Sócraitéas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Busta Shócraitéas

Fealsamh de chuid na seanGhréige is ea Sócraitéas (Σωκράτης Sōkrátēs). Deirtear gurb as a fáisceadh fealsúnacht an Iarthair agus go bhfuil sé ar chumadóirí na fealsúnachta morálta. Níor fhág sé aon rud scríofa ina dhiaidh; go hindíreach a tháinig a fhealsúnacht anuas chugainn (go háirithe trínar scríobh Platón).

Beatha Shócraitéas[athraigh | edit source]

Rugadh é sa bhliain 470 BC; dealbhóir ba ea a athair agus bean feasa ba ea a mháthair, agus níl aon amhras ná go bhfuair sé an gnáthoideachas. Ach lean sé den fhoghlaim ar feadh a shaoil, cé go mbíodh iarracht den íoróin ar a chuid cainte agus é á rá go mbíodh sé ina dheisceabal ag máistir éigin. Ní raibh gustal aige riamh. É maol, gránna, meabhrach, racht air uaireanta ach é de chumas aige daoine a mhealladh.

Thosaigh sé ag teagasc timpeall na bliana 435, sa tsráid, sna hárais ghleacaíochta, sna siopaí beaga, go fánach. É ag iarraidh daoine a dhéanamh níos críonna trí thabhairt orthu a n-aineolas féin a thuiscint : “Tá a fhios agam nach eol dom faic”. Ba é Apaill, dar leis, a chuir iachall air a bheith ina fhealsamh, á iniúchadh féin agus ag iniúchadh daoine eile. Eisean an t-aon fhíorshaoránach amháin, dar leis – an t-aon duine amháin a cheistíodh é féin i ngeall ar an bpolaitíocht. Níor stad sé den cheistiú riamh.

Bhí sé ina shaighdiúir uaireanta, é ag troid go cróga i roinnt cathanna. Phós sé (dhá uair, b’fhéidir) agus bhí clann air. É páirteach i gcúrsaí polaitíochta. Chuaigh Platón leis ina fhear páirte timpeall na bliana 407, agus bhunaigh a lucht leanúna roinnt scoileanna fealsúnacha.

Faoi dheireadh chuir a naimhde trí choir ina leith: cuma úr a chur ar na déithe, déithe nua a chumadh (chreid sé i sprid chaomhnaithe a stiúradh é), agus an t-aos óg a chur ar seachrán. Cuireadh cúirt air agus ciontaíodh é; bhí an bás nó pionós éigin nárbh é ar a rogha aige, agus dúirt mo dhuine gur rogha leis pingin a íoc! Tháinig fearg ar na breithiúna agus daoradh chun báis le nimh é. Bhí faill aige le héalú ach dúirt sé gurbh fhearr leis géilleadh don dlí, agus lean sé air ag cur cúrsaí trí chéile go fuarchúiseach go dtí an lá deireanach (399). Rinne sé laoch den mhachnóir – an duine atá sásta bás a fháil ar son a chuid barúlacha.

Teagasc Shócraitéas[athraigh | edit source]

Is iomaí míniú is féidir a dhéanamh ar theagasc Shócraitéas; “Téigh amach ort féin,” a deireadh sé, abairt nach mór a shoiléiriú. Tá an fhianaise is luaithe le fáil ina lán foinsí – dráma le hAireastofáinéas (Na Scamaill), rudaí eile a scríobh a lucht leanúna, agus a bhfuil fanta de na téacsanna a scríobh a naimhde. Má scagtar an fhianaise go léir, dealraíonn sé nach mór an tsuim a bhí aige (ná ag a lán eile lena linn) i gcúrsaí fisice: deir sé gur bheag an mhaith iad na teoiricí a bhaineann leis an aontacht agus leis an iolrachas, leis an suaimhneas agus leis an nginiúint. Deir foinse amháin go ndearna Socraitéas dhá aicme den saol: rudaí daonna (an chráifeacht, an áilleacht, an chóir, cúrsaí polaitíochta agus eile) agus rudaí diaga (dála chruthú an domhain). Tríd an réasún a thuigimid an chéad aicme, ach is iad na déithe amháin a thuigeann an dara ceann. Léiríonn seo cé chomh diaganta is atá machnamh Shocraitéas; cuireann na lianna ord diaga an eolais droim ar ais, rud a thugann an éagráifeacht leis.

Is fearr le Sócraitéas an chuspóireacht ná an bun fisiceach a thugann na réamhShócraitéasaigh le feiminéin nádúrtha agus mhorálta; tá cúis stiúrtha ann. Ach níl doicheall air roimh an eolaíocht inti féin; fiafraíonn sé de na fisiceolithe a bhfuil a ndóthain eolais acu ar rudaí daonna chun go mbraithfidís gur ceart dóibh an t-ord diaga a chur le bun.

