Tíreolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cairt fhisiceach an Domhain

Go ginearálta, ciallaíonn an tíreolaíocht nó an gheografaíocht (ón tSean-Ghréigis γεωγραφία - geographia - "tuairisc a scríobh ar an domhan") an staidéar eolaíoch a dhéantar ar an Domhan agus a chuid tailte, tírdhreach, áitritheoirí agus feiniméan. Ba é an Gréagach Éarastaitéanas (276-194 R.C.) a chum an focal geografaíocht. Ó thaobh na staire de tá ceithre réimsí taighde i gceist sa gheografaíocht: spásanailís ar fheiniméin nádúrtha agus dhaonna (staidéar ar an dáileadh), staidéar ar cheantair (áiteanna agus réigiúin), staidéir ar ghaolmhaireachtaí saorga, agus taighde ar na domhaneolaíochtaí.

Inniu is eolaíocht shóisialta í an tíreolaíocht, agus í ag scrúdú an spáis shóisialta de réir éagsúlacht fhisiceach agus dhaonna an domhain. Mar sin féin, is araíonacht ilchuimsithe í geografaíocht na linne seo agus tuiscint ar an domhan agus a gcoimpléasc go léir mar bhunús léi. Déanann an gheografaíocht nasc idir na heolaíochtaí daonna agus fisiceacha, agus í roinnte ina dhá leath - geografaíocht dhaonna agus geografaíocht fhisiceach.

An tÁbhar[athraigh | edit source]

Is fada na tíreolaithe, agus iad ag scrúdú an domhain, ag cur ceithre mhórcheist chun go bhféadfaidís cuntas a thabhairt agus anailís a dhéanamh:

  1. Cé? Cumann daoine agus pobail a gcuid spáis lena nósanna maireachtála agus iompair. Seo tíreolaíocht na gclúideacha cultúrtha, í ag iarraidh sonraí a léiriú.
  2. Céard? An chaoi a dtéann daoine i bhfeidhm ar an saol i gcúrsaí geilleagair, sóisialta nó timpeallachta, maidir leis na forais, an taighde, na seifteanna, an malartú nó saothrú na n-acmhainní nádúrtha.
  3. Cá háit? An áit a ndéantar na rudaí úd; i gcoitinne, an chúis atá leis an ngníomhú áitiúil.
  4. Cén uair? An tréimhse stairiúil ina gcumann daoine nó pobail na saghsanna difriúla spáis, ag cur leis na cinn a bhí ann cheana nó á gcur siúd i gcontúirt. Tarraingíonn an cheist sin aird ar an dóigh a dtugtar tús áite don stair ar an tíreolaíocht, rud a fhágann nach mbíonn inti siúd ach cúlra.

Ó thús na fichiú haoise tháinig athrú mór ar an scéal, sa mhéid nach í an tíreolaíocht féin ach an eolaíocht a dhéanann staidéar ar mhiosúr an spáis shóisialta. Chun dul amach ar an bhfeidhm a bhaineann pobail as an spás lena eagrú agus lena leagan amach, cuirtear buncheist thíreolaíocht an lae inniu: “An bhfuil an t-achar ann?” Má tá (maidir le poist, le tithíocht, le turasóireacht, le hacmhainní nádúrtha agus msd), baineann an tíreolaíocht leis an scéal, agus is cóir é sin a scrúdú i bhfianaise na bhfórsaí móra a théann i gcion ar an bpobal: an duine aonair, na sochaithe féin, na cumhachtaí, an teicníc, an Nádúr.

Cuireann an léarscáilíocht ar ár gcumas an spás a scrúdú, agus a mhíniú cén fáth a bhfuil rud áirithe le fáil anseo seachas ansiúd. Ligeann an tíreolaíocht dúinn a dhéanamh amach cé na cúiseanna atá leis, idir nádúrtha agus dhaonna, agus cén toradh atá ar na difríochtaí.

Saghsanna Tíreolaíochta[athraigh | edit source]

Ní furasta brainsí difriúla na tíreolaíochta a léiriú, ós iomaí difríocht atá ann de réir na tíre agus na ré, gan trácht ar na díospóireachtaí eipistéimeolaíocha. Is féidir, áfach, iad a leagan amach mar a leanas:

An tíreolaíocht fhisiciúil:[athraigh | edit source]
An tíreolaíocht dhaonna:[athraigh | edit source]
  • Tíreolaíocht chultúrtha
  • Tíreolaíocht eacnamaíoch
  • Tíreolaíocht pholaitiúil agus geopholaitíocht
  • Tíreolaíocht thuaithe
  • Tíreolaíocht shóisialta
  • Tíreolaíocht uirbeach
An tíreolaíocht réigiúnach:[athraigh | edit source]

An tíreolaíocht réigiúnach, agus dianscrúdú á dhéanamh aici ar chomharthaí sóirt an réigiúin.

