An Ghearmáinis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gearmáinis
(Deutsch)
Á labhairt: sa Ghearmáin, san Eilvéis, san Ostair agus agus i 38 tír eile.
Réigiún: An Eoraip
Cainteoirí san Iomlán: 120 milliún[1]
Rang: 9
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais

 Gearmáinic
  Gearmáinic an Iarthair
   Sean Ard-Ghearmáinis
    Meán Ard-Ghearmáinis
     Ard-Ghearmáinis Nua
      Gearmáinis

Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: an Aontais Eorpaigh, na Gearmáine, na hOstaire, Lucsamburg agus na hEilvéise. Teanga áitiúil oifigiúil: na Beilge, na Danmhairge, na hIodáile, agus na Polainne.
Foras Pleanála Teanga: Rat für deutsche Rechtschreibung[2]
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 de
ISO 639-2 ger (B)/deu (T)
ISO 639-3 deu
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Is í an Ghearmáinis (nó an Almáinis, mar a thug Amhlaoibh Ó Súilleabháin ar an teanga; Gearmáiltis an leagan a bhíonn ag scríbhneoirí Ghaeilge Uladh uaireanta) teanga náisiúnta na Gearmáine agus na hOstaire. Deutsch a thugann lucht labhartha na teanga féin uirthi. Tá sí ar cheann de theangacha oifigiúla na hEilvéise, chomh maith leis an bhFraincis, an Iodáilis agus an Réata-Rómáinis. Tá stádas oifigiúil aici i Lucsamburg chomh maith, in éineacht leis an bhFraincis agus an Lucsambuirgis, agus sna ceantair Bheilgeacha atá suite in aice leis an nGearmáin.

Ós teanga Gearmáinice í an Ghearmáinis, tá gaol cuibheasach dlúth aici leis an mBéarla, cé nach bhfuil an Béarlóir in ann mórán adhmaid a dhéanamh den Ghearmáinis i ndiaidh an oiread craiceann a chuir stór focal an Bhéarla de faoi thionchar na Laidine agus na sean-Fhraincise. Tá sé níos fusa comhchosúlacht na Gearmáinise agus na hOllainnise a aithint, mar shampla.

"Deutsch"[athraigh | edit source]

Tá an t-ainm úd Deutsch bunaithe ar fhocal Gearmáinice a chiallaíonn "pobal", "cosmhuintir" - focal atá beo i gcónaí san Íoslainnis, ar a laghad (þjóð = náisiún). Ba í an Ghearmáinis teanga na cosmhuintire, nuair a bhí na manaigh ag saothrú na Laidine sna mainistreacha. Tá gaol ag an bhfocal Deutsch leis an bhfocal Gaeilge úd tuath.

Chuaigh an focal sin deutsch nó an seanleagan de in úsáid sa Laidin mar theodiscus, agus is as sin a tháinig an téarma Iodáilise tedesco. Maidir leis an ainm Almáinis, a úsáidtear san Fhraincis agus sa Spáinnis, creidtear go bhfuil sé bunaithe ar na focail Ghearmáinise all = uile agus Mann = fear, nó ar sheanleaganacha na bhfocal seo. I gcanúineolaíocht na Gearmáinise, tugtar canúintí Almannacha ar na canúintí deisceartacha a labhraítear san Eilvéis agus sa chuid bheag den Ostair atá ag críochantacht leis an Eilvéis. Canúintí Baváracha a labhraítear sa chuid is mó den Ostair.

Uaireanta feictear an leagan malartach Teutsch freisin. Inniu, ní úsáidtear é ach sa chiall íorónta, ach nuair a bhí scríbhneoirí clasaiceacha na teanga i mbun pinn, ní raibh an tseach-chiall greamaithe de go fóill. Mar shampla, thug Friedrich Schiller Teutschland ar an nGearmáin ina chuid scríbhinní.

Cá labhraítear Gearmáinis?[athraigh | edit source]

Tá an Ghearmáinis ina teanga oifigiúil sa Ghearmáin, san Ostair, i Lichtinstéin, agus i dhá dtrian den Eilvéis. Maidir le Lucsamburg, tá canúint áitiúil den Ghearmáinis á labhairt ag cách ansin, ach is fearr le muintir na tíre Fraincis a shaothrú mar theanga scríofa. Tá an Ghearmáinis oifigiúil i Lucsamburg, in éineacht leis an Lucsambuirgis agus an Fhraincis, ach is minice a úsáidtear sna nuachtáin phríobháideacha ná i bhfoilseacháin oifigiúla an rialtais í. Sa Bheilg, tá canúintí Gearmáinise á labhairt in oirthear na tíre, agus is teanga oifigiúil í an Ghearmáinis, in éineacht leis an Ollainnis agus an Fhraincis. Sa Danmhairg agus san Iodáil, níl ach stádas áitiúil nó réigiúnach ag an nGearmáinis mar theanga mhionlaigh.