Sócraitéas agus na Sofaistí[athraigh | edit source]

Ní dhiúltaíonn Sócraitéas don Sofaisteachas go léir; measann sé gur ealaín ríoga atá ann, ach déanann sé idirdhealú idir na meáin agus an aidhm. Tá sé de chuspóir ag an Sofaisteachas é a chur ar chumas daoine deis a labhartha agus a ngníomhaithe a bheith acu, iad a bheith in ann gnó poiblí agus gnó baile a stiúradh. Ba mhaith le Sócraitéas an cuspóir; bhí sé ar aon aigne leis na Sofaistí agus iad á rá nach cóir do dhaoine bacadh le haon ghnóthaí ach amháin na cinn a bhain leo – gnóthaí daonna agus cultúir. Is é an dearcadh a bhí ag na Sofaistí i leith an oideachais gurbh éigean na acmhainní uilíocha a shaothrú. Os a choinne sin, áfach, ní dhearna Socraitéas an duine a uaisliú toisc nach raibh na déithe ann; a mhalairt ar fad, is é an srian a chuirtear leis an duine de bharr na diagachta a thugann air a chuid acmhainní a shaothrú ina limistéar féin.

Maidir le meáin an tSofaisteachais, arbh iad an cleachtadh agus an gnáthchúrsa iad seachas an ealaín, dhiúltaigh sé dóibh. Thriail Sócratéas na meáin sin ar an bprionsabal gurbh é an t-eolas lorg an chumais, agus gurbh é cruthú an eolais tú a bheith in ann an rud ab eol duit a chur in iúl. Dá bhrí sin thug sé faoi na Sofaistí a cheistiú i dtaobh nádúr na córach, na suáilcí agus eile, agus fuair amach nár thug na Sofaistí freagraí fónta agus gur mhinic go mbréagnaídís iad féin. Shíl sé gurbh iad bearnaí teoiriciúla an tSofaisteachais ba chúis leis sin, agus léirigh roinnt deacrachtaí a bhain leis:

  • Ní hí an ealaín a thagann ó chumarsáid lánteicniúil, ach an aithris aineolach a dhéanann lucht páirte;
  • Ní féidir le haon ealaín a bheith ina cuspóir inti féin, mar inti féin ní dhéanann sí an duine níos fearr.
  • Dá bhrí sin, nuair a chleachtar an Sofaisteachas mar theicníc, níl ann ach gnáthchleachtadh a chuireann idir dhea-rudaí agus dhrochrudaí ar fáil;
  • Is é an toradh atá ar an Sofaisteachas, mar sin, gnáthchleachtadh gan eolas teoiriciúil, aineolas, taisme;
  • Ní hamháin gur rud díobhálach é cleachtadh sin na healaíne, ach rud dodhéanta é chomh maith: ní féidir dada a fhoghlaim leis an gcleachtadh amháin, agus is tubaisteach an rian a fhágann sé ar an oideachas agus ar an bpolaitíocht.

Mar fhocail scoir, cuireann an ealaín i gcéill go bhfuil eolaíocht ann. Chuimhnigh na fisiceolaithe, dar le Sócraitéas, ar an eolaíocht gan ábhar; chuimhnigh na Sofaistí ar an ábhar gan eolaíocht. Ba léir, mar sin, go bhféadfadh críonnacht neamhspleách a bheith ann a d’aontódh an ealaín agus an eolaíocht, í in ann daoine a mhúnlú agus fíorshonas a sholáthar. Sin í an chiall atá leis an abairt “Téigh amach ort féin”.

Téigh amach ort féin[athraigh | edit source]

Bás Shócraitéas, le Jacques-Louis David (1787).

I ndáiríre, tá fíorghaois Shócraitéas le fáil sa ráiteas “Ní heol dom faic ach go bhfuilim gan eolas” (Ἓν οἶδα ὅτι οὐδὲν οἶδα). Ach ní gá, mar sin, go gcaithfidh an duine dul amach air féin go háirithe; is ceart dó cuimhneamh air féin mar dhuine ar bith, á shaoradh féin ó bharúlacha nach bhfuil iontu ach bunsmaointe bréagacha; sin an t-aon chomhfhios amháin a oireann dár gcumas tuisceana. Fágann an t-aineolas faoi smacht na dtuairimí sinn; is í an tuiscint a fhuasclaíonn sinn agus a bhronnann an neamhpleáchas orainn.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Féach Socrate ar an Wikipédie (Fraincis).