Ó na seachtóidí i leith, tá borradh ag teacht faoin méid brainsí nua idirdhisciplíneacha (a bhaineann leas as an eacnamaíocht, an matamaitic, an ríomheolaíocht agus as na heolaíochtaí polaitiúla agus socheolaíocha), de réir thíreolaíochtaí na Lochlainne, na Fraince, Mheiriceá Thuaidh agus na Breataine. Tá tábhacht ar leith leis na disciplíní a leanas:

  • An gheopholaitíocht
Tá claonadh aici seo chun anailís a dhéanamh ar iarsmaí an domhandaithe agus ar shaothrú na n-acmhainní nádúrtha.
  • An eacnamaíocht spásúil
Déanann seo staidéar ar cheisteanna eacnamaíocha áitiúla agus ar an mbaint atá ag an domhandú agus ag cúrsaí áitiúla le chéile.
  • An gheoríomheolaíocht
Úsáidtear an ríomheolaíocht chun limistéar a anailísiú.
  • An anailís spásúil
Úsáidtear a lán uirlisí agus smaointe chun struchtúir spásúla a mhionsamhlú agus miosúr sóisialta an tsaoil a anailísiú.
  • An tíreolaíocht chineálach (la géographie du genre)
Brainse a tháinig chun cinn sa Fhrainc tar éis na nóchaidí agus rian an iarnua-aoiseachais air. É de chuspóir aige aird a thabhairt ar mhionghrúpaí sóisialta agus ciníocha.

I gcúrsaí tíreolaíochta ní foláir aird a choinneáil ar an scála; déanann an tíreolaí staidéar ar an domhan go léir nó ar chuid de – tíreolaíocht ghinearálta nó tíreolaíocht réigiúnach.

Stair na Tíreolaíochta[athraigh | edit source]

An Seanreacht[athraigh | edit source]

Is iad na Gréagaigh ba thúisce a rinne staidéar ar an tíreolaíocht, go bhfios dúinn, rud a rinne siad mar eolaíocht agus mar fhealsúnacht. Tailéas, Héireodatas, Éireatoistéanas (údar an chéad léarscáil is eol dúinn – meastachán ar imlíne an domhain), Hioparcas, Aireastotas, Tolamaes – daoine a chuir go mór le heolas an disciplín. Rinne na Rómhánaigh réigiúin nua a léarscáiliú agus iad ag cumadh modhanna nua chuige.

Chum na chéad “tíreolaithe” seo ceithre bhrainse den tíreolaíocht a mhair go dtí an Athbheochan:

  • Na mór-ranna a aimsiú agus a thaiscéaladh
  • An domhan a thomhas
  • A fháil amach cá raibh an domhan suite i measc na réaltaí
  • An domhan a léarscáiliú

An Mheánaois[athraigh | edit source]

Thosaigh an “Mheánaois” tar éis mheath na hImpireachta Rómhánaí sa 6ú haois, agus san Iarthar cailleadh spéis sa tíreolaíocht. San Ard-Mheánaois ní raibh inti ach ábhar suarach de chuid an oideachais – sin é, de chuid na saorealaíon. Bhí an réalteolaíocht le fáil sa quadrivium ach ní raibh an tíreolaíocht ann.

D’ainneoin a ndearna Iseadór Sheiville chun roinnt éigin eolais a chaomhnú, is teoranta an léiriú a bhí le fáil ar an domhan: é ina dhroim cothrom, na mór-ranna taobh istigh de chiorcal agus iad timpeall T a bhí claonta i leith na láimhe deise, an Eoraip os cionn an bharra chothroim, an Afraic thíos agus an Áise ar thaobh na láimhe deise. (Ní raibh eolas ar Mheiriceá ná ar an Aigéine.) Sheas an barra cothrom don Mheánmhuir agus sheas an barra iongarach don Danóib agus don Níl, iad ceangailte le chéile mar dhea, an Áise ar an taobh thoir díobh, an Eoraip agus an Afraic ar an taobh thiar. I lár na croise, áit a ndeachaigh an dá bharra trasna ar a chéile, bhí Iarúsailéim, cathair naofa agus lárphointe an domhain.

Mar sin féin, bhí eolas tíreolaíoch agus eolaíoch de chuid an tSeanreachta bailithe i lárionaid intleachtúla na sibhialtachta Araib-Mhoslamaí. Ó thaobh na tíreolaíochta de ba é an cultúr sin ab fhearr a bhí in ann an t-eolas a bhailiú agus é cóngarach do shibhialtachtaí na Gréige, na Measpatáime, na hIndia agus na hÉigipte. Agus ba mhó an gá a bhí ag an bpaidreoireacht Mhoslamach le heolas tíreolaíoch (cúig phaidir sa lá agus d’aghaidh ar Mheice) ná mar a bhí ag an Iarthar. Rinne na tíreolaithe Arabacha, leithéidí Idrisi (ar tháinig an chéad tíreolaíocht mhór den Iarthar óna lámh timpeall 1150), Ibn Battuta (1304-1370) agus Ibn Khaldun, an oidhreacht Ghréagach-Rómhánach.