Roimh an Dara Cogadh Domhanda, bhí mionlaigh mhóra ag labhairt na Gearmáinise anseo agus ansiúd in Oirthear na hEorpa. I ndiaidh an chogaidh, áfach, díbríodh an chuid ba mhó de na Gearmánaigh seo go dtí an Ghearmáin féin. Is amhlaidh gur bhain Hitler leas as na mionlaigh Ghearmánacha seo mar shiocair leis an tSeicslóvaic a chur de dhroim an tsaoil agus leis an bPolainn a ionsaí, agus i ndiaidh an chogaidh, bhí muintir na dtíortha seo meáite fáil réitithe den "chúigiú colún" seo, ionas nach bhféadfadh aon Hitler nua an cleas céanna a imirt orthu a thuilleadh. Thairis sin, bhí Poblacht Chónaidhme na Gearmáine sásta lucht eisimirce - Gearmánaigh a bhí ag "filleadh" ar an nGearmáin - a fháiltiú ó na tíortha seo i ndiaidh an chogaidh. Mar sin, níl ach iarsmaí beaga fágtha inniu de phobail sheanbhunaithe Ghearmánacha Oirthear na hEorpa.

Tíortha ina labhraítear Gearmáinis.

Roimh bhlianta an Chumannachais, bhí pobail mhóra Ghearmánacha anseo is ansiúd in Impireacht na Rúise. Bhí Stalin thar a bheith drochamhrasach i leith na nGearmánach, go háirithe nuair a d'ionsaigh Hitler an tAontas Sóivéadach, áfach, agus scaip sé na pobail seo ar fud an Aontais, murar cimíodh sna campaí géibhinn amach is amach iad. Mar sin, níl ach iarsmaí fágtha de Ghearmánaigh na Rúise, agus cónaí orthu ina lán poblachtaí iar-Shóivéadacha inniu. Fuair cuid mhór acu cead imirce a dhéanamh go dtí an Ghearmáin, cosúil le Gearmánaigh Oirthear na hEorpa.

San Afraic, tá an Ghearmáinis á labhairt go forleathan sa Namaib, cé nach bhfuil stádas oifigiúil aici ansin. Iar-choilíneacht Ghearmánach is ea an Namaib, ar ndóigh.

San Oileán Úr, bíonn canúintí Gearmáinise á labhairt, thar aon dream eile, ag mionlaigh reiligiúnacha, go háirithe ag seicteacha Anabaisteacha, cosúil leis na Meannóinítigh agus na hAmanaigh. Go minic, ní shaothraíonn dreamanna den chineál seo an Ghearmáinis chaighdeánach mar theanga liteartha, agus dá réir sin, imríonn an teanga oifigiúil áitiúil - an Spáinnis nó an Béarla - an-tionchar ar na canúintí seo.

Canúintí na Gearmáinise[athraigh | edit source]

Is gá canúintí na Gearmáinise a aithint thar leaganacha áitiúla na Gearmáinise caighdeánaí. Níl an Ghearmáinis teoranta d'aon tír amháin, agus mar sin, is féidir difríochtaí suntasacha a aithint, abair, idir Gearmáinis chaighdeánach na Gearmáine agus na hOstaire, a chuirfeadh i gcuimhne duit na difríochtaí idir Béarla Shasana agus Béarla Mheiriceá, gan aon trácht a dhéanamh ar Bhéarla na hÉireann. Bíonn canúintí na Gearmáinise chomh difriúil le chéile, áfach, is go bhféadfá a rá gur teangacha éagsúla iad. Ní thuigfeadh an Bavárach a dhath de chaint fhear an chósta thuaidh, mura mbeadh an teanga chaighdeánach foghlamtha ag an mbeirt acu.

