An Platónachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Mórscoil fhealsúnach de chuid na sean-Ghréige is ea an Platónachas, agus é bunaithe ar theagasc Phlatón (429-347 RCh), fealsamh a mhair san Aithin.

Áitíonn an Platónachas go bhfuil beitheanna ann atá intuigthe iontu féin agus atá neamhspleách ar na céadfaí. Tá leaganacha éagsúla den Phlatónachas ann: na hidéanna i gcoitinne, mar a chuir Platón agus Agaistín síos orthu; na huimhreacha, de réir thuairimí Jamblique de ChalcisAlbert Lautman; an loighiceachas, mar a chuireann Gottlob Frege agus fealsúna eile síos air. Teoiric í, in éineacht leis an ainmneachas (Uilliam ó Ockham) agus leis an gcoincheapachas (Pierre Abélard), a thugann léargas ar an gciall atá leis na coincheapa cognaíocha (idéanna, uimhreacha, ábhar tairiscintiúil).

Fealsúnacht[athraigh | edit source]

Busta Phlatón. Cóip Rómhánach.

Is é bunús an Phlatónachais Teoiric na bhFoirmeacha. Is iad cineálacha foirfe na réaltachta iad na foirmeacha úd, agus níl sna rudaí airithe (oibiachtaí na gcéadfaí) ach cóipeanna fabhtacha. Ní bhíonn stopadh ar bith orthu ach ag athrú, rud a bhacann orthu a bheith ann i ndáiríre. [1] Tig linn na foirmeacha a áireamh de réir na gcoincheap uilíoch is féidir a dhéanamh amach ó oibiachtaí na gcéadfaí.[2]

Deir Leabhar VI de An Phoblacht gurb í Foirm na Maithe an fhoirm is uaisle. Ise is cúis leis na hIdéanna eile, agus tá eolas agus eiseadh gach Foirme eile taobh léi. Ní féidir linn dul amach ar an bhfíoreiseadh ach trí ghníomhú an anama istigh ann féin; sin é le rá, trí úsáid an réasúin.[3] Is í an dialachtaic an uirlis cheart chuige, agus dá bhrí sin is í buaic na n-eolaíochtaí í.[4]

Shamhlaigh na Nua-Phlatónaigh an Mhaith úd leis an Absolóid (an tAon). Tá ceann de na chéad hipitéisí i gComhrá Phairméinídéas bunaithe ar Fhoirm na Maithe. Is í an tSuáilce an t-eolas ceart, agus é ag dul in aitheantas ar an bhfoirm is uaisle den Mhaith. Leis na aitheantas úd a bhaineann na trí chuid den Anam, an réasún, an spiorad agus an tothlú, agus uathu sin a thagann an Eagna, an Misneach agus an Mheasarthacht. Aontaíonn an Chóir na suáilcí eile le chéile, agus gach cuid den Anam ag feidhmiú mar is ceart dá réir.

Chuaigh an Platónachas i bhfeidhm go mór ar smaoineamh an Iarthair. Is minic a mhínítear é mar chuntas ar Chruinne a bhí riamh ann, i gcomórtas leis an traidisiún Giúdach, a deir gur cruthaíodh an Chruinne san aimsir stairiúil. Murab ionann is an tArastotaileachas, deir an Platónachas gur tháinig an Idé roimh an Ábhar, agus samhlaíonn sé an duine leis an anam. Lonnaigh a lán smaointe Platónacha go buan i dtraidisiún na hEaglaise.[5]

Stair an Phlatónachais[athraigh | edit source]

An Platónachas sa seansaol[athraigh | edit source]

Chosain Platón an chéad leagan den Phlatónachas de réir theoiric cháiliúil na n-idéanna. Ní hé gur thug Platón cuntas iomlán ar an teoiric sin riamh, ach is í bunús an chuid is mó dá fhealsúnacht í. Is iad na saothair is tábhachtaí An Phoblacht, Faedón, An Fhleá agus Pairméiníd, in éineacht le roinnt comhráite Sócraiteacha. Chuaigh Platón i muinín an bhéalteagaisc faoi dheireadh, é ag teacht faoi anáil Phíotágaráis agus claonadh aige chun na hIdéanna agus na hUimhreacha a ionannú, rud nach ndearna sé sna saothair ba luaithe aige.

Láithreán Acadamh Phlatón san Aithin.

Ar dtús cuireadh an Platónachas in iúl in agallamh Phlatón féin, agus Sócraitéas, a mháistir, á úsáid ann chun teagasc áirithe a dhéanamh, cé nach cinnte go bhfuil an teagasc sin ag cur le smaoineamh Shócraitéas mar a bhí sé i ndáiríre. Thugadh Platón a chuid léachtaí san Acadamh, limistéar a bhí taobh amuigh de mhúrtha na hAithne agus a raibh garrán naofa ann. Mhair an scoil ar feadh i bhfad, agus trí thréimhse ag baint léi - an Sean-Acadamh, an Meán-Acadamh agus an tAcadamh Nua.

