An Bhratasláiv

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Bhratasláiv
Bratislava
An Bhratasláiv

Oíche i seanbhaile na Bratasláive. Radharc ó thaobh Petržalka

Suíomh

48°8′ Thuaidh 17°6′ Thoir

Rialtas
Tír: Flag of Slovakia.svg An tSlóvaic
Ceantar: Bratislava (Ceantar)
Méara: Milan Ftáčnik
Déimeagrafaic
Achar: 367.584 km²
Daonra: 426,927 (2007)
Dlús daonra: 1,161/km²
Airde: 134 m
www.bratislava.sk

Is í an Bhratasláiv (Slóvaicis: Bratislava, seanainm Slóvaicise: Prešporok, Ungáiris: Pozsony, Gearmáinis: Pressburg, Laidin: Posonium) príomhchathair na Slóvaice, agus í ar an gceann is mó de chathracha na Slóvaice fosta, ó tá cónaí ar 450,000 duine ansin. Is í lárionad polaitíochta, cultúir agus eacnamaíochta na tíre í. Tá sí suite ar an dá thaobh den Danóib, agus í an-chóngarach do theorainn na hOstaire agus na hUngáire. Is í an t-aon phríomhchathair amháin ar fud an domhain atá ag críochantaíocht le dhá thír choimhthíocha, agus níl sí ach faoi chaoga ciliméadar ó phríomhchathair na hOstaire, Vín.

Stair[athraigh | edit source]

Tá áitreabh daonna anseo ó laethanta na Clochaoise Neoilití anuas, ach is dócha gurb iad na Boii, an treibh Cheilteach a bhronn a hainm ar an mBoihéim i bPoblacht na Seice, a chuir tús leis an gcéad "chathair" san áit seo tá dhá chéad bliain roimh bhreith Chríost. Ní raibh ann ach oppidum, mar a thugann an Laidin ar a leithéid, nó ráth. Bhí muileann airgid ag na Boii san áit, agus is díol suntais iad na boinn airgid a bhí á mbualadh ansin: is gnách biatec a thabhairt orthu, toisc gurbh é sin ainm an taoisigh a bhí le feiceáil ar na boinn.

Thit an áit leis na sean-Rómhánaigh sa chéad aois i ndiaidh bhreith Chríost, agus ba chuid de chóras cosanta na gcríoch Rómhánach í go dtí an ceathrú haois. B'iad na Rómhánaigh freisin a chuir tús le déantús an fhíona.

Nový Most - "An Droichead Nua" - agus árasáin i bPetržalka ar bhruach na Danóibe

Tháinig na Slavaigh - sinsir na Slóvacach - go dtí an áit sa chúigiú nó sa séú haois, le hImirce Mhór na Náisiún. Sa bhliain 623, bhunaigh siad an chéad "stát" Slavach riamh ar chuala an saol iomrá air, mar atá, ríocht Samo, mar sciath chosanta ar na hAváraigh, treibh Thurcach a bhí ag ionsaí na Slavach san am. Sa naoú haois, arís, bhí an-ról ag Caisleán na Bratasláive agus Caisleán Devín mar bhunáiteanna ag Prionsacht Nitra agus ag an Moráiv Mhór, stáit thábhachtacha de chuid na Slavach san am.

Rinneadh an chéad trácht ar an mBratasláiv in aon fhoinse scríofa sa bhliain 907. Tagairt atá ann don dóigh ar tháinig deireadh le stát na Moráive Móire agus é faoi ionsaí ag na hUngáraigh.

Sa bhliain 1000, tháinig Ríocht na hUngáire chun saoil. Bhí an Bhratasláiv, nó Pozsony, suite in aice le teorainn na ríochta seo, agus is iomaí sin ionsaí a rinneadh ar an áit. Mar sin féin, thosaigh an t-áitreabh ag forbairt anseo chomh maith leis an eacnamaíocht, agus sa bhliain 1291, bhronn Aindrias a Trí, Rí na hUngáire agus na Cróite, cairt cathrach ar an áit.

Sa bhliain 1526, chloígh na Turcaigh an Ungáir i gCath Mohács, agus ina dhiaidh sin, d'fhéach siad leis an mBratasláiv féin a ionsaí. Chuir siad léigear ar an áit agus iad ag iarraidh í a ghabháil, ach bhí fuar acu, cé go ndearna siad an-damáiste don chathair. Bhí an oiread sin de thailte na hUngáire sealbhaithe ag na Turcaigh gur gaireadh príomhchathair na hUngáire den Bhratasláiv nuair a thit an Ungáir leis an Ostair sa bhliain 1536. Ón am sin i leith, bhí tábhacht nua leis an gcathair. Bhí na ríthe á gcorónú agus na heaspaig á n-oirniú anseo.