Na leaganacha áitiúla nó réigiúnach den Ghearmáinis chaighdeánach a labhraítear i gceantair éagsúla na tíre, ní hionann an tionchar a imríonn an chanúint áitiúil orthu. I dTuaisceart na Gearmáine, bhí an chanúint áitiúil an-difriúil leis an teanga chaighdeánach, agus b'éigean do na daoine an teanga liteartha a fhoghlaim beagnach mar a bheadh teanga iasachta ar fad ann. Mar sin, bíonn Gearmáinis chaighdeánach an Tuaiscirt an-soiléir, agus is fearr leis na coimhthígh a bhfuil an teanga acu a gcuid comhrá a dhéanamh le muintir an Tuaiscirt. Sa Deisceart, áfach, tá an chanúint áitiúil níos gaolmhaire leis an teanga chaighdeánach, agus ní raibh de dhíth ar mhuintir an Deiscirt ach a ngnáthchaint a "chaighdeánú". Ba é ba toradh dó seo, áfach, gur fágadh an leagan áitiúil den Ghearmáinis chaighdeánach chomh breac le saintréithe áitiúla is go bhfaigheann foghlaimeoirí na teanga an-deacair cainteoirí an Deiscirt a thuiscint, fiú nuair atá siad ag iarraidh cuma an chaighdeáin a chur ar a gcuid Gearmáinise.

Inniu, tá cuid de na canúintí pobail ag géilleadh don teanga chaighdeánach. Go háirithe i dTuaisceart na Gearmáine, tá na canúintí áitiúla imithe ar fad nó sna céadéaga. Ón taobh eile de, tá an chanúint láidir san Eilvéis agus i Lucsamburg, agus í á saothrú mar theanga liteartha, fiú.

Is gnách na canúintí Gearmáinise a dheighilt ina dhá bpríomhghrúpa, mar atá, na canúintí Ard-Ghearmáinise (Hochdeutsch) agus na cinn Íseal-Ghearmáinise (Niederdeutsch, Plattdeutsch). Is í an difríocht is mó eatarthu ná go bhfuil an Dara Fuaimaistriú nó Zweite Lautverschiebung ar lár san Íseal-Ghearmáinis. Is é an fuaimaistriú seo a d'fhág cuma speisialta na "Gearmáinise" ar na consain i bhfocail cosúil le Apfel = úll (cf. apple sa Bhéarla), Pfad = cosán (path), machen = déanamh (make), Zeit = am (is ionann mar fhocal é agus tide an Bhéarla, cé nach ionann an bhrí níos mó - "taoide" is ciall leis an bhfocal Béarla, ar ndóigh). Bíonn na focail Íseal-Ghearmáinise ag breathnú níos cosúla leis na focail Bhéarla ó thaobh na gconsan de - maken in áit machen, mar shampla.

Is minic a thugtar PlattPlattdeutsch ar an Íseal-Ghearmáinis, ach, le fírinne, níl an téarma seo go maith, ós rud é go bhfuil cuid mhaith canúintí Meán-Ghearmáinise ann a dtugann lucht a labhartha Platt ar a gcanúint féin - Koblenzer Platt i gKoblenz, cuir i gcás.

Ní mór cuimhne a choinneáil air, áfach, nach bhfuil an teorainn idir an Ard-Ghearmáinis agus an Íseal-Ghearmáinis soiléir ná neamh-dhébhríoch. Is gnách í a tharraingt de réir "líne Benrath", is é sin, an líne a dhealaíonn ó chéile na canúintí ina n-úsáidtear maken (Íseal-Ghearmáinis) agus na cinn ina n-úsáidtear machen (Ard-Ghearmáinis agus an teanga chaighdeánach). Ritheann líne Benrath ó Eupen sa Bheilg trí Aachen, Benrath (in aice le Düsseldorf), Olpe, Kassel, Nordhausen, Aschersleben, Dessau agus Beirlín go dtí Frankfurt an der Oder. Tá an líne ainmnithe as an áit ina dtrasnaíonn sí an Réin. Níl na saineolaithe go léir ar aon bharúil, áfach, gur chóir an Ard-Ghearmáinis agus an Íseal-Ghearmáinis a aithint thar a chéile de réir na líne áirithe seo. Is fearr le cuid acu an líne idir ich agus ik ("mé") a roghnú mar chritéar. Tugtar "líne Uerdingen" ar an líne áirithe seo. Tá líne Uerdingen suite níos faide thuaidh ná líne Benrath.

