Platón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Busta Platón, ón tSean-Ghréig

Is athair na fealsúnachta é Platón (Gréigis: Πλάτων) (427 - 347 RCh) a rugadh is a fuair bás san Aithin. Tá a chuid oibre go léir againn. Is é seo an chéad obair fhealsúnachta thábhachtach atá ann. Ba leanúnaí le Sócraitéas é agus máistir Arastotail ina dhiaidh sin. Tá smaointeoireacht Phlatóin ina bunchloch thábhachtach ó thaobh fhorbairt eolais agus bhéascna an Iarthair de. Thart ar 385 RC is ea a bunaíodh an tAcadamh díreach ó thuaidh den Aithin, institiúid a raibh tionchar mór aige.

Cúlra[athraigh | edit source]

B'as cúlra faoi phribhléid san Aithin do Phlatón. Laoch Phlatón ab ea Sócraitéas, a d'imir an-tionchar air. Dhaor an demos Sócraitéas chun báis de bharr moráltacht óige na hAithne a mhilleadh dar leo. An príomhsmaoineamh a bhí ag Sócraitéas ná go raibh a fhios aige nach raibh aon rud ar eolas aige agus go mba chóir gach rud a cheistiú ar an mbonn sin.

An Phoblacht[athraigh | edit source]

Is é An Phoblacht an saothar is mó de chuid Platóin agus tá sé i gcruth agallaimh. Is í samhail na huaimhe, samhail cháiliúil a úsáideadh. Bhaineann an leabhair le cúrsaí fealsúnachta agus polaitíochta agus scríobhadh é timpeall 390 RC.