Dara Cogadh Domhanda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó An Dara Cogadh Domhanda)
An Dara Cogadh Domhanda
An Dara Cogadh Domhanda
Dáta: 1 Meán Fómhair 1939 - 2 Meán Fómhair 1945 ( 6 bliana agus 1 lá)
Toradh: Bua na Chomhghuaillithe. Cuireadh Eagraíocht na Náisiún Aontaithe ar bun. Nochtadh SAM agus APSS mar ollchumhachtaí. Srl.
Céilí comhraic
Ríocht Aontaithe
An Pholainn
Stáit Aontaithe
APSS
An Fhrainc Shaor
An Astráil
...Srl.
Gearmáin na Naitsithe
An Iodáil
An tSeapáin
...Srl.
Ceannasaithe
Winston Churchill
Edward Rydz-Śmigły
Franklin D. Roosevelt
Iósaf Stailín
Charles de Gaulle
...Srl.
Adolf Hitler
Benito Mussolini
Hirohito
...Srl.
Slua
Taismigh
Básanna
Míleata: >21-25,000,000
Sibhialtach: >50-55,000,000? Féach ar "World War II casualties" ar Wikipedia
{{{taismigh2}}}

Ba é an Dara Cogadh Domhanda an cogadh ba mhó a cuireadh i rith na fichiú haoise, agus é le haithint ar fud an domhain. Thosaigh an cogadh san Eoraip ar 1 Meán Fómhair 1939, ach is féidir a rá go raibh coimhlint bhainteach ar siúl san Áise ón 7 Iúil 1937, nó b'ansin a d'ionsaigh an tSeapáin an tSín an dara huair i rith na haoise. Nuair a tharraing ionsaí na Seapánach ar Pearl Harbour na Meiriceánaigh isteach i gcogadh an Aigéin Chiúin, bhí cogadh na Síne is na Seapáine á fhearadh ar aghaidh mar chuid den Dara Cogadh Domhanda.

An chuid is mó de na tíortha a bhí sáite sa Chéad Chogadh Domhanda, ghlac siad páirt sa dara cogadh freisin, agus bhí cathanna á gcur i ngach aon mhór-roinn ina bhfuil cónaí ar dhaoine daonna. Tríd is tríd, ba é an Dara Cogadh Domhanda an cogadh ab fhairsinge agus ba chosúlachta i stair an chine dhaonna.

Is gnáth na cogaithe a roinnt ina dhá mbloc, mar atá, na Comhghuaillithe agus an Fhearsaid. Bhí cuid mhór tíortha beaga ag cur cogaidh freisin, agus iad ag comhoibriú le ceann den dá bhloc, ar chúiseanna praiticiúla níos mó ná ar chúiseanna idé-eolaíochta nó báúlachta.

Ar dtús, ba í an Ríocht Aontaithe an chumhacht ba thábhachtaí de na Comhghuaillithe, agus an Pholainn is an Fhrainc ar an chéad dá chomhghuaillí a bhí aici. Sa deireadh thiar thall, áfach, chuaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Sóivéadach chun cogaidh ar thaobh na gComhghuaillithe.

Ar thaobh na Fearsaide, arís, ba iad an Ghearmáin, an Iodáil, agus an tSeapáin na príomhthíortha.

Bhí ról lárnach ag an Rúis ag cur an ruaig ar na Naitsithe. Fuair b’fhéidir 26 milliún as an Aontas Sóivéadach bás (11 milliún san Arm Dearg san áireamh).[1]

Fuair b'fhéidir 70-85 milliún bás sa Dara Cogadh Domhanda.[2]

Cúiseanna an Chogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Spás áitrithe a chruthú (nó "Lebensraum").[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí na Naitsithe ag iarraidh níos mó ná teorainn 1914 a athbhunú[3]. Chomh fada siar le 1920, bhí Hitler ag maíomh go raibh sé riachtanach ag na Gearmánaigh tailte nua a bhaint amach. Bhí gá le Conradh Versailles, a bhí fuath ag na Gearmánaigh air, a chealú ar fad.

Mhínigh Hitler a thuairimí faoi "Lebensraum" ina leabhar "Mein Kampf" agus sa "Leabhar Rúnda" a scríobh sé sa bhliain 1928. Bhí sé scríofa sna leabhair seo go raibh ar an Ghearmáin tailte agus críocha nua a bhaint amach leis an daonra Gearmánach a chothú agus a mhéadú. Mhaígh Hitler go mbeadh an talamh seo le baint ó stáit oirthear na hEorpa, ina raibh ciníocha íochtaránacha, agus go háirithe ó phríomhnamhaid na Gearmáine, an Rúis Chumannach.

Bhain Hitler agus na Naitsithe tairbhe i gcónaí as an fhuath a bhí ag muintir na Gearmáine ar an Chonradh. Cháin bolscaireacht na Naitsithe an Conradh agus gheall Hitler é a fhreaschur nuair a bheadh an chumhacht sa Ghearmáin aige. Ghnóthaigh na geallúintí seo cuid mhór tacaíochta do Hitler agus do na Naitsithe.

Nuair a tháinig Hitler i gcumhacht sa bhliain 1933, bhí 6 milliún duine dífhostaithe sa Ghearmáin. bhí an chuma ar an scéal nach mbeadh an Ghearmáin láidir go leor choíche lena leithéid de thalamh a ghnóthú. Bhí tionscal arm na Gearmáine a fhorbairt mar aon le Cabhlach, Aerfhórsa agus Arm na tíre. Bheadh sé seo ina chuidiú leis an Ghearmáin a dhéanamh mór agus láidir.

Mar sin féin sa bhliain 1939 bhí an Ghearmáin ag an phointe go dtiocfadh le Hitler smaoineamh faoi leathnú amach a dhéanamh soir i dtreo na Polainne agus fiú na Rúise. Bhí an tír atharmáilte. Leis an mhéadú ar a neart míleata, bhí sé ar a cumas ag an Ghearmáin an spás áitrithe a bhí uaithi a fháil. Dhéanfadh an leathnú amach san oirthear áit na Gearmáine mar thír thábhachtach chumhachtach a dheimhniú.

Tús an Chogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Cogadh san Áise: 1937-1939[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mí an Iúil 1937, ghabh an tSeapáin iar-cathair na tSíne, Peking, díreach i ndiaidh eachtra a chruthaigh arm na Seapáine ar dhroighead Marco Polo. D'fhorbair an t-ionrú ar Peking ina oll-ionsú in éadan na tSíne. Níorbh fhada roimh a shínigh na Rúisí socrú neamhionsaithe leis an tSín le haghaidh tacaíochta ábhair a shóláthair dóibh, agus de bharr sin, cuireadh deireadh leis an réamh-comhoibriú idir an tSín agus an Gearmáin. Idir Meán Fómhair agus Samhain, ghabh an tSeapáin Taiyuan, d'ionsaigh siad an t-arm Kuomintang i Xinhou agus throid siad in éadan na bhfórsaí cummanaigh i mPingxingguan. Chinn Ginearál Chiang Kai-shek a arm b'fhearr chun Shanghai a chosaint. Áfach, tar éis catha 3 mhí, ghéill Shanghai. Leann na Seapáiní lena n-ionrú ar an tSín, ag gabháil na príomhcathrach Nanking i mhí an Nollag 1937. Tár éis titim Naking, dhúnmharaigh an tSeapáin na céadta míle sibhialtaigh Síneach agus cuireadh an-chuid mná tSíneach chun sclábhaíochta ghnéasaí.

I Mí an Mhárta 1938, bhuaigh na fórsaí Síníseacha a gcéad chath i Taierzhuang. Áfach, ghabh na fórsaí Seapáiníse an chathair sár i bhfad ina ndiaidh i mhí an Bhealtaine. I Mí an Mheithimh 1938, chuir na fórsaí Síníseacha moill ar ionradh na Seapáine nuair a líon siad an abhainn bhuí le huisce sa chaoi is nach raibh sí dothrasnaithe do fhórsaí na Seapáine. Dá bharr, thug sé seo am d'fhórsaí na Síne cosaint Wuhan a eagrú, ach ghabhadh an chathair i mí an Deiridh Fómhair. Cé go raibh an bua ag an tSeapáin sna cathanna in éadan na síne, níor éirigh leo ceannaireacht na síne a shárú. Chúlaigh fórsaí na síne siar isteach faoin tuatha i ngach aon chath inar sháraíodh iad.

1930, chuir an tSeapáin cogadh teorainne ar na Rúisí i Manchuko, stát lonnaithe ó thuaidh mórthalamh na tSíne. Chuir an foirceadal Seapáinís "Hokushin-ron" béim ar leathnú na Seapáine ó thuaidh, nós a ghlac an t-arm Seapáinís ag an am seo. Tar éis an chliste Seapáinís i Khalkin Gold sa bhliain 1939 agus a comhghuallí (An Gearmáin) sa tóir ar chonradh neodrachta leis an APSS, ba fhollasach nach mairfeadh an foirceadal leathnú seo. Ar deireadh thiar, Shínigh an tSeapáin agus an APSS conradh neodrachta lena chéile i mhí an Aibreáin 1941, agus d'uctaigh an tSeapáin foirceadal "Nanshin-ron", curtha chun tosaigh ag an gcabhlach, chun díriú ó dheas na hÁise. Dá bharr, chuir an tSeapáin cogadh ar na Stáit Aontaithe agus na comhghuaillithe san iarthar níos déanaí.

Tar éis atreorú trí ceathrú de thrupaí agus tromlach an aerfórsa ón bhFrainc agus ó lár na Mheánmhuire chun an líne tosaigh san oirthear, shocraigh an Ríocht Aontaithe a straitéis a athrú. I mhí Iúil, chuir an Ríocht Aontaithe agus an t-Aontas Sóibhéadach comhaontas ar bun in éadan na Gearmáine. D'ionraigh an na tíortha comhaontaithe an t-Iran d'fhonn láithreacha ola sa gconair Pheiris a ghabháil. I mhí Lúnasa, d'eisigh an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe an Chairt Atlantach.

Faoi Deireadh Fómhair, bhain an ais a spriocanna amach sa Úcráin agus sa bhfearann Baltach, le léigear i Leningrad agus Sevastopol fágtha ina ndiaidh. Tosaíodh ionsú nua ar Mhoscó

Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise, Molotov, ag síniú an Chomhaontaithe Naitsí-Shóivéadaigh. Tá Von Ribbentrop, Aire Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine agus Stailín, Ceannaire na Rúise, ina seasamh ar a chúl faoi phictiúr de Leinín

An Comhaontú Naitsí-Shóivéadach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 23 Lúnasa 1939, shínigh an Ghearmáin Naitsíoch agus an Rúis Shóivéadach an Comhaontú Naitsí-Shóivéadach. Rinne siad gealltanas gan ionsaí a dhéanamh ar a chéile ar feadh deich mbliana Ag an am céanna, bhí an Ghearmáin agus an tAontas Sóivéadach tar éis conradh rúnda a shíniú faoi chríochdheighilt na Polainne. Shocraigh siad go roinnfí talamh na Polainne idir an dá thír. Bhí an conradh tábhachtach do Hitler mar thiocfadh leis ionsaí a dhéanamh ar an Pholainn gan a bheith buartha go dtroidfeadh arm na Rúise ina éadan.

Cartún ag léiriú an Ghearmáin Naitsíoch agus Stailín i ndiaidh an Chomhaontaithe Naitsí-Shóivéadaigh (Mucha, 8 M.F. 1939)

Bhí ionadh ar thíortha eile na hEorpa go raibh dhá namhaid idé-eolaíochta in ann teacht le chéile. Thuig tíortha na hEorpa ag an am na himpleachtaí a bhain leis an chonradh seo don Pholainn. Bhí ardteannas ann sna laethanta idir seo agus deireadh na míosa.

Ionradh ar an Pholainn, Meán Fómhair 1939[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir an Comhaontú Naitsí-Shóivéadach deireadh leis an bhagairt intuigthe a bhain leis an bharántas Angla-Fhrancach, a tugadh don Pholainn lena slándáil a chosaint. Mar sin, ar 1 Meán Fómhair 1939, chuir na Gearmánaigh deireadh leis an fhanacht agus d’ionsaigh siad an Pholainn.

D’fhógair an Bhreatain agus an Fhrainc cogadh ar an Ghearmáin dhá lá ina dhiaidh sin, ar 3 Meán Fómhair 1939. D'fhógair an Ríocht Aontaithe (labhair Neville Chamberlain ar an BBC) ag 11.15am de réir mheán-am Greenwich, cogadh in aghaidh na Gearmáine, rud a rinne an Fhrainc sé uaire an chloig ina dhiaidh sin, agus an Astráil agus an Nua-Shéalainn níos déanaí. Bhí an tSlóvaic, stát soip a bhí faoi smacht ag an nGearmáin, ag tacú leis na Gearmánaigh.

Bolscairecht ó Washington Commonwealth Federation, Lúnasa 1939
An Ghearmáin Mhór faoi 1 Meán Fómhair 1939.

Ar 17 Meán Fómhair 1939, rinne na Rúisigh ionradh ar an Pholainn ón oirthear. .