Is gnách Meán-Ghearmáinis nó Mitteldeutsch a thabhairt ar na canúintí taobh theas de líne Benrath, nach bhfuil ach cuid de ghnéithe an fhuaimaistrithe curtha i gcrích iontu. Mar shampla, deirtear ich agus machen i gcanúint Köln, ach, ón taobh eile de, tugtar Dorp, seachas Dorf, ar "sráidbhaile" sa chanúint chéanna. Maidir leis an bhfocal a chiallaíonn "úll", deirtear Appel in áit Apfel chomh fada theas le Frankfurt am Main.

Is iad na canúintí Meán-Ghearmáinise an grúpa is mó éagsúlachta. Na teoirlínte ar a n-aithnítear cé chomh fairsing atá tréith áirithe den dara fuaimaistriú, tá siad spréite mar a bheadh gaothrán ann in iarthar na Gearmáine, cois na Réine. Rheinischer Fächer nó "gaothrán na Réine" a thugtar ar na canúintí cois na Réine i dtéarmaíocht na gcanúineolaithe.

Na canúintí is faide theas, tugtar Oberdeutsch orthu, nó "Uas-Ghearmáinis". Is iad na canúintí Almannacha agus na canúintí Baváracha an dá ghrúpa móra Uas-Ghearmáinise. Labhraítear canúintí Almannacha san Eilvéis, i Lichtinstéin agus i dtuaisceart na hIodáile, áit a bhfuil mionlach Gearmánach le fáil.

Cá bhfuil an Ghearmáinis chaighdeánach i measc chanúintí na Gearmáinise, ansin? Ó thaobh na gconsan agus an fhuaimaistrithe de, dealraíonn sé gurb í an Bhaváiris an chanúint is cosúla léi. Tá claochlú an p go pf teoranta don Uas-Ghearmáinis, go bunúsach. Ó thaobh na ngutaí de, áfach, tá sí níos cosúla leis an Meán-Ghearmáinis. Sa deisceart, is minic a fhuaimnítear an t-/ie/ scríofa mar dhéfhoghar, cosúil le "ia" na Gaeilge. Níl a leithéid d'fhuaimniú ceadaithe sa Ghearmáinis chaighdeánach, nó déantar i fada den /ie/ ansin.

Tá gné amháin den fhuaimaistriú ann nach bhfuil curtha i gcrích sa teanga chaighdeánach: cé go ndearnadh Z den T i bhfocail cosúil le Zeit agus Pf den P i bhfocail cosúil le Pfad, ní dhearnadh Kch den K i dtús an fhocail - rud a tharla sna canúintí Almannacha. Deir muintir na hEilvéise inniu Chind in áit Kind ("páiste") agus chlii in áit klein ("beag").

Stair na Gearmáinise[athraigh | edit source]

Sean-Ard-Ghearmáinis[athraigh | edit source]

Is í an tSean-Ard-Ghearmáinis (Althochdeutsch) an chéim is sine i stair na Gearmáinise. Sa tséú haois, scríobhtaí cúpla focal anseo is ansiúd san aibítir Rúnach, ar a dtugtar Futhark, agus bhí focail aonair sa teanga le léamh i dtéacsaí Laidine na linne. San ochtú haois a scríobhadh an chéad liosta focal - an tAbrogans. Na téacsaí Sean-Ard-Ghearmáinise is sine, áfach, níor cuireadh ar pár iad roimh an naoú haois. Ní raibh caighdeán ceart ag an tSean-Ard-Ghearmáinis, nó bhí na scríbhneoirí go léir ag scríobh ina gcanúintí féin, agus uaireanta, bhí na canúintí á meascadh trí chéile, nuair a bhí an buntéacs scríofa i gcanúint ar leith, agus cainteoir canúna eile ag iarraidh é a chóipeáil. Sampla maith de seo is ea í Laoi Hildebrand, nó an Hildebrandslied. Laoi eipiciúil é an Hildebrandslied faoi Hildebrand agus a mhac, Hadubrand, a chastar ar a chéile i bpáirc an áir, cosúil le Cú Chulainn agus a mhac Cúnla i miotaseolaíocht na hÉireann. Ó thaobh na teanga de, tá an Hildebrandslied iontach measctha, ós rud é nach bhfuil an scríobhaí cinnte, cé acu Ard-Ghearmáinis nó Íseal-Ghearmáinis ba chóir dó a scríobh.

Bhí an Íseal-Ghearmáinis ann mar chanúint san am sin féin, cé gur fearr leis na saineolaithe Sean-Sacsóinis a thabhairt uirthi. Tá na cáipéisí atá fágtha againn sa tSean-Sacsóinis níos gainne ná na scríbhinní Sean-Ard-Ghearmáinise féin.

