Ludwig Wittgenstein

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ludwig Wittgenstein
Ludwig Wittgenstein 1910 head.png
Wittgenstein sa bhliain 1910
Dáta breithe 26 Aibreán 1889
  Vín, an Ostair-Ungáir
Dáta báis 29 Aibreán 1951
  Cambridge, Sasana
Gairm Fealsamh, múinteoir

Fealsamh Ostarach a bhí i Ludwig Josef Johann Wittgenstein (Rugadh: Vín 26 Aibreán 1889 - D'éag: Cambridge 29 Aibreán 1951) a chuaigh ar imirce go Sasana. Bhí sé ina shaineolaí tábhachtach ar an loighic agus ar fhealsúnacht na teanga. Is iad an dá shaothar is mó le rá leis ná Tractatus logico-philosophicus ("An Tráchtas Loighciúil Fealsúnach") agus Philosophische Untersuchungen ("Fiosruithe Fealsúnacha"). Is iad na posaitíbhigh loighciúla agus lucht leanúna na fealsúnachta anailísí teanga is mó a tharraingíonn ar a shaothar inniu.

Saol[athraigh | edit source]

Ba iad Karl Wittgenstein, fear mór gnó agus tionsclaíochta in Impireacht na hOstaire is na hUngáire, agus a bhean chéile Leopoldine Kalmus tuismitheoirí Ludwig. Bhí an teaghlach as cuimse saibhir, agus saolaíodh seachtar clainne don lánúin roimh Ludwig, a bhí ar an duine ab óige acu go léir. Pianódóir maith a bhí i Leopoldine, agus ba fear ardchultúrtha é an t-athair a thug urraíocht dá lán ealaíontóirí.

Tógadh Ludwig le Caitliceachas, cé go raibh fuil Ghiúdach ann ó thaobh na dtaobhann. Bhí bua na ceoltóireachta is na hintleachtúlachta ag an gclann go léir, ach ón taobh eile de, chuir triúr acu lámh ina mbás féin. Bhí deacrachtaí anama ag Ludwig féin, go háirithe sna blianta tar éis an Chéad Chogadh Domhanda, nuair a bhí lionn dubh agus dúlagar intinne ag luí air.

Rinne sé staidéar ar innealtóireacht i mBeirlín, agus i ndiaidh dó céim a bhaint amach ansin, chuaigh sé go Manchain, Sasana, agus d'fhéach sé le inneall eitleáin de chineál nua a fhorbairt ansin. Sa bhliain 1911, áfach, casadh Gottlob Frege, fealsamh Gearmánach, air i Jena, agus faoi thionchar na teagmhála seo, d'éirigh sé as an innealtóireacht le dúthracht a shaoil a chaitheamh leis an bhfealsúnacht. Chuaigh Wittgenstein go Cambridge le staidéar a dhéanamh ar an bhfealsúnacht faoi cheannas Bertrand Russell. Go gairid ina dhiaidh sin, thosaigh sé ag obair ar an Tractatus logico-philosophicus.

Tháinig an Chéad Chogadh Domhanda aniar aduaidh air, ach mar sin féin, chuaigh sé sna saighdiúirí go toilteanach. Throid sé in Arm Impiriúil na hOstaire, agus é ina oifigeach airtléire. Chruthaigh sé go maith ina shaighdiúir, agus bhain sé amach boinn chalmachta. Ar dtús, bhí sé ag cur catha ar na Rúisigh, agus ina dhiaidh sin, ar na hIodálaigh. Chimigh na hIodálaigh é in aice le Trentino go gairid roimh dheireadh an chogaidh.

Bhí sé ag breacadh síos nótaí le linn an chogaidh, agus cé gur saighdiúir maith a bhí ann, bhí fuath na ndaol aige ar shuarachas an tsaoil mhíleata. Roimh an gcogadh, ní raibh mórán measa aige ar an reiligiún, ach faoi thionchar scríbhinní reiligiúnacha Tolstoy chuaigh sé le creideamh is le cráifeacht, ionas gur thosaigh na saighdiúirí eile "fear an tsoiscéil" a thabhairt air, an dóigh a mbíodh sé ag iompar an Bhíobla leis.

Naisc[athraigh | edit source]