An Aithin
| An Aithin Αθήνα |
|
Acrapail nó cathair ard na hAithine |
|
|---|---|
|
|
| Rialtas | |
| Tír: | |
| Réigiún: | Ataice |
| Méara: | Nikitas Kaklamanis |
| Déimeagrafaic | |
| Achar: | 38.964 km² |
| Daonra: | 745,514 (2001) |
| Dlús daonra: | 19,133/km² |
| Airde: | 70 - 338 m |
| www.cityofathens.gr | |
Is í an Aithin, nó an Ataen (Gréigis: Αθήνα, Athína), príomhchathair na Gréige agus príomhbhaile réigiún na hAtaice. Baineann an ainm leis an mbandia Ataene, cosantóir na cathrach. Tá fréamhacha an daonlathais le fáil sa chathair seo ó Ré Órga na Sean-Gréige.
Tá 4.5 milliún duine ina gcónaí sa chathair faoi láthair, níos mó ná an tríú cuid de dhaonra na Gréige. Bhí na chéad Cluichí Oilimpeacha nua-aimseartha ar siúl sa chathair sa bhliain 1896 agus iad ar siúl ann den dara huair sa bhliain 2004.
Clár ábhair |
Stair [athraigh]
Téann stair na cathrach siar go dtí an Chlochaois.[1] Bhí an Aithin ar na cathairstáit ba chumhachtaí i gcaitheamh Ré Órga na Sean-Gréige, idir na blianta 500 is 336 RCh. Ba í an Acrapail nó dún ard áit mhór na ndeasghnáth. Ba é an Partanón, teampall Ataene, an t-áras ba mhó sa chathairstát, agus dealbh Ataene a bhí timpeall ar 10 méadar ar airde in aice leis. Ba é Peiricléas ceannaire na hAithine nuair a bhí an chathair i mbuaic a réime.
Ainm [athraigh]
Meastar go bhfuil baint idir ainm na cathrach agus an bandia Aitéiné. An Àithne a deirtear i nGaeilge na hAlban, agus Yn Atheen i nGaeilge Mhanann.
Tagairtí [athraigh]
Naisc [athraigh]
- Athens city - City of Athens official visitors' website
- [1] - Suíomh oifigiúil
- eie.gr - Archaeology of the City of Athens
- kronoskaf.com - Simulation of Athens in 421 BC
- Zoomable Athens Panorama