Meán-Ard-Ghearmáinis[athraigh | edit source]

Tá i bhfad níos mó tábhachta leis an Meán-Ard-Ghearmáinis (Mittelhochdeutsch). Glactar leis go raibh Meán-Ard-Ghearmáinis á saothrú timpeall na mblianta 1050-1350. Ní féidir a rá gur teanga chaighdeánach a bhí ann mar a thuigimid an téarma "caighdeán" inniu, ach ar a laghad, bhí claonadh láidir ann sórt scáthleagan nó leagan osréigiúnach den teanga a chruthú. Bhí an claonadh seo fite fuaite le riachtanais na filíochta. Is amhlaidh go raibh filí agus éigse ag aithris dánta, laoithe agus amhráin i gcúirteanna na linne, agus iad ag iarraidh a gcuid filíochta a dhéanamh intuigthe ag an lucht éisteachta i ngach caisleán. Na cúirteanna agus na rítheaghlaigh ba mhó a raibh tionchar acu ar na nósanna agus na béasaí - rítheaghlach mhuintir Hohenstaufen agus rítheaghlach na Hapsburgach ach go háirithe - bhí siad lonnaithe i ndeisceart na Gearmáine, rud a d'fhág gurbh iad canúintí an Deiscirt a bhí mar bhunús le teanga na bhfilí.

Bhí tionchar na Meán-Ard-Ghearmáinise le mothú san Ísiltír féin, nó ní raibh an Ísiltíris agus an Ghearmáinis scartha ó chéile go fóill san am seo. Is fiú an file Hendrik van Veldeke, a mhair sa dóú haois déag, a lua. Bhí canúint Ollainnise ó dhúchas aige, agus sin é an teanga ba mhó a shaothraíodh sé ina chuid scríbhinní, ach chuir sé caol air gan focail a chur i rím le chéile nach ndéanfadh rím sa Mheán-Ard-Ghearmáinis. Is é sin, rinne sé iarracht a chinntiú go bhféadfaí a chuid dánta a aistriú go Meán-Ard-Ghearmáinise chomh héasca agus ab fhéidir, gan foclaíocht an bhuntéacs a athrú.

D'fhág na filí Meán-Ard-Ghearmáinise cuid mhór litríochta ina ndiaidh. Thar aon rud eile, bhí an Minnesang ann, is é sin, an fhilíocht choinbhinsiúnta grá. Ba é an grá cúirtiúil a bhí i gceist, is é sin, grá an ridire don bhean uasal a n-ofrálann sé a anam ar a son i bpáirc an áir gan aon teagmháil cheart grá nó collaíochta. Ba é Walther von der Vogelweide máistir an chineál seo filíochta. Bhí an Artúraíocht - is é sin, na laoithe eipiciúla faoi eachtraí an Rí Artúr agus a chuid ridirí - ina cuid thábhachtach de scríbhneoireacht na linne freisin, sa Ghearmáin chomh maith le hiarthar na hEorpa ar fad. I measc na bhfilí a scríobh laoithe nó eipicí faoi théamaí Artúraíochta, bhí Hartmann von Aue agus Gottfried von Strassburg. File eipiciúil tábhachtach ab ea é Wolfram von Eschenbach freisin. Bhí a gcuid saothar bunaithe ar bhuntéacsaí Fraincise, go háirithe ar na dánta Artúraíochta a scríobh Chrétien de Troyes.

Ba é Wolfram von Eschenbach a scríobh an eipic úd Parzival, an chéad téacs Gearmáinise ina ndéantar tagairt don tSoitheach Naofa.[3]

Sa dóú haois déag a d'fhorbair an Mheán-Íseal-Ghearmáinis. Mhair sracadh sa teanga seo go dtí an séú haois déag, ach roimhe sin, bhí sí ina mórtheanga timpeall na Bailte ar fad. Bhí sórt caighdeán ann, agus é bunaithe ar chanúint Lübeck, cé nár códaíodh go hoifigiúil riamh é. D'fhág an teanga seo a sliocht ar na teangacha Lochlannacha ar fad, diomaite den Fharóis agus den Íoslainnis, agus is féidir a rá, fiú, go bhfuil níos mó Íseal-Ghearmáinise ná Lochlainnise i Sualainnis an lae inniu. Ba é an Conradh Hainseatach ba mhó ba chúis le scaipeadh agus fairsingiú na teanga seo.

