Wilhelm von Humboldt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Von Humboldt

Taidhleoir, státaire, fealsamh agus teangeolaí Gearmánach (Prúiseach) a bhí i Friedrich Wilhelm Christian Karl Ferdinand Freiherr von Humboldt (rugadh i bPotsdam é ar an 22 Meitheamh 1767 agus d'éag sé i dTegel, ar cuid de Bheirlín é inniu, ar an 8 Aibreán 1835). Eisean a bhunaigh Ollscoil Humboldt i mBeirlín. Bhí sé cairdiúil le scríbhneoirí móra Gearmáinise a linne, Johann Wolfgang von Goethe agus Friedrich Schiller. Coinnítear cuimhne ar a obair theangeolaíochta ach go háirithe, ach thairis sin, rinne sé éacht mór mar oideachasóir, nó ba eisean a cheap is a d'fhorbair córas oideachais na Prúise a bhí ina réamhshampla don chóras oideachais ina lán tíortha eile, ó na Stáit Aontaithe go dtí an tSeapáin. Bhí a dheartháir Alexander von Humboldt ar scoláirí móra a linne freisin.