Ní amháin go raibh Hitler ag comhlíonadh aidhm Lebensraum agus é ag déanamh ionraidh ar an Pholainn, ach laghdaigh an t-ionradh an brú eacnamaíoch a bhí ar an Ghearmáin trí acmhainní nádúrtha a bhí de dhíth go géar a ghnóthú don gheilleagar.[4]

Ní thug na Sasanaigh ná na Francaigh cúnamh do na Polannaigh, scriosadh an dóchas láidir a bhí ann ar dtús.

Rinne na Francaigh ionsaí ar an tSárlainn in iarthar na Gearmáine, ach ní raibh na Gearmánaigh i bhfad ag cur cúl ar an ionsaí seo.

D.F. 139: críochdheighilt na Polainne

Troideadh an cath deireanach, Cath Kock, at 6 Deireadh Fómhair 1939. Bhí cur in éadan míleata na Polainne scriosta ag na Gearmánaigh. Bhí na Polannaigh cloíte, agus roinn an Ghearmáin agus an tAontas Sóivéadach an tír eatarthu mar a bhí socraithe acu. Fuair an Liotuáin na tailte timpeall ar Vilnias, Tugadh tailte áirithe do na Slóvacaigh in aice leis an teorainn.

Ina dhiaidh sin, chuir an tAontas Sóivéadach d'fhiacha ar na tíortha Baltacha—an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin—trúpaí Sóivéadacha a ligean isteach. Chuaigh na trúpaí ar garastún sna tíortha sin go seasta, agus tógadh bunáiteanna míleata Sóivéadacha ansin. San am chéanna, bhí na Sóivéadaigh ag éileamh ar an bhFionlainn tailte áirithe in aice le Leningrad a ghéilliú don Aontas Sóivéadach agus, thar aon rud eile, ceadú do na Sóivéadaigh bunáit mhíleata a chur ar bhun in aice le Hanko, an chathair is faide theas sa tír. Bheadh limistéar eile le dul don Fhionlainn in éiric a dtabharfadh sí uaithi. Ní raibh na Fionlannaigh sásta leis an tairiscint, agus sa deireadh, d'ionsaigh na trúpaí Sóivéadacha an Fhionlainn. Chuir na Fionlannaigh ar a son, agus troideadh Cogadh an Gheimhridh idir an Fhionlainn agus an tAontas Sóivéadach.

An "Cogadh Bréagach", 1939-1940[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glaotar 'an cogadh bréagach' ar an tréimhse sa gheimhreadh na bliana 1939-40.

An Cogadh ag Dul i bhFairsinge[cuir in eagar | athraigh foinse]

1940[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Aibreán 1940, rinne an Ghearmáin ionsaí ar an Danmhairg agus an Iorua.[5]

I mí Bealtaine 1940, rinne an Ghearmáin Naitsíoch ionsaí ar an Ollainn agus an Bheilg.

1941[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus cúrsaí forghabhála cuibheasach cobhsaí san Eoraip, thug an tSeapáin, an Ghearmáin agus an t-Aontas Sóibhéadach faoi ullmhucháin a dhéanamh. Agus an APSS airdeallach maidir leis an teannas á mhéadú leis an tSeapáin agus an nGearmáin, ar intinn acu leas a bhaint as acmhainní saibhre na hEoraipe trí réadmhaoin Eorpach le hacmhainn shaibhir a ghabháil lonnaithe i ndeisceart iarthar na hAise, shínigh an dá sharchumhacht conradh neodrach APSS-Seapáine i mhí an aibreáin 1941. I gcodarsnacht, bhí na Gearmánaigh ag ullmhú ionsaithe ar an APSS, ag bailliú a bhforsa agus á lonnú iad ar theorainn an APSS.

Ghlac Hitler an chreidiúint gurb é dóchas na Breataine go dtagfadh na Stáit Aontaithe agus an APSS isteach sa chogadh níos déanaí chun tacú leo an chúis nár ghéill an Bhreatain dóibh. Dá réir sin, chinn Hitler go ndéanfadh an Ghearmáin a gcaidreamh leis an APSS a fheabhsú, nó sa chás go teipfeadh air sin, go n-ionsóidís an tír agus iad a scriosadh mar bhagairt.I mhí na Samhana 1940, cuireadh idirbheartaíocht ar siúl idir an Ghearmáin agus an APSS le faigh amach dá mbeadh fonn ar an APSS páirt a ghlacadh sa chomhaontú trípháirteach. Thaispeáin an APSS suim ach d'iarr siad ar an nGearmáin géilleadh talún a dhéanamh leis an bhFionnlann, Bulgéir agus an Túirc agus chinn an tSeapáin & an Ghearmáin go mba éileamh doghlactha a bhí ann. Ar an 18 Nollaig 1940, d'eisigh Hitler treorach maidir le ullmhúcháin a dhéanamh le haghaidh ionsaithe ar an APSS.

