachtracha


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile