Alexander von Humboldt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Alexander von Humboldt
Alexander von Humboldt signature.svg

Nádúraí is geografaí a rugadh i mBeirlín ab ea Friedrich Wilhelm Heinrich Alexander von Humboldt (14 Meán Fómhair 17696 Bealtaine 1859). Ina phríomhshaothar Kosmos (Cosmas, 1845-1862, 5 imleabhar) rinne sé iarracht pictiúr fisiciúil cuimsitheach den Chruinne a tharraingt. Bhí dúil mhór aige sa taisteal agus sna blianta 1799–1804 rinne sé turas an Domhain Úir, Meiriceá Laidneach sa chuid ba mhó, in éineacht le Aimé Bonpland, eolaí ón bhFrainc. Ainmníodh sruth aigéin gar do chósta thiar Mheiriceá Theas as.