Albert Einstein
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Albert Einstein | |
| Einstein sa bhliain 1947 | |
| Dáta breithe | 14 Márta 1879 |
| Ulm, Impireacht na Gearmáine | |
| Dáta báis | 18 Aibreán 1955 |
| Princeton, New Jersey, SAM | |
| Náisiúntacht | Gearmáin (1879–96, 1914–33) An Eilvéis (1901–55) SAM (1940–55) |
| Réimsí | Fisic |
| Iomráiteach do | Coibhneasacht ghinearálta Coibhneasacht speisialta Brúnghluaisne Teoiric réimsí aontaithe Srl. |
| Duaiseanna | Duais Nobel Bonn Copley Bonn Max Planck Duine an chéid Srl. |
| Síniú |
|
Fisiceoir teoriciúil ab ea é Albert Einstein (14 Márta 1879 - 18 Aibreán 1955). Áirítear ar an eolaí is tábhachtaí san 20ú céad é. D'oibrigh sé amach teoiric na coibhneasachta agus bhí lámh aige i bhforbairt na meicnice candamaí, na meicnice staitistiúla agus na cosmeolaíochta freisin. Bronnadh Duais Nobel san Fhisic air sa bhliain 1921 mar gheall ar an míniú a thug sé ar an iarmhairt fhótaileictreach agus ar a raibh déanta aige leis an bhfisic theoiriciúil a fhorbairt go ginearálta.
Rugadh Einstein in Ulm i réigiún Württemberg sa Ghearmáin sa bhliain 1879. B'iad a thuismitheoirí Hermann Einstein, innealtóir agus díoltóir leapacha, agus PaulineHermann (dioltóir leapacha) agus Pauline Koch. Giúdaigh a bhí iontu, ach mar sin féin, chuir siad an buachaill i mbunscoil Chaitliceach.
Nuair a shealbhaigh na Naitsithe an chumhacht sa Ghearmáin, b'éigean d'Einstein an tír sin a thréigean agus dul ar lorg tearmainn sna Stáit Aontaithe.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.