Pierre Abélard
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Diagaí agus fealsamh Francach ab ea Pierre Abélard (1079 - 1142). É ar bhunaitheoirí an Scolaíochais. Chleachtadh sé an t-amhras mar mhodh oibre, ós é an t-amhras a chuireann ag tóraíocht na fírinne sinn. Ba é laoch an Ainmneachais é, cé nár mhol sé Ainmneachas Roscelin. B'fhearr leis riamh an nithiúlacht ná na teibíochtaí. Deir Abélard nach bhfuil sna huilithe ach focail; níl ciall leo ar aon dóigh eile. Má deir tú gur fíorchuid den saol iad na huilithe, is féidir leat a rá go bhfuil an tréith chéanna ag Sócraitéas agus ag an asal – is ainmhithe iad. Ach fágann sin gur rud réasúnach é an t-ainmhí sa mhéid go mbaineann sé leis an duine agus gur rud míréasúnach é sa mhéid go mbaineann sé leis an gcineál asal. Tá contrárthachtaí ag baint leis an rud céanna san iomláine, agus ní féidir é sin.
Ní féidir an t-uilí a shamhlú le cnuasach rudaí, ó nochtann an cnuasach i ndiaidh na rudaí atá ina gcuid de. Ní féidir ach oiread an indibhid a shamhlú leis an iomlán, mar fágann sin gur iomaí Sócraitéas atá ann nó gurb ionann an méid indibhidí atá ann agus an méid uilithe, rud nach luíonn le réasún.
Deir sé gurb éard atá i ngach rud (lasmuigh de Dhia agus na haingil) foirm nó ábhar, nó cumasc foirme agus ábhair: is í foirm na deilbhe a cruth, rud ar cóiriú áirithe ábhair é. Fágann seo nach féidir foirm a dhealú amach ón rud a chuireann in iúl í.