Nua-Ard-Ghearmáinis[athraigh | edit source]

Is ionann inniu an Ghearmáinis agus an Nua-Ard-Ghearmáinis, is é sin, an caighdeán a bhunaigh Máirtín Liútar lena aistriúchán den Bhíobla. Chreid sé féin nach raibh sé ag cruthú aon chaighdeán nua, ach ag tarraingt ar na caighdeáin a bhí ann roimhe féin, is é sin, ar an gcineál Gearmáinis a chleachtadh Seansailéireacht an Impire Hapsburgaigh agus an cineál a bhíodh á scríobh i Meissen, i Seansailéireacht an Rí Shacsónaigh. Le fírinne, d'aontaigh sé an chuid ab fhearr sa dá "chaighdeán" seo. Thairis sin, chuir sé béim ar leith ar shimplíocht na comhréire, agus é ag iarraidh aithris a dhéanamh ar dhul na cainte i mbéal na ngnáthdhaoine. Is é an mana a bhí aige ná "féach béal na ndaoine agus iad ag labhairt", agus, go fírinneach, bhí blas na cainte nádúrtha ar go leor dár scríobh sé.

Maidir le gramadach na Nua-Ard-Ghearmáinise, tá cuid mhór di bunaithe ar ghramadach na Meán-Ard-Ghearmáinise, go háirithe an tuiseal ginideach agus an aimsir chaite - das Präteritum, mar a deirtear as Gearmáinis. Foirm bheo is ea é an tuiseal ginideach sa Ghearmáinis scríofa: das Auto des Vaters ("gluaisteán an athar") a scríobhtar, ach is iad na struchtúir a úsáidtear sa teanga labhartha ná das Auto vom Vater ("an gluaisteán den athair") nó dem Vater sein Auto ("don athair a ghluaisteán féin"). Cosúil leis sin, struchtúr de chuid na teanga liteartha is ea é er schrieb den Brief ("scríobh sé an litir", cf. he wrote the letter sa Bhéarla), ach is í an aimsir fhoirfe a úsáidtear sa chaint: er hat den Brief geschrieben ("tá sé tar éis an litir a scríobh", "tá an litir scríofa aige", cf. he has written the letter sa Bhéarla). I gcomparáid leis an Meán-Ard-Ghearmáinis, áfach, d'athraigh an fuaimniú ar go leor bealaí: rinneadh [ai] den [ei], cé gurb é "ei" an litriú i gcónaí ("schreiben" [ʃraibən]), d'iompaigh an t-"iu" [y:] agus an t-"öi" ([øu], nó b'fhéidir [øi]) go h-"eu"/"äu" [ɔy].

Thóg sé na céadta bliain, áfach, Gearmáinis chaighdeánaithe Mháirtín Liútair a thabhairt isteach mar chaint na ndaoine. Ní bhfuair sí an lámh in uachtar ar na canúintí roimh an bhfichiú haois, agus, déanta na fírinne, tá stádas na canúna láidir i gcónaí san Eilvéis agus i Lucsamburg. Sa Ghearmáin féin chomh maith leis an Ostair, áfach, tá an regionale Umgangssprache - an "chaint réigiúnda" - ag cur ruaigeadh ar an Dialekt nó an Mundart, is é sin, an "chanúint". Ní raibh na seanchanúintí Gearmáinise bunaithe ar an teanga chaighdeánaithe ar aon nós, nó ba leaganacha den teanga iad a d'fhorbair beag beann uirthi. Is é an rud atá i gceist leis an "gcaint réigiúnach" ná an leagan réigiúnach den teanga chaighdeánaithe. Go minic, bíonn blas na canúna uirthi láidir go leor, ach san am céanna, níl a gramadach ná a stór focal bunaithe ar an gcanúint, ach ar an teanga chaighdeánaithe.

Tagairtí[athraigh | edit source]

An Ghearmáinis
Vicipéid le fáil as An Ghearmáinis freisin
Flag of Europe.svg athraigh Teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh
BéarlaBulgáirisCróitisDanmhairgisEastóinisFionlainnisFraincisGaeilgeGearmáinisGréigisIodáilisLaitvis
LiotuáinisMáltaisOllainnisPolainnisPortaingéilisRómáinisSeicisSlóivéinisSlóvaicisSpáinnisSualainnisUngáiris
Foinse: Suíomh gréasáin oifigiúil an AE