San Iarthar bhí a raibh ar eolas sna cúrsaí seo sa bhliain 1250 le fáil i gciclipéid (speculum naturale) Uinseann de Beauvais. San aois chéanna chuaigh misinéirí Proinsiasacha chun na hÁise; bhí Jean de Plan Carpin sa Mhongóil (1245-1247), agus bhí Guillaume de Rubrouck ann freisin (1253-57). Scríobh seisean cuntas Laidine ar a thuras a bhí lán d’fhaisnéis faoi chúrsaí tíreolaíochta, staire agus eitneolaíochta san impireacht Mhongólach. Cuireann staraithe éigin amhras sa chuntas cáiliúil ar an Áise (idir 1271 agus 1295) a chuirtear i leith Mharcó Póló.

Beirt Phroinsiasach eile a thug a n-aghaidh ar an Áise:

Mhéadaigh go mór ar an tsuim a bhí ag muintire Iarthar Eorpa sa tíreolaíocht, rud a chuir léarscáileanna nua á ndéanamh. Sa bhliain 1410 scríobh an Cairdinéal Pierre d’Ailly Imago Mundi, leabhar a cuireadh i gcló sa bhliain 1478, agus cóip de ag Críostóir Colambas féin.

An Athbheochan[athraigh | edit source]

Sa 15ú haois agus sa 16ú haois is mó go mór a t-eolas a fuarthas ar an domhan de bharr an taiscéaladh mara, agus cuntas cúramach á thabhairt ar ar aimsíodh i gcúrsaí réalteolaíochta agus tíreolaíochta. Is fiú tagairt ar leith a dhéanamh do na turais seo: Vasco da Gama (an Afraic agus an India), Críostóir Colambas (Meiriceá Lárnach agus Muir Chairib), Magellan (Meiriceá Theas agus an tAigéan Ciúin), Jacques Cartier (Ceanada 1534).

Ní nach ionadh, lean an léarscáilíocht uirthi ag dul chun cinn de bharr a raibh d’eolas úr ann ón taiscéaladh, agus de bharr na modhanna nua agus an bhunúis nua theoiriciúil (fortheilgean Mhercator sa 16ú haois). Tháinig léarscáileanna nua den domhan amach, dála na gceann a rinne Gerardus Mercator agus an Geographica Generalis a rinne Bernard Varenius.

Sna blianta 1591 agus 1592 d’fhoilsigh Giovanni Botero sa Róimh na Relazioni Universali i dtrí imleabhar, rud a cuir tús le staitistic an Stáit: tíreolaíocht nua a d’fhreastail ar lucht riaracháin.

Ón 18ú haois go dtí an 20ú haois[athraigh | edit source]

San 18ú haois rinneadh James Cook agus La Perouse taiscéaladh san Aigéan Ciúin. Bhí disciplín eolaíoch á dhéanamh den tíreolaíocht, ach níor tosaíodh á múineadh sna scoileanna go dtí an 19ú haois, tréimhse mhór na choilíneachais agus an náisiúnachais. Sampla cáiliúil is ea an téacsleabhar Francach a úsáideadh sna bunscoileanna : Le Tour de France par deux enfants.

Níorbh fhurasta, mar sin féin, an tíreolaíocht a chur i bhfeidhm mar dhisciplín ar leith sa réimse eolaíoch. Rinneadh a lán iarrachtaí difriúla ar an gceangal atá idir an duine agus an dúlra a thaispeáint, agus cuid acu níos éifeachtaí ná a chéile:

  • An cinnteachas, dearcadh a luaitear leis an tíreolaí Gearmánach Carl Ritter. Deir an cinnteachas go dtagann iarsma sóisialta ó chúis nádúrtha.
  • An t-imshaolachas, dearcadh a shaothraigh an tíreolaí Gearmánach Friedrich Ratzel. Fáisctear gach neach beo as timpeallacht áirithe.
  • An féidearthachas, teoiric a bheartaigh Vidal de la Blanche, agus é ag iarraidh déine an dá dhearcadh thuas a mhaolú. Is féidir linn tairbhe nó a mhalairt a bhaint as a bhfuil inár dtimpeall. La nature propose, l'homme dispose.

Tagairtí[athraigh | edit source]

Leabhair Fhraincise[athraigh | edit source]

Stair

  • Claval, Paul, Histoire de la géographie, Paris, PUF, Que-sais-je?
  • Claval, Paul, Histoire de la Géographie française de 1870 à nos jours, Paris, Fernand Nathan, 1998.
  • Singaravélou, Pierre (eag.), L'Empire des géographes. Géographie, exploration et colonisation (XIXe-XXe s.), Paris, Belin, 2008.

Eipistéimeolaíocht

Leabhair Bhéarla[athraigh | edit source]

  • Goodman, Lenn Evan (1992), Avicenna, Routledge.
  • Sullivan, Dan (2000). Mapmaking and its History. Rutgers University.
  • Rashed, Roshdi, ed., Encyclopedia of the History of Arabic Science, Routledge, London and New York.
  • Scheppler, Bill (2006), Al-Biruni: Master Astronomer and Muslim Scholar of the Eleventh Century, The Rosen Publishing Group.

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]