Ba é Oibríocht Barbarossa an códfhocal a dtugtar ar ionsaí na Gearmáine in éanacht lena gcomhghuaillithe Rómánach & Iodáileach ar an Aontas Sóivéadach, obráid a thosaigh ar an 22 Meitheamh 1941. Sula bhfad ina dhiaidh sin, ghlac an Fhionlann & an Ungéir páirt san obráid. B'iad an fearann Baltaic, an Moscó agus an Ucráin na príomhspriocanna a raibh ag an obráid, leis an gcuspóir dhéireadh ná an feactas ionsaithe a chur i gcríoch faoin am a shroicfeadh an t-arm líne Arkhangelsk-Astrakan, suite idir an mhuir Chaspían agus an mhuir bhán. B'é cuspóir Hitler ná an APSS a dhíothú mar chumacht mílteata domhanda, an cumannachas a dhíothú, Lebensraum ("Áit chonaithe") a chruthú trí ruaig a chur ar an daonra dúchas ón talamh faoi fhorghabháil agus deimhnigh go mbeadh rochtain ag an nGearmáin ar acmhainní straitéiseach, riachtanach chun cuid eile dá namhaid na Gearmáine a sharú. Ach ghlac Hitler an iomarca air féin nuair a d’ionsaigh sé APSS agus a arm ag troid san Iarthar go fóill.

An Cogadh ag Dul chun Domhandais: 1941/1942—an tAigéan Ciúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Aerfhórsa na Seapáine ionsaí ar Pearl Harbour i Haváí ar an 7 Nollaig 1941.[6] Ar 8 Nollaig, d'fhógair na Stáit Aontaithe cogadh ar an tSeapáin[7] agus cogadh ar an nGearmáin agus an Iodáil ar 11 Nolliaig.[8]

Ar an 19 Eanáir 1942, d'ionsaíodh Maenmar. Ach ghlac an tSeapáin an iomarca air féin nuair a d’ionsaigh arm na himpireachta  Burma (mar a thugtar uirthi fadó), agus a arm ag troid san Aigéan Ciúin go fóill.

An Leamhsháinn: 1942[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Cath Stalingrad ar an 23 Lúnasa 1942. Ba é Cath Stalingrad an cath ba mhó sa cogadh. Meastar gur chiall timpeall 2 milliún duine sa chath.

An Taoide á Casadh: 1943[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thit Beirlín leis an Arm Dearg ar an 2 Bealtaine sa bhliain 1945. Sa ghrianghraf seo, tá na saighdiúirí Sóivéadacha ag cur a mbrataigh ar an gcrann os cionn an Reichstag, agus casúr agus corrán an Chumannachais le feiceáil air.

D’fhéadfadh Meiriceá méideanna móra d’ábhair chogaidh a tháirgeadh do na Comhghuaillithe mar thoradh ar a shaibhreas agus ar a thionsclaíocht. Níorbh fhéidir leis an nGearmáin bheith in ann ag neart míleata comhcheangailte na gComhghuaillithe.[9]

Is eiseamláir mhaith é monarcha Willow Run i Michigan mar léiriú ar neart táirgeachta Meiriceá, áit ina tháirgeadh eitleán trodaí gach 7 nóiméad.

Ag Druidim chun Deiridh: 1944[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis bua na Rúise i gCath Kursk, bhí an lámh in uachtar aici ó thaobh líon na bhfeithiclí trodaí de (go háirithe na tainc) a buí lena dtaisce ola i ndeisceart na Rúise agus lena líon mór monarcha lonnaithe as an mbealach ón gcoimhlint. Ba mhinic na ruathar aera a chur na comhghuaillithe ar mhonarcha Gearmáinis chun a cumas táirgeachta a lagú. Dá bharr, ní raibh an Ghearmáin in ann oll-ionsaí ar bith a dhéanamh in éadan na gcomhghuaillithe tar éis cath Kursk.

Ar an 6 Meitheamh 1945, rinne na comhghuaillithe ionsaí ar an Normainn ar chósta na Fraince.