Bhí Spéasaipas, nia Phlatón, a lean é mar cheann na scoile go dtí an bhliain 339 RCh, agus Xéineacraitéas (go dtí an bhliain 312 RCh), ar na daoine ba shuntasaí den Sean-Acadamh. Thug siad iarracht ar thuairimíocht Phíotágaráis faoi na huimhreacha a aontú le teoiric na bhfoirmeacha.

Sa Mheán-Acadamh (a thosaigh timpeall na bliana 226 RCh agus Airceasalás ina cheann air) ní raibh na Foirmeacha tarchéimnitheach ach le fáil san intinn réasúnach. Ba neach beo é an domhan agus a anam féin aige: an Domhan-Anam. Bhí éagsúlacht ag baint le teagasc an Phlatónachais ag an am, agus d'fhág sé a rian ar an bPíotagárásachas agus ar an bhfealsúnacht Ghiúdach (Fíoló Chathair Alasdair). Bhí sé tugtha don sceipteachas, agus ba ghnách lena lucht leanúna an Stóchas a fheannadh toisc gur chreid an dream úd go raibh an fhírinne cinnte agus gurbh fhéidir dul amach uirthi.

Thosaigh an tAcadamh Nua sa bhliain 155 RCh, agus Cairnéidéas ina cheann air. Bhí rian an sceipteachais fós air.

An Nua-Phlatónachas[athraigh | edit source]

Sa tríú haois AD chuir Plotinus an Nua-Phlatónachas ar bun agus blas an mhisteachais air. Ba é an tAon (an Mhaith) buaic an eisidh, agus eisean a ghin gach rud. B'fhéidir leis an anam é féin a aontú leis an Aon trí dhianmhachnamh agus trí na suáilcí. D'fhág an Nua-Phlatónachas lorg domhain ar smaoineamh an Iarthair agus ar an misteachas Críostaí.

Cuireadh an Acadamh ar bun arís sa tréimhse seo, agus mhair sé nó gur dhún an tImpire Iúistínian é sa bhliain 529 AD.

Platónachas na Meánaoiseanna[athraigh | edit source]

Le linn na meánaoiseanna ba mhó a cíoradh an Platónachas, agus é á chosaint go fuinniúil ar an ainmneachas. Tugadh argóint na n-uilíoch ar easaontas an dá scoil, agus é ar an rudaí a chuir tús leis an bhfealsúnacht agus leis an eipistéimeolaíocht mheánaoiseach. Ba iad Guillaume de Champeaux, Amaury de Chartres agus Gilbert de la Porrée mínitheoirí móra an réalachais Phlatónaigh.

Platónachas an lae inniu[athraigh | edit source]

Ba iad na cosantóirí ba thábhachtaí den Phlatónachas sa ré nua-aoiseach Gottlob Frege agus Bertrand Russell, fealsúna anailíteacha a thug le fios go raibh réimse neamhspleách ann mar a bríonna na dtairiscintí loighciúla agus matamaiticiúla le fáil. Rinne Ludwig Wittgenstein an Platónachas sin a lochtú go géar in Tractatus logico-philosophicus agus é ag dul dul i muinín cineál éigin ainmneachais.

  • Dúirt Kurt Gödel go diongbháilte gur Phlatónach é, murab ionann agus a chara Albert Einstein, fear a dúirt gur de lucht Spinoza é.
  • Chuir intleachtóirí Francacha beocht san argóint: cosnaíonn Alain Connes, matamaiticeoir, André Lichnerowicz agus Marcel-Paul Schützenberger an Platónachas[6], agus an lia Roland Omnès amhlaidh leo.[7]
  • Cuireann Roger Penrose, lia agus matamaiticeoir, in iúl gur brí mhatamaiticiúil atá le baint as dlíthe na fisice, agus a lán leabhar scríofa aige i ngeall air.

Ba chóir matamaiticeoirí “réalacha” a thabhairt ar mhatamaiticeoirí a thaobhaíonn leis an bPlatónachas, mar cuireann an mhatamaitic in iúl go bhfuil fírinne ag baint le rudaí matamaiticiúla sa mhéid go bhfuil siad neamhspleách ar intinn an duine, cé nach gá go mbaineann siad ar fad le hidéanna Phlatón.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Oskar Seyffert, (1894), Dictionary of Classical Antiquities, lch 481
  2. ibid.
  3. ibid.
  4. ibid.
  5. Cross, F. L., ed. The Oxford Dictionary of the Christian Church. New York: Oxford University Press. 2005
  6. Triangle de pensée, (Éditions Odile Jacob, 2000)
  7. Alors l'Un devint Deux (Flammarion, 2002)

Nasc Eachtrach[athraigh | edit source]

Féach freisin[athraigh | edit source]