Walter Adolph Gropius

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ailtire a rugadh i mBeirlín ab ea Walter Adolph Gropius (1883-1969). Ceapadh ina stiúrthóir ar scoileanna ealaíne i Weimar é, agus d'atheagraigh sé iad chun an Bauhaus a chruthú, é mar aidhm aige dearcadh nua feidhmiúil ar na healaíona feidhmeacha a chothú. D'fhág sé an Ghearmáin nuair a tháinig Hitler i réim, agus tar éis tréimhse ghearr sa Bhreatain, chaith a shaol i ndiaidh 1937 in Ollscoil Harvard sna Stáit Aontaithe.