An Deireadh: 1945[cuir in eagar | athraigh foinse]

An cogadh ag druidim chun deiridh, reáchtáladh an Chomhdháil Yalta, cruinniú mullaigh idir chinn rialtais na Stát Aontaithe, na Ríochta Aontaithe agus na Rúise 4–11 Feabhra.

D'ionsaigh arm na Rúise Beirlín (ó 16 Aibreán ar aghaidh) tar éis conartha a dhéanamh leis a gcomhghuaillithe go ngabhfaidís an phríomhchathair agus í a scaoilt i limistéar eatarthu féin.

Ar an 8 Bealtaine, naoi lá ina dhiaidh báis Hitler, ghéill an Ghearmáin.

Comhdháil Potsdam a thugtar ar chruinniú mullaigh idir cinn rialtais na Stát Aontaithe, na Ríochta Aontaithe agus na Rúise (" an Triúr Mór") a bhí ar siúl ó 17 Iúil2 Lúnasa 1945.

Néal muisiriúnach an bhuama adamhaigh os cionn Nagasaki. Chaith na Meiriceánaigh dhá bhuama adamhacha ar an tSeapáin i ndeireadh an chogaidh, an dara ceann acu ar Nagasaki ar an 9 Lúnasa, 1945. Íorónta go leor, ba é Nagasaki an áit ba bháúla leis an Iarthar ar fud na Seapáine, ós rud é go raibh go leor Seapánaigh Chríostaí ag lorg tearmainn ansin.

D'ionsaíodh Hiroshima ar an 6 Lúnasa agus Nagasaki ar an 9 Lúnasa.

Ghéill an tSeapáin ar an 15 Lúnasa 1945. Chuir sé sin deireadh leis an gcogaíocht.

Ar an 2 Meán Fómhair 1945, shínigh an tSeapáin géilleadh gan chomha ar bord na loinge USS Missouri ag cur deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda.

Na hÍobartaigh, na Sibhialtaigh, agus na Gníomhartha Uafáis[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Cogadh in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ré na Práinne (nó "An Éigeandáil", uaireanta, mar lomaistriúchán ar an téarma Béarla Emergency) a thugtar ar bhlianta an Dara Cogadh Domhanda in Éirinn (1940-1945). Bhí Tuaisceart na hÉireann ag glacadh páirte sa chogadh ar nós na Ríochta Aontaithe go léir, ach d'fhan an chuid eile den oileán, an Saorstát taobh amuigh den chogadh. Bhítí, fiú, ag seachaint an chogaidh mar ábhar plé sna nuachtáin agus sna meáin eile.

D'úsáid an rialtas "An tAcht Cumhachtaí Práinne, 1939" chun na meáin a smachtú. Freisin thug sé seo cumhachtaí breise chun déileáil leis an IRA, ar eagla go dtapódh an eagraíocht sin an deis chun ionsaí a dhéanamh ar an stát.[10]

Príomhalt: Ré na Práinne

Tar éis an Chogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghabh na comhghuaillithe Naitsithe áirithe, mar shampla Rudolf Hess agus Hermann Göring. Cuireadh ar thriail iad. Tugtar an t-ainm na ː"Trialacha Nuremberg" ar na trialacha seo.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Don’t forget how the Soviet Union saved the world from Hitler" (en). The Independent (2016-05-09). Dáta rochtana: 2020-05-09.
  2. "World War II casualties" (as en) (2020-05-09). Wikipedia. 
  3. .St Marys (Mí na Samhna, 2007). "An Ghearmain Naitsioch". Dáta rochtana: 4 Lúnasa 2018.
  4. Diarmaid Ua Bruadair, St Mary's. "An Ghearmain Naitsioch" 50. Dáta rochtana: 2019.
  5. "An Dara Cogadh Domhanda" (en). prezi.com. Dáta rochtana: 2019-01-26.
  6. forasnagaeilge.ie. "Croineolaíocht". Dáta rochtana: 2021.
  7. "The Declaration of War Against Japan | US House of Representatives: History, Art & Archives" (en). history.house.gov. Dáta rochtana: 2021-12-07.
  8. "Declaration of War on Germany, December 11, 1941" (en). U.S. Capitol Visitor Center. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-12-07. Dáta rochtana: 2021-12-07.
  9. "examinations.ie" (2014). Dáta rochtana: 2019.[nasc briste go buan]
  10. eISB (1939 Acht 28). "electronic Irish Statute Book" (ga). www.irishstatutebook.ie. Dáta rochtana: 